Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Tabharfaidh iarrthóirí a n-éiríonn leo treoir láidir d’fhoirne, tabharfaidh siad treoir ghinearálta, spreagfaidh siad daoine eile agus tabharfaidh siad tacaíocht maidir le hardfheidhmíocht agus feabhsú leanúnach a chur chun cinn. Ina theannta sin, forbróidh siad caidrimh oibre thairbheacha le comhghleacaithe, leis an lucht ardbhainistíochta agus le páirtithe leasmhara chun soláthar éifeachtach ilréimsiúil a éascú.
Mar chuid den ról, beidh ar AOFanna éilimh chomhsháraitheacha a bhainistiú ar bhealach éifeachtach agus obair a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta i dtimpeallachtaí a bhíonn ag athrú de shíor chun cloí le spriocdhátaí dochta.
Léigh Tuilleadh Faoin Ról Seo
Ardoifigeach Feidhmiúcháin
(Líofacht sa Ghaeilge)
Tá daoine ar féidir leo cothromaíocht a aimsiú idir ceannaireacht oibríochta agus scileanna láidre anailíse, breithiúnas stuama agus tiomantas soiléir do luachanna seirbhíse poiblí ag teastáil i ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) atá Líofa sa Ghaeilge. Tá iarrthóirí atá líofa sa Ghaeilge agus ar féidir leo tabhairt faoi na dualgais ar fad a thugtar dóibh trí Ghaeilge ag teastáil sa ról, ach is féidir nach mbeidh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ag obair trí Ghaeilge go lánaimseartha, ag brath ar an ngnó a dhéanann an roinn fostaithe.
Meánbhainisteoirí a bhfuil taithí acu is ea AOFanna agus bíonn ról lárnach acu maidir le foirne a threorú, soláthar a bhainistiú agus tacú le tosaíochtaí roinne agus trasrialtais. Agus iad ag obair faoi Phríomhoifigeach Cúnta, bíonn ról tábhachtach ag AOFanna maidir le polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm agus maidir le seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann.
Léigh Tuilleadh Faoin Ról Seo