Join Us on Facebook

English | Gaeilge

Fúinn

Bronntaí

Tá bronntaí fiúntacha bainte amach ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí - léiríonn siad tiomantas agus gairmiúlacht na mball foirne.

An Bronnadh 'Excellence through Accessibility'An Bronnadh 'Excellence through Accessibility'

Tá sé mar aidhm ag an bhronnadh Excellence through Accessibility rochtain ar sheirbhísí poiblí ag gach leibhéal in eagraíochtaí atá páirteach a leasú ar bhun leanúnach. Chun sin a bhaint amach spreagann an bronnadh polasaithe, cleachtais agus caidreamh a fhorbairt lena chinntiú gur féidir a bhfuil bainte amach maidir le rochtain inbhuanaithe agus bríoch don chustaiméir.

Aithníonn an scéim bronnta 'Excellence through People', na Rannóga agus na Gníomhaireachtaí faoina gcúram a chuir córas i bhfeidhm chun gur féidir teacht ar sheirbhísí níos éasca. Is mian leis an NDA, tríd an Bronnadh, tacaíocht a thabhairt chun go mbeidh an rochtain is fearr ar fáil do dhaoine a bhfuil míchumas orthu in Éirinn. Bronntar na bronntaí ar fhorais phoiblí fhorásacha a bhaineann ardchaighdeán amach maidir le rochtaineacht i ngnéithe tábhachtach seirbhíse, réimsí ar nós foirgnimh agus áiseanna, foilseacháin, suíomhanna gréasáin, seirbhísí do chustaiméirí, acmhainní daonna agus nósanna imeachta soláthair.

Rinneadh comparáid idir na buaiteoirí agus na heagraíochtaí poiblí ar fad maidir leis na caighdeáin éagsúla faoi gach gné dá seirbhísí. Roghnaíonn bord neamhspleách moltaí faoin chathaoirleach James McClean, Cathaoirleach na nDaoine faoi Mhíchumas in Éirinn, na bronntaí ETA.

Feabhas trí Dhaoine - Creidiúnú PlatanamFeabhas trí Dhaoine - Creidiúnú Platanam

Is é an creidiúnú Excellence Through People an caighdeán náisiúnta in Éirinn do bhainistíocht acmhainní daonna. Tá dhá phríomhsprioc i gceist: fostaithe a fhorbairt chun a gcumas is fearr a bhaint amach chun go gcuirfidh siad an oiread agus is féidir le riachtanais ar leith na heagraíochta agus chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí a bhain an caighdeán seo amach.

Baineann eagraíochta a bhfuil dea-chleachtas i gCórais Acmhainní daonna i bhfeidhm acu an gradam amach, go háirithe i dtaca le hoiliúint agus forbairt na mball foirne, cumarsáid, agus baint a bheith ag baill foirne le cinntí a dhéanamh san eagraíocht.

Chun an measúnú a dhéanamh, rinneadh anailís fhada ar ár gCórais Acmhainní Daonna agus ar agallaimh le baill foirne i ngach grád agus rannóg chun a dtaithí féin ar dheiseanna ar fhorbairt agus ar bheith páirteach san eagraíocht a phlé.

Rinneadh measúnú faoi na critéir seo:

  • Pleanáil Gnó agus Feabhsú Caighdeáin
  • Cumarsáid Éifeachtach agus Páirt Daoine
  • Treoir agus Bainistíocht ar Dhaoine
  • Pleanáil Foghlama agus Forbartha
  • Oiliúint agus Foghlaim ar feadh an tSaoil
  • Athbhreithniú Foghlama
  • Earcaíocht agus Roghnúchán
  • Sláine an Fhostaí

Bhain muid creidiúnú platanam amach, an gradam is airde is féidir a bhaint amach agus tá muid an-sásta gradam dá leithéid a bhaint amach.

Bronntaí
Bronntaí