English | Gaeilge
Tháinig mé isteach sa Bhriogáid Dóiteáin i 1985. Táim lonnaithe sa Cheannáras is Sráid na Teamhrach anois. Bainim taitneamh as gach gné den obair laistigh den Seirbhís Dóiteáin. Tá timpeallacht spreagúil ghairmiúil ann le béim ar obair fhoirne.
Is iad mo phríomhdhualgais laistigh de mo ról reatha ná comhraiceoir dóiteáin, tiománaí dréimire caschláir, teicneoir éigeandála leighis agus oibrí sheomra rialuithe.
Ar na hiliomad nithe a mheall i dtreo na gairme seo mé bhí an deis le scileanna nua a shealbhú. Le déanaí oileadh mar theicneoir mearuisce mé, rud a chumasaíonn mé chun dul isteach san uisce go sábháilte le tarrtháil a dhéanamh le saintrealamh nua. Tá raon fairsing scileanna ag teastáil don phost seo, rud a chiallaíonn go bhfuil an traenáil leanúnach.
Tá rud éigin do gach aon duine sa Seirbhís Dóiteáin. Measaim go bhfuil na gnéithe spóirt agus sóisialta den bpost ar fheabhas. Tá deis ann do pheil, sacar, póló uisce, galf iascach agus rothaíocht.
Tá ionchas maith gairme laistigh den Seirbhís Dóiteáin. Tá an córas struchtúrtha le deis a thabhairt do gach aon duine dul chun cinn a dhéanamh agus todhchaí sásúil a bhaint amach.