Join Us on Facebook

English | Gaeilge

Seirbhísí d'Fhostóirí

Seirbhísí Earcaíochta & Roghnúcháin

D'fhorbair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gcomhar le Gréasán Oifigigh Pearsanra na Státseirbhíse an Uirlis Earcaíochta agus Roghnúcháin agus fuarthas comhairle freisin ó chleachtóirí sinsearacha AD sa Státseirbhís.

Tá sé mar aidhm ag an Uirlis eolas agus treoirlínte praiticiúla faoi gach gné d'earcaíocht, de mheasúnú agus de roghnúchán a thabhairt do bhainisteoirí. Sa tslí seo cinnteofar gur féidir le heagraíochtaí na daoine cearta a earcú agus a roghnú chun freastal ar riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo a n-eagraíochtaí. Tugann an Uirlis comhairle phraiticiúil maidir le córais roghnúcháin atá trédhearcach agus éifeachtach, atá bunaithe ar inniúlacht, a chur i bhfeidhm agus tugtar eolas agus treoir go háirithe maidir le córais agallaimh éifeachtacha a chur i bhfeidhm

Córas ar ardchaighdeán is ea an Uirlis a chuireann an t-eolas ar fad ar fáil go héasca nuair atá sé ag teastáil. Tá sé dírithe ar an Earnáil Phoiblí agus tá a lán samplaí agus comhairle phraiticiúil ann faoi gach gné den earcaíocht agus den fhógraíocht a chur i bhfeidhm, ón chéad staid maidir le próifíl a dhéanamh den phost agus den duine atá ag teastáil, an post a fhógairt, an próiseas iarratais a bhainistiú, gearrliosta a dhéanamh d'iarrthóirí, agallaimh agus teistiméireachtaí a dhéanamh go héifeachtach, scrúduithe leighis agus scrúduithe eile a dhéanamh.

Aithnítear gurab í an Uirlis an tagairt is tábhachtaí i dtaca le dea-chleachtas maidir le hEarcaíocht agus Roghnúchán san Earnáil Phoiblí

Féach ar an Uirlis Earcaíochta agus Roghnúcháin

Bronntaí
Bronntaí