Join Us on Facebook

English | Gaeilge

Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Chruthaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 na cearta nua reachtúla seo do bhaill an phobail -

  • rochtain ar chuntais oifigiúla atá i seilbh na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí;
  • go ndéanfaí ceartú nó nuashonrú ar eolas atá sealbhaithe fút sa chás go bhfuil an t-eolas sin easnamhach, mícheart nó míthreorach;
  • cúiseanna a lorg ar chinnte a dhein na Coimisinéirí agus a bhaineann leat.

Conas a oibríonn SF?

Éilíonn an hAchtanna ar na Coimisinéirí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal do na taifid a shealbhaíonn siad. Faoi théarmaí na nAchtanna tá freagracht tiomnaithe ag na Coimisinéirí do dhaoine indibhidiúla ar leith le scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ar iarratais ar thaifid a scaoileadh amach. Sa chuid is mó de na cásanna ní mór an cinneadh a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ó theacht isteach don iarratas. Tig le hIarrthóirí nach bhfuil sásta leis an gcinneadh maidir lena n-iarratas, achomharc a dhéanamh go ndéanfaí athbhreithniú ar a n-iarratas laistigh de cheithre seachtaine ón gcéad chinneadh. Déanann Oifigeach Achomhairc, le húdarás leis an gcéad chinneadh a athrú nó a fhágháil mar atá, athbhreithniú ar an gcás. Ní mór an t-athbhreithniú seo a chríochnú laistigh de thréimhse de thrí seachtaine. Má tá an tIarrthóir fós míshásta leis an gcinneadh, tá de cheart aige nó aici, achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Eolais, 18 Sráid Líosáin ochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Tabhair faoi deara gur féidir nach mbeidh sé riachtanach iarratas ar eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá roinnt mhaith eolais ar fáil i leabhráin eolais na bpost, trí ábhar ar www.publicjobs.ie, trí aiseolas ó agallaimh agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin bhéil agus scríofa.

Conas is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór do iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir go léireofaí ann an cuntas (na cuntais) atá á lorg faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Tabhair oireadh mionsonraí agus is féidir, le do thoil, chun gur féidir na taifid atá i gceist a aithint go tapaidh. Má tá deacracht agat na taifid áirithe atá uait a aithint, beidh áthas ar fhoireann na hoifige cabhrú leat le do iarratas a ullmhú. Dfhéadfadh sé bheith úsáideach uimhir theagmhála teileafóin a thabhairt chun go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leat dá mbeadh soiléiriú ag teastáil ar na taifid atá á n-iarraidh agat. Tig leat iarratais a chur chuig Karan Nesbitt, Cinnteoir SF, ag an seoladh atá tugtha thíos.

An mbeidh orm íoc as?

Baineann na táillí seo a leanas le hiarratais ar thaifid faoi na hAchtanna SF:

Táillí Iarratais

Eolas Pearsanta (amháin)

  • Níl aon táille má bhaineann d'iarratas le heolas pearsanta amháin, mar atá sainmhínithe sna hAchtanna

Eolas Neamh-Phearsanta

  • Más iarratas ar chuntas ina bhfuil eolas neamhphearsanta atá ann, tá táille iarratais de 15.00 - 10.00 dlite má tá cárta reatha leighis agat, agus ní mór duit sonraí faoi sin a thabhairt leis an iarratas.

Táillí Cuardaigh agus Athfhála agus Cóipeála

Is féidir táillí a bheith ann maidir le ham a chaitear ag cuardach agus ag athfháil taifead a scaoiltear chugat ar bhonn do iarratais agus i leith cóipeála aon taifead a scaoiltear. Nídócha go n-éireoidh táillí dá leithéid más iarratas ar eolas pearsanta amháin atá ann.

Is iad na rátaí a bhaineann leis na táillí sin ná:

  • €20.95 in aghaidh na huaire an chloig cuardaigh agus athfhála
  • €0.04 in aghaidh an leathanaigh fótachóipeála
  • €10.16 ar CD-ROM ar a bhfuil cóipeanna de dhoiciméid
  • €6.35 ar radiógraph (X-gha) ar a bhfuil cóipeanna de dhoiciméid

Éarlaisí

Tá éarlais iníoctha nuair a mheastar an costas ar chuardach agus athfháil na dtaifead a iarrtar a bheith níos mó ná 50.79. Ina leithéid de chás ní mór gach iarracht a dhéanamh le cabhrú leis an iarrthóir an t-iarratas a leasú dfhonn an éarlais sin a laghdú nó a chealú ar fad.

Lagduithe agus Tarscaoilte

Déanfar tarscaoileadh ar tháille maidir le cuardach agus athfháil agus cóipeáil taifead nuair a bheadh an costas a bhainfeadh le bailiú agus cuntasóireacht ar an táille níos mó ná an táille féin (úsáidtear treoirlíne níos lú ná 10.00 maidir leis seo); Is féidir táille nó éarlais i leith cuardach agus athfháil agus cóipeáil taifead a tharscaoileadh nuair a bheadh an t-eolas atá sa taifead ina chabhair ar leith maidir le tuiscint ar cheist lena mbainfeadh tábhacht náisiúnta.

Lámhleabhair Altanna 15 agus 16

Dfhonn áisiú a dhéanamh ar rochtain phoiblí ar thaifid i seilbh na gCoimisinéirí in Oifig na Státseirbhíse agus na gCoimisinéirí um Cheapacháin itiúla, tá foilseachán ar fáil, mar a éilíonn Altanna 15 agus 16 de na hAchtanna. Is é 'Treoir maidir le Feidhmeanna, Cuntais agus Rialacha na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí' teideal an fhoilseacháin. Más mian leat cóip den bhfoilseachán seo a fháil nó más mian leat iarratas SF a dhéanamh, déan teagmháil, le do thoil, le -

Cinnteoir um Shaoráil Faisnéise::
Karan Nesbitt,
An tAonad um SF,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle,
26 - 30, Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1.
Fón: + 353-1-8587491 or + 353-1-8587483
Lo-Cal: 1890-449999
Ext: 7491 or 7483
Facs: + 353-1-8587574 R-phost: foi@postannapoibli.ie (aire Karan Nesbitt)

Is é is Oifigeach Inmheánach um Achomhairc um Shaoráil Faisnéise ná:
Vivienne Ryan,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
26 - 30, Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1.
Fón: + 353-1-8587400
Lo-Call: 1890-449999

Bronntaí
Bronntaí