English | Gaeilge
Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as earcaíocht agus roghnóireacht i dtaca le raon leathan post san earnáil phoiblí.
Is féidir fiosrú ar bith atá agat a chuir ar aghaidh chuig info@publicjobs.ienó chuig an seoladh: An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1.
Nuair a chláraíonn duine leis an suíomh nó nuair a chuireann foirm iarratais faoinár mbráid, cruthaítear ríomhthaifead faoi ainm an duine. Baintear feidhm as an eolas a chuirtear faoinár mbráid chun an t-iarratas a phróiseáil agus coinnítear an t-eolas cothrom le dáta de réir mar a théann an comórtas chun cinn. Má éiríonn leat san fheachtas earcaíochta agus roghnóireachta, is féidir go gcuirfear d'iarratas ar fáil do rannóg na nAcmhainní Daonna de chuid na heagraíochta fostaithe.
Má éiríonn leat san fheachtas earcaíochta agus roghnóireachta, is féidir go gcuirfear d'iarratas ar fáil do rannóg na nAcmhainní Daonna de chuid na heagraíochta fostaithe.
Aon eolas a choinnítear ar ríomhaire, bíonn sé faoi réir ag na cearta agus ag na dualgais a leagtar amach sna hAchtanna Um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.Faoin Acht seo tá sé de cheart agat cóip a fháil d'aon eolas fút féin a choinnítear ar ríomhaire ag am ar bith. Gearann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí táille de €6.35 in aghaidh gach iarratais ar eolas. Chun cóip a fháil d'eolas den saghas seo scríobh litir, le seic de €6,35 iniata, chuig: An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1.
Tá sé de cheart agat eolas pearsanta a cheartú, muna bhfuil sé cruinn, nó a scriosadh, muna bhfuil fáth dlisteanach againn chun an t-eolas a choineáil. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar shonraí áirithe a cheartú nó a scriosadh, scríobh litir, le do thoil, chuig An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, litir ina leagtar amach cúiseanna an iarratais. Tabharfaidh an oifig seo freagra duit taobh istigh de thrí seachtaine agus leagtar síos scála ama i gcomhair cibé gníomhartha ceartúcháin faoina dtabharfaidh an oifig.
Féadfar míreanna áirithe eolais nach mbaineann go sonrach le duine ar leith nó le Feachtas Earcaíochta ar leith a tharraingt óna ríomhthaifid chun críocha staitistiúla.
Ar chodanna áirithe den suíomh úsáidtear teicneolaíocht ar an dtugtar "fianáin", nó cookies. Míreanna beag sonraí nó téacschomhad beag atá sa teicneolaíocht fianáin, nithe a sholáthraítear don bhrabhsálaí nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh idirlín. Déantar na sonraí a stóráil ar an mbrabhsálaí. Seoltar an fianán ar ais chuig ár bhfreastalaí idirlín gach uair a thagann tú go dtí ár suíomh idirlín.
Ní ríomhchláir iad na fianáin agus ní fheidhmíonn siad ar ríomhairí cosúil le ríomhchláir ach oiread.Ní thig leo eolas a bhailiú ná ní féidir leo feidhmiú as a stuaim féin. Ní thig le fianáin aon eolas pearsanta fút féin a bhailiú nó faoi do ríomhaire agus ní féidir leo eolas nó sonraí a bhailiú faoina ndéanann tú ar an idirlíon. Níl ann ach go gcuireann fianáin ar ár gcumas eispéireas idirlín níos taitneamhaí a sholáthar duit. Cé gur féidir leat an Brabhsálaí Idirlín a shocrú chun teicneolaíocht fianáin a chealú ní mholtar duit déanamh amhlaidh de bhrí nach n-oibríonn codanna den suíomh idirlín agus cuid dár seirbhísí idirlín dá huireasa
Braitheann an próiseas chun fianáin a chealú ar an mbrabhsálaí a roghnaíodh. Anseo thíos tá naisc go dtí suíomh Microsoft, áit a bhfuil eolas faoi na próisis nach foláir a leanúint chun fianáin a fheidhmiú agus a chealú ar do ríomhaire
Más Internet Explorer a úsáideann tú, Fianáin ar Internet Explorer
If you use Netscape, Cookies on Netscape
Má thugann tú cuairt ar ár suíomh idirlín chun eolas a léamh nó a chóipeáil anuas, déantar an t-eolas seo a leanas a bhailiú agus a stóráil:
Baineann ríomhchláir ar ár Shuíomh Idirlín leas as an eolas thuasluaite chun staitisticí achoimre a chruthú, staitisticí a ligeann dúinn measúnú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí ar réimse éagsúla an tsuímh, an t-eolas is mó agus is lú spéis a aithint, sonraíochtaí deartha teicniúil a réiteach, monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais, agus an suíomh a dhéanamh níos áisiúla dár gcuairteoirí.
Táimid tiomanta do sheirbhísí slána ar líne a sholáthar. Dá réir sin, bíonn gach idirghníomh a dhéantar lenár suíomhanna trasgníomhaíochta faoi chosaint trí incriptiúchán a chomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta. Déanann ballaí dóiteáin (firewalls) agus córais ionsaí a bhrath ár bhfreastalaithe Idirlín a chosaint. Ní féidir rochtain a dhéanamh ar na freastalaithe seo ó áit ar bith taobh amuigh den seomra ina n-óstaítear iad, seomra a bhfuil a rochtain teoranta do phearsanra údaraithe amháin.
Tá saineolaithe neamhspleácha slándála fostaithe againn chun comhairle a chur orainn maidir le slándáil ár gcuid córas.