English | Gaeilge
Tá rochtain agus úsáid an tsuímh seo rialuithe ag na téarmaí agus na coinníollacha a rianaítear thíos. Tá na téarmaí agus na coinníollacha seo tábhachtach agus is ann dóibh mar chosaint ortsa agus ar Oifig na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS). Léigh go cúramach iad, le do thoil. Má leanann tú ort níos faide measfar go bhfuil glactha agat leo.
Tá an t-ábhar atá sonraithe ar an suíomh seo faoi réir ag cóipcheart an Rialtais ag teacht leis an Acht um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara, 2000. Is ceadmhach an tábhar a íoslódáil do chomhad nó do phrintéir do úsáid phearsanta amháin. Nuair atá an t-ábhar á eisiúint do dhaoine eile, ní mór an fhoinse (an URL san áireamh) agus an stádas cóipchirt a admháil. Ní thugann an cead atáirgthe ar ábhar faoi chóipcheart an Rialtais ar an suíomh seo aon chead ar aon ábhar ar le triú páirtí é. Ní mór cead atáirgthe dá leithéid sin ábhair a fháil ó shealbhóirí na gcóipchearta atá i gceist.
Tugtar a bhfuil ar na leathanaigh seo mar threoir eolais amháin. Tá sé ar intinn go gcuirfidís feabhas ar rochtain an phobail ar eolas faoin Rialtas agus a chuid Ranna. Cé gur deineadh gach iarracht le cruinneas an eolais/ábhair atá ar an suíomh gréasáin a dheimhniú, ní ghlacann an SCP aon fhreagracht air féin ná ní thugann aon ráthaíocht, ghealltanas ná bharántas, maidir le cruinneas, iomláine ná nua-aimsearthacht an eolais atá ar na sholáthár ar an suíomh gréasáin agus ní ghlacann aon fhreagracht ar bith ag éirí as aon earráidí ná easnaimh. Cé go ndéantar gach iarracht le hiontaofacht suíomh liostáilte a dheimhniú ní féidir glacadh leis seo mar fhormhuiniú ar na suímh sin.
Trí rochtain ar an Suíomh seo agus trína úsáid, aontaíonn tú a bheith faoi cheangal ag na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas, agu dá bhrí sin, iarrtar ort an chuid seo a léamh go cúramach sula dtéann tú níos faide. Coinníonn Publicjobs.ie an ceart athrú nó leasú a dhéanamh ar choda den suíomh seo, nó a mbaint as ar fad, am ar bith agus le hathruithe a dhéanamh ar na táirgí, rátaí agus pacáistí a ndéantar cur síos orthu ar an Suíomh am ar bith agus gan fógra ná freagracht. Seiceáil ó am go ham, le do thoil, féachainat an ann do athruithe. Ciallóidh do úsáid leanúnach agus/nó rochtain ar an Suíomh seo tar éis athruithe a bheith déanta ar an bpolasaí agus/nó coinníollacha, go nglacann tú leis na hathruithe seo.
Is ann don suíomh seo duit do úsáid phearsanta neamh-thráchtála. Níl cead agat leasú, cóipeáil, dáiliúchán, tarchur, taispeanadh, taibhiú, atáirgeadh, foilsiú, ceadúnúchán, oibreacha díortha a chruthú, aistriú, ná díolachán a dhéanamh ar aon eolas, bogearra, táirgí ná seirbhís a fuarthas ar ná a baineadh as an Suíomh (cnuasta, "Publicjobs.ie Information"); ar choinníoll go bhfuil cead agat íoslódáil, atáirgeadh, agus atraiseoladh a dhéanamh ar Eolas Publicjobs.ie chun críche neamhthráchtála amháin laistigh de do eagraíocht. Leis an údarás teoranta réamhráite mar eisceacht, ní deontar ná ní thugtar aon cheadúnas, ná ceart duit in aon chóipcheart le Publicjobs.ie ná aon pháirtí eile.
Déantar an suíomh a sholáthar ar bhonn "mar atá" gan barántais de chineál ar bith, sainráite ná intuigthe, ag áireamh ach gan a bheith teoranta do bharántais ar theidil ná barántais intuigthe ar indíoltacht, oiriúnacht do chúram ar leith, nó neamh-shárú, ach amháin na barántais sin atá leagtha síos agus nach féidir eisiamh, treorainniú ná leasú a a dhéanamh orthu faoi na dlithe a bhaineann leis an gcomhaontú seo. T AN ÚSID A BHAINEANN TÚ AS AN SUOMH SEO AR DO PHRIACAIL FÉIN. N BHEIDH Publicjobs.ie, A GHNOMHAIR, A IONADAITHE N A CHEADÚNAITHE, FAOI CHÚINSE AR BITH, freagras as aon CHAILLTEANAS N DOBHIL N AON DAMISTE, díreach, indíreach, píonósach, speisialata, teagmhasach, iarmhartach ná eile, de thoradh, ná in aon tslí bainteach le húsáid an tsuímh seo N AON EOLAS LE Publicjobs.ie, i ngach cás beag beann ar na damáistí sin a bheith bunaithe ar chonradh, tort, diandliteanas, ná teoiricí eile freagrachta. Ní cheadaíonn dlínsí áirithe eisiamh barántais impleachta ná damáistí iarmhartacha ná teagmhasacha, agus dá bhrí sin is féidir nach mbainfeadh coda de na heisiaimh thuas leatsa go díreach. LEIS SEO TARSCAOILEANN TÚ GACH UILE ÉILEAMH IN AGHAIDH Publicjobs.ie, A GHNOMHAIR, A IONADAITHE AGUS A CHEADÚNAITHE AG ÉIR AS DO ÚSID-SE DEN SUOMH N AON EOLAS EILE LE Publicjobs.ie.
Is féidir go bhuil neamhchruinneas teicniúil nó botúin chló nó easnaimh ar an Suíomh seo. Coinníonn Publicjobs.ie an ceart le hathruithe, ceartúcháin agus/nó feabhsúcháin a dhéanamh ar an Suíomh, agus do na táirgí, rátaí agus pacáistí ar a gcuirtear síos san eolas sin, am ar bith gan fógra.
Tá na nithe seo a leanas agus tagairtí dóibh ar an Suíomh seo: paitinní, rúin trádála, teicneolaíochtaí, próisis agus cearta eile úinéireachta le Publicjobs.ie agus/nó páirtithe eile. Ní dheontar ná ní thugtar duit aon cheadúnas ná aon cheart ar ná in a leithéid sin trádmharcanna, paitinní, rúin trádála, teicneolaíochtaí, táirgí, próisis, agus cearta eile úinéireachta le Publicjobs.ie agus/nó páirtithe eile. Tá atáirgeadh nó stóráil ábhar a baineadh den suíomh seo faoi réir ag an Dlí um Chóipcheart in Éirinn, san AE agus i SAM.
Is trádmharcanna le Publicjobs.ie na lógónna agus na hainmneacha táirgí agus seirbhísí eile ag Publicjobs.ie. Tá cosc ar atáirgeadh nó úsáid a bhaint as aon chuid de ábhar an tsuímh seo gan sainchead scríofa ó Publicjobs.ie.
Ní dhéanann Publicjobs.ie athbhreithniú ná monatóireacht ar aon suímh ghréasáin atá nasctha leis an Suíomh agus níl sé freagrach as ábhar ar aon suíomh nasctha dá leithéid. Déanann tú nascadh leis na suímh seo ar do phriacail féin amháin. Ní féidir freagracht a chur orainn as an t-eolas, na táirgí, ná na seirbhísí a fhaightear ar a leithéidí eile suíomh agus ní bheimid freagrach as aon damáistí a éiríonn as do chuidse rochtana ar a leithéidí de shuímh. Soláthraítear nascanna le suímh eile mar áis do úsáideoirí an tsuímh seo, agus chuige sin amháin, agus níl aon impleacht ann ar fhormhuiniú na suíomh nasctha nár ar an ábhar atá iontu. Ina theannta sin, aontaíonn tú nach nascfaidh tú do chuid suíomh gréasáin ná suíomh gréasáin aon triú páirtí leis an Suíomh gan cead sainráite i scríbhinn roimh ré ó Publicjobs.ie. Coinníonn Publicjobs.ie an ceart, am ar bith, ar chúis ar bith nach bhfuil faoi chosc dlí, cead a dhiúltú do aon duine nascadh leis an Suíomh.
Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha seo a rialú agus a fhorléiriú ag teacht le dlithe Phoblacht hÉireann, agus géilleann na páirtithe leis seo do dhlínse neamh-eisiach na gcúirteanna in Éirinn réiteach a dhéanamh ar aon chonspóid a éireodh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha seo..
Mar choinníoll den úsáid a bhaineann tú as an Suíomh, tugann tú barántas do Publicjobs.ie nach n-úsáidfidh tú an Suíomh chun críche atá mídhleathach ná faoi chosc ag na téarmaí, coinníollacha agus fógraí seo.
Aontaíonn tú nach ann do aon chomhfhiontar, páirtnéireacht, fostaíocht, ná caidreamh áisíneachta idir tú agus Publicjobs.ie mar thoradh ar an aontú seo nó úsáid an tsiímh. Tá aon chearta nach bhfuil tugtha duit go sainráite anseo coinnithe go sainráite ag Publicjobs.ie.