English | Gaeilge
Áirítear OÉ Gaillimh, a bunaíodh sa bhliain 1845, i measc na bpríomhionad acadúla den scoth atá in Éirinn. Tá breis is 16,000 mac léinn agus 2,200 ball foirne in OÉ Gaillimh, ar a bhfuil clú agus cáil mar gheall ar an bhfeabhas teagaisc agus taighde sna dámha seo: ealaíona, staidéar sóisialta agus léann Ceilteach; staidéar gnó, beartas poiblí agus an dlí, innealtóireacht agus teicneolaíocht an eolais; leigheas, altranas agus sláinte; eolaíocht.
In OÉ Gaillimh tá réimse leathan cúrsaí idir chláir céime agus iarchéime ma raon le dioplómaí ar chaighdeán idirnáisiúnta. Tugtar deis do chách forbairt phearsanta agus acadúla a dhéanamh fad a bhíonn cáilíochtaí á mbaint amach chun dul ar aghaidh sa ghairm beatha is rogha leo. De réir cur chuige úrnua na hOllscoile forbraítear cúrsaí cuí nuair is gá agus iad ar aon dul le hathruithe ar an margadh fostaíochta agus ar an ngeilleagar. In 2009 fuarthas an gradam University of the Year by The Sunday Times, agus OÉ Gaillimh ar an gceann is fearr ar an 21 institiúid tríú leibhéil in Éirinn a bhí i gceist acu.
Is í an taighde an cúram is tábhachtaí in OÉ Gaillimh agus í ar an gcéad 250 ar domhan mar gheall ar oilteacht aitheanta i réimsí tábhachtacha. Féachtar chun cinn i gcomhthéacs domhanda maidir le Research at NUI Galway. Táimid go mór chun tosaigh i réimsí mar gaschealla agus teiripe géine, dlí cearta daonna, athrú comhshaoil agus forbairt ar an chéad ghlún eile i dteicneolaíocht an idirlín.
Bíonn mórán post éagsúla ar fáil in OÉ Gaillimh agus deiseanna gairmiúla go flúirseach ina measc. Tá na samplaí reatha le feiceáil ar:
www.nuigalway.ie
Toisc an réimse post in OÉ Gaillinh a bheith go han-leathan ar fad, moltar duit an cuntas ar aon phost a léamh go cúramach. Ar an gcuma san is féidir dianmhacnamh a dhéanamh ar na scileanna agus ar na buanna a lorgaítear féachaint an bhfuil siadsan agatsa i ndáiríre nó an bhféadfá feabhas a chur ar réimsí áirithe chun a bheith oiriúnach don phost. Tá breis eolais ar shuíomh idirlín OÉ Gaillimh ag:
www.nuigalway.ie
Tá liosta folúntas in OÉ Gaillimh ar fáil ag www.nuigalway.ie/hr
Chun clárú le haghaidh fógraí rialta logáil isteach ag publicjobs.ie. Fógraítear poist freisin sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla, in irisí rialtais áitiúla agus i mórán tréimhseachán trádála.
Tá breis eolais ar shuíomh idirlín OÉ Gaillimh ag:
Cuardaigh poist san earnáil seo anseo
| Teideal an Cheapacháin | Ionad an Cheapacháin | Fostóir | Dáta Fógartha | Dáta deiridh |
|---|---|---|---|---|