In poistphoiblí, tá muid ag bogadh chuig ardán earcaíochta nua. De bharr go bhfuil ardán nua á chur i bhfeidhm, tiocfaidh athrú ar an gcaoi a gcláraíonn iarrthóirí agus ar an gcaoi a gcuireann siad isteach ar róil le poistphoiblí agus tiocfaidh athruithe ar thairseach na n-iarrthóirí agus ar ár suíomh gréasáin. Tá sé mar aidhm againn leas a bhaint as na hathruithe seo, agus na hathruithe eile a bheidh i gceist, chun feabhas a chur ar ár seirbhísí agus ar thaithí an iarrthóra. Ina theannta sin, bogfar do shonraí chuig Ardán Stórála Sonraí Néil nua. Breathnaigh ar ár Ráiteas Príobháideachais d’Iarrthóirí chun tuilleadh eolais a fháil.
Tá an t-ardán nua á rolladh amach ar bonn céimnithe do chomórtais earcaíochta ar leith, sula gcuirtear i bhfeidhm é do gach comórtas.
Tá muid an-bhuíoch díot as a bheith tuisceanach agus as do chomhordú agus na hathruithe seo á gcur i bhfeidhm againn. Coinneoidh muid ar an eolas thú le linn an phróisis aistrithe. Má tá aon cheist agat, is féidir leat dul i dteagmháil linn anseo: déan teagmháil linn. .
Tá muid ag obair leis an gcomhlacht bogearraí earcaíochta, Oleeo, soláthraí ár ardáin earcaíochta nua.
Cad iad na príomhathruithe a bheidh i gceist?
Clárú le poistphoiblí
Beidh ort clárú agus cuntas nua a chruthú chun cur isteach ar fholúntais agus chun cumarsáid a fháil, m.sh. foláirimh maidir le poist. Má chláraigh tú linn cheana, beidh ort clárú arís ar ár n-ardán earcaíochta nua. Is féidir leat cuntas nua a chruthú agus foláirimh maidir le poist a shocrú le poistphoiblí tríd an nasc seo.
An Próiseas Iarratais
Reáchtálfar an próiseas iarratais do chomórtais go digiteach, agus ní bheidh ar iarrthóirí foirm iarratais a íoslódáil, a líonadh isteach agus a uaslódáil.
Cuardach Poist
Tiocfaidh athrú ar an gcaoi a ndéanfaidh iarrthóirí poist a chuardach, dearadh agus feidhmiúlacht na feidhme seo san áireamh. Is féidir leat róil a chuardach bunaithe ar an eagraíocht, ar an earnáil agus ar an gcineál conartha.
Tairseach na nIarrthóirí
Tiocfaidh athrú ar dhearadh, leagan amach, agus fheidhmiúlacht thairseach na n-iarrthóirí, an chaoi ar féidir leat fógraí maidir le róil ar chuir tú isteach orthu a bhainistiú, a rianú agus a fháil san áireamh.
Faigh eolas faoin ardán nua:
Tá físeáin treorach ina bhfuil eolas faoin ardán nua ar fáil thíos. Féach orthu chun tuilleadh eolais a fháil.
An tIonad Tacaíochta d’Iarrthóiri
Ionad Cabhrach don Ardán Earcaíochta Nua
Ceisteanna Coitianta faoin Ardán Earcaíochta Nua
Agus muid ag bogadh chuig ardán earcaíochta nua agus níos éifeachtaí, bogfaidh muid do chuid sonraí chuig ardán stórála sonraí nua. Bogfar do chuid sonraí ónár mbunachar ar an láthair chuig ardán stórála sonraí Néil de chuid Microsoft. Ní dhéanfar aon athrú ar an gcaoi a ndéantar do chuid Sonraí a phróiseáil. Nuair atá an próiseas aistrithe curtha i gcrích, múchfar ár seanardán.
Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta agus faoin RGCS, ní mór dúinn catagóirí sonraí ar leith a choinneáil fút. Tá tuilleadh eolais faoi na catagóirí seo ar fáil inár Ráiteas Príobháideachais d’Iarrthóirí.
Is féidir iarratais a chur isteach ar líne trí www.publicjobs.ie
Agus rochtain á fáil orthu ar ár n-ardán earcaíochta den chéad uair, ní mór d’iarrthóirí clárú mar Úsáideoir Nua chun próifíl a chruthú (cuntas nua a chlárú). Is féidir rochtain a fháil ar an bhfolúntas a bhfuil sé i gceist agat iarratas a chur isteach air trí chliceáil ar theideal an róil. Feicfidh tú an folúntas, agus beidh tú in ann cliceáil ar “Déan Iarratas Anois” sa rannán ar thaobh na láimhe deise ar ár suíomh gréasáin, nó ag bun an fhógra.
Iarrfar ort ar an leathanach logála isteach UA Folúntais an chomórtais a chur isteach, chun a chinntiú go dtabharfar tú chuig an ardán earcaíochta ceart. Is féidir an UA Folúntais seo a fheiceáil ar an gcéad nó ar an dara leathanach de Leabhrán Eolais na nIarrthóirí.
Iarrfar ar iarrthóirí nach bhfuil cláraithe ar ár n-ardán earcaíochta roinnt sonraí pearsanta a chur isteach chun dul ar aghaidh lena n-iarratas. Beidh ort do chuntas a dheimhniú, agus ní mór duit do chuntas ríomhphoist a sheiceáil agus na treoracha a leanúint chun do chuntas a dheimhniú. Tabhair faoi deara nach ionann clárú (próifíl a chruthú) agus iarratas a chur isteach. Tar éis duit clárú agus do sheoladh ríomhphoist a dheimhniú, beidh ort rochtain a fháil ar an bhfoirm iarratais, a chinntiú go gcomhlíonann tú gach cuid den fhoirm iarratais, agus go gcuireann tú isteach í.
Beidh cuntas ag iarrthóirí atá cláraithe cheana féin, agus ní mór dóibh ‘Logáil isteach’ a roghnú ar thaobh na láimhe deise ar an leathanach chlárúcháin, nó tríd an nasc ag bun an leathanaigh ar ár n-ardán earcaíochta nua.
Má tá tú ag logáil isteach tríd an leathanach baile, iarrfar ort UA an Fholúntais don chomórtas a bhfuil suim agat ann a chur isteach chun a chinntiú go dtreoraíonn muid chuig an ardán earcaíochta cuí thú. Is féidir teacht ar an uimhir seo ar an gcéad nó ar an dara leathanach i Leabhrán Eolais an Iarrthóra.
Is féidir breathnú ar ár bhfíseán teagaisc chun tuilleadh eolais a fháil faoi chéimeanna an phróisis iarratais: "Conas iarratas a dhéanamh”.
Is féidir – is féidir an fhoirm a shábháil agus teacht ar ais chuici níos déanaí. De réir mar a théann tú tríd an iarratas, beidh rogha ag bun gach leathanaigh chun an fhoirm a shábháil: ‘Sábháil agus Lean ar Aghaidh’. Ní dhéantar an t-eolas a chuireann tú isteach a shábháil, ach nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Sábháil agus Lean ar Aghaidh’. Is féidir an t-iarratas a dhúnadh agus teacht ar ais chuige tríd an iarratas a roghnú ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais.
Má dhúnann tú nó má athnuann tú an brabhsálaí sula gcliceálann tú ar ‘Sábháil agus Lean ar Aghaidh’ nó mura ndéanann tú aon rud ar an gcóras ar feadh 30 nóiméad nó níos mó, d’fhéadfadh go logálfar amach thú as an bhfoirm iarratais agus d’fhéadfadh go gcaillfear do chuid eolais.
Tá sé an-tábhachtach go líontar gach cuid den fhoirm iarratais seo isteach go hiomlán. Tá réiltín * curtha leis na réimsí éigeantacha. Ní mór na réimsí seo a chríochnú sula gcuireann tú an fhoirm iarratais isteach.
Ní dhéanfar machnamh ar aon fhoirmeacha don ról atá fógartha tar éis an dáta dúnta.
Má tá d’iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost ag dearbhú go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag poistphoiblí air.
Chun teacht ar threoracha cuimsitheacha faoin gcaoi ar chóir duit d’fhoirm iarratais a líonadh isteach, breathnaigh ar an bhfíseán “Conas foirm iarratais a líonadh isteach”. .
I d’Ionad Iarratais, coinnítear do shonraí pearsanta agus eolas faoi aon fholúntais ar chuir tú isteach orthu. Is féidir leat d’eolas pearsanta a nuashonrú agus breathnú ar an eolas ar fad a bhaineann le d’iarratas agus leis an bhfolúntas féin. Chun teacht ar d’Ionad Iarratais, logáil isteach agus cliceáil ar d’ainm, a bheidh le feiceáil ag barr an leathanaigh. Feicfidh tú roghchlár ansin ina mbeidh roghanna éagsúla maidir le do phróifíl agus d’iarratais.
Is é cuspóir bhailiúchán an dáta breithe agus na hUPSP mar rannán éigeantach ar an bhfoirm iarratais ná chun a chinntiú go bhfuil dóthain eolais ag poistphoiblí chun gur féidir linn a dheimhniú gur tusa atá ann, sa chás go dtéann tú i dteagmháil le poistphoiblí le ceist maidir le d’iarratas.
Chun cosc a chur ar idirdhealú, ní roinntear an dáta breithe riamh le Baill Bhoird nó le duine ar bith eile atá ag déanamh measúnuithe ar d’iarratas. Is féidir le baill foirne poistphoiblí amháin é a fheiceáil, a bhaineann úsáid as chun staitisticí comórtais anaithnide a chruthú, nó chun a dheimhniú gur tusa atá ann má théann tú i dteagmháil linn chun tacaíocht a lorg.
Ní mór d’iarrthóirí a théann i dteagmháil le poistphoiblí trí phíosa eolais a choimeádtar ar ár gcórais a dhearbhú chun a chinntiú nach roinntear d’eolas ach leat féin amháin, agus is é an dáta breithe agus/nó an UPSP ceann amháin de na píosaí eolais sin.
Moltar d’iarrthóirí a bhfuil socruithe réasúnta ag teastáil uathu tríd an bpróiseas roghnaithe a riachtanais a chur in iúl agus an fhoirm iarratais á comhlíonadh acu.
Má tá sé tugtha le fios agat ar d’iarratas go bhfuil socruithe réasúnta ag teastáil uait, beidh ort tuairisc ó shíceolaí/tuairisc leighis a uaslódáil dár nAonad Seirbhísí Measúnaithe chun go ndéanfaidh siad athbhreithniú uirthi. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach roinnfear an tuairisc seo ach lenár nAonad Seirbhísí Measúnaithe amháin.
Is é cuspóir na tuairisce seo eolas a thabhairt do poistphoiblí chun gur féidir linn cinntí a dhéanamh i dtaca le socruithe réasúnta, de réir mar is cuí. Bíonn sé úsáideach eolas ar leith a fheiceáil sna tuairiscí seo, ach go háirithe toradh aon tástála diagnóisí a rinne do shíceolaí/do dhochtúir, agus achoimre ar na moltaí i dtaca le do riachtanais. Is féidir codanna de na tuairiscí leighis/ó shíceolaí a bhaint amach má cheapann tú gur eolas rúnda nó neamhriachtanach atá i gceist i dtaca leis an gcinneadh chun socruithe réasúnta a chur i bhfeidhm.
Más mian leat d’iarratas nó aon socruithe a rachadh le do leas le linn an phróisis earcaíochta a phlé, is féidir dul i dteagmháil lenár dTacadóir Míchumais, Amanda Kavanagh, ag
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi inrochtaineacht ár seirbhíse, is féidir an nasc seo a leanúint chuig an leathanach ar a bhfuil sonraí faoin e Inrochtaineacht.
Beidh ceisteanna maidir le monatóireacht chomhionannais mar chuid de gach iarratas a chomhlíonann tú agus, cé go bhfuil ort na ceisteanna seo a fhreagairt, is féidir leat a shocrú gan eolas a chur isteach do gach ceann acu.
Má comhlíonadh agus má cuireadh d’iarratas isteach i gceart, gheobhaidh tú dearbhú trí ríomhphost chun tú a chur ar an eolas go bhfuil poistphoiblí ag déanamh athbhreithnithe ar d’iarratas.
Moltar duit @publicjobs.tal.net a chur isteach i liosta do Sheoltóirí Slána nó do liosta teagmhála ag an bpointe seo chun a chinntiú nach seoltar aon ríomhphost ó poistphoiblí chuig d’fhillteán turscair.
Nuair atá d’iarratas curtha isteach agat, beidh tú in ann d’fhoirm a fheiceáil trí Féach ar Fhoirm(eacha) atá Curtha Isteach a roghnú faoin bhfolúntas ar leith ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais.
Más mian leat cóip de d’iarratas a íoslódáil, is féidir é seo a dhéanamh tríd an scáileán priontála a oscailt (trí dheaschliceáil a dhéanamh ar an luchóg nó trí CTRL+P a chur isteach leis an méarchláir) agus ‘Sábháil mar PDF’ (‘Save as PDF’) a roghnú ón roghchlár anuas.Nuair a chuireann tú iarratas isteach ar fholúntas, gheobhaidh tú UA Iarratais ar leith. Beidh tú in ann an UA Iarratais seo a fheiceáil má roghnaíonn tú Breathnaigh ar Stádas ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais, agus i dteachtaireachtaí a fhaigheann tú ón bhfoireann earcaíochta.
Bí cinnte go luann tú an UA Iarratais áirithe seo chomh maith le hainm an fholúntais má tá tú ag dul i dteagmháil linn chun an t-eolas is déanaí a fháil, agus is féidir linn do cheist a threorú chuig an bhfoireann chuí.
Baineadh úsáid as na téarmaí ‘UA an Chomórtais’ nó ‘UA an Fheachtais’ in ionad ‘UA an Fholúntais’ i gcomhfhreagras roimhe seo. Má thugtar UA an Fholúntais dúinn, beidh muid in ann do cheist a chur ar aghaidh chuig an fhoireann chuí.
Moltar duit súil a choinneáil ar do ríomhphoist agus ar an Ionad Iarratais chun an t-eolas is déanaí faoi aon fholúntas ar a bhfuil iarratas curtha isteach agat. Is féidir leat stádas d’iarratais a sheiceáil trí Breathnaigh ar Stádas a roghnú faoin bhfolúntas ar leith ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais. Ina theannta sin, tá an rogha agat teachtaireacht a sheoladh go díreach chuig ár bhfoireann earcaíochta nó athbhreithniú a dhéanamh ar aon nótaí a bhaineann le folúntas ar leith sa rannán Breathnaigh ar Stádas.
Más mian leat fógra folúntais a fheiceáil tar éis an dáta dúnta, is féidir é seo a dhéanamh trí Féach ar Shonraí an Fhógra a chliceáil ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais. Is féidir leat an folúntas bunaidh a fheiceáil ansin agus aon ábhar sa bhreis a thagann leis an bhfógra, m.sh. Leabhrán Eolais na nIarrthóirí, a íoslódáil.
Is féidir leat d’iarratas a tharraingt siar nuair is mian leat trí Breathnaigh ar Stádas a chliceáil faoin bhfolúntas ar leith ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais. Tabharfar an rogha duit d’iarratas a tharraingt siar ansin. Tabhair faoi deara, le do thoil, má tharraingíonn tú d’iarratas siar, ní féidir iarratas a chur isteach arís ar an bhfolúntas céanna.
Is féidir aon teachtaireachtaí a fuarthas roimhe seo i dtaca le d’iarratas a fheiceáil trí Breathnaigh ar Theachtaireachtaí a roghnú faoi theideal an fholúntais ar thaobh na láimhe deise san Ionad Iarratais.
Má tá tú ag fanacht ar thoradh agus mura bhfeiceann tú teachtaireacht ábhartha sa rannán Breathnaigh ar Theachtaireachtaí, níor seoladh toradh chugat go fóill.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go seolfar teachtaireachtaí trí ríomhphost nó trí theachtaireachtaí díreacha i d’Ionad Iarratais, agus ní trí SMS. Tá sé tábhachtach go seiceálann tú do ríomhphost agus an tIonad Iarratais ar bhonn rialta chun an t-eolas is déanaí i dtaca le haon fholúntas beo a fháil ó poistphoiblí.
Is féidir do chuardach poist a scagadh ar ár n-ardán anois, ag brath ar an ról, ar an gcontae, ar an gcineál conartha, ar an bpatrún oibre, ar an earnáil, ar an eagraíocht, agus ar an speisialtóireacht leighis (más cuí). Téigh chuig an leathanach Cuardach Poist agus cuir tic leis an réimse/na réimsí a bhfuil tú ag iarraidh a fheiceáil ar thaobh na láimhe clé ar an leathanach. Déanfar scagadh ar thorthaí do chuardaigh ag brath ar do thosaíochtaí.
Ní mór foláirimh maidir le poist a shocrú ar ár n-ardán earcaíochta nua chun a chhinntiú go bhfaigheann tú foláirimh maidir le folúntais nua amach anseo. Téigh chuig d’Ionad Iarratais agus roghnaigh Ionad na bhFoláireamh sa roghchlár ar chlé.
Tá físeán teagaisc anseo a thaispeánann duit conas iad seo a chur ar bun céim ar chéim.Is féidir breathnú ar ár bhfíseán teagaisc chun tuilleadh eolais a fháil faoi chéimeanna an phróisis d’fholáirimh maidir le poist: “Foláirmh maidir le poist a shocrú”.
Is féidir. Beidh rochtain agat ar d’fhoirmeacha iarratais ar ár seanárdán earcaíochta go ceann tamaill ar leith. Téigh chuig Tairseach na nIarrthóirí chun rochtain a fháil ar do sheanfhoirmeacha iarratais. Beidh ort logáil isteach sa tairseach trí úsáid a bhaint as do shonraí logála isteach don ardán sin; is féidir go mbeidh na sonraí sin difriúil ó na sonraí atá in úsáid agat ar ár n-ardán earcaíochta nua.
Cuirfimid iarrthóirí ar an eolas sula gcuirtear an seanárdán as feidhm chun seanfhoirmeacha, teachtaireachtaí agus cáipéisíocht a íoslódáil, más mian leo iad a choimeád. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil foirmeacha iarratais ar fáil ach ar feadh níos lú ná tréimhse trí bliana de réir threoirlínte an RGCS.
Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal, cliceáil ar an nasc ‘An bhfuil dearmad déanta agat ar do Phasfhocal?’ agus lean na treoracha ar an scáileán. Beidh d’ainm úsáideora sa ríomhphost is déanaí a bhaineann le do chuntas (do ríomhphost clárúcháin, má rinneadh é a nuashonrú, nó do sheoladh ríomhphoist nuashonraithe).