Deiseanna do Chéimithe

Réamhrá

Tá réimse post i mbainistíocht shóisearach, mar anailísí beartais agus mar speisialtóirí in eagraíochtaí sa tSeirbhís Phoiblí a mbeadh suim ag céimithe iontu de ghnáth.

Tá muid ag lorg daoine den scoth atá cliste agus tiomanta agus a bhfuil scileanna luachmhara forbartha acu trí staidéar agus trí thaithí oibre, gur féidir a úsáid agus a fheabhsú a thuilleadh sa tseirbhís phoiblí.

Gné shuntasach dár bhfeachtais agus maidir leis na daoine a earcaímid is ea éagsúlacht na ndaoine a mheallaimid, a mbíonn cáilíochtaí, taithí agus dearcadh éagsúla acu a thugann siad leo nuair a thosaíonn siad sa tseirbhís phoiblí.

Tugann an chuid seo léargas gairid faoi chuid den réimse, cineálacha agus gnéithe de chuid de na leibhéil a dtosaíonn céimithe orthu sa Státseirbhís agus i rannóga eile de tseirbhís phoiblí i gcoitinne.