Gairmeacha Idirnáisiúnta
Réamhrá
Mar thír bheag, le ceann de na geilleagair is oscailte ar domhan, tá luach faoi leith ar bhallraíocht na héireann in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bhí aontachas na héireann leis na Náisiúin Aontaithe i 1955 agus leis an Aontas Eorpach i 1973 ina n-ócáidí cinniúnacha i bhforbairt an stáit. Ar an gcaoi chéanna, tá an-tábhacht dár leasanna, dár slándáil agus dár luachanna lenár mballraíocht in eagraíochtaí trádála agus eacnamaíochta, ar nós na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus na hEagraíochta Domhanda Trádála, agus in eagraíochtaí réigiúnacha, ar nós na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).
Tionscnamh faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála is ea Global Horizons a dhíríonn ar mhic léinn tríú leibhéal tríd an téama ‘Ionadaíocht a dhéanamh d’éirinn Thar Lear: Deiseanna is féidir leat a Thapú’ (‘Representing Ireland Abroad: Opportunities for You’). Trí dhul i gcomhpháirt leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Tionscnamh ‘Poist an AE’ de chuid Roinn an Taoisigh ar GradPublicJobs, tá sé de chuspóir ag Global Horizons taithí fíorshaoil earcaithe a earcaíodh le déanaí a roinnt agus chun faisnéis fíor-ama a sholáthar ar na deiseanna intéirneachta agus gairme atá laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar nós an Aontais Eorpaigh, na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa.
Cuireann saoránaigh éireannacha go mór leis na heagraíochtaí sin. Tá os cionn míle éireannach fostaithe go díreach ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear beagnach 500 duine sa Choimisiún Eorpach. Gach bliain, earcaítear céimithe éireannacha go poist bainistíochta sóisearaí, go poist anailíse beartais agus go poist saineolaithe san Aontas Eorpach, sna Náisiúin Aontaithe agus in eagraíochtaí eile. Mar ‘éireannaigh idirnáisiúnta’, freastalaíonn siad ní amháin ar shaoránaigh éireannacha, ach ar mhaithe leis an domhan ar fad.

Eagraíochtaí Idirnáisiúnta
Bíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe ag iarraidh daoine cruthaitheacha, cuiditheacha a earcú atá tiomanta d’fhíordhifríocht a dhéanamh. Bíonn an-éagsúlacht go deo i gceist leis an obair a dhéanann na heagraíochtaí sin agus dá bharr sin, beag beann ar do chúlra acadúil nó gairmiúil, d’fhéadfadh go bhfeilfeadh ‘gairm idirnáisiúnta’ go maith duit. Tugtar forléargas sa chuid seo ar an iliomad deiseanna atá ar fáil do chéimithe éireannacha sna heagraíochtaí idirnáisiúnta is mó a bhfuil éire ina ball díobh.
- An tAontas Eorpach
- Na Náisiúin Aontaithe
- Eagraíochtaí Eacnamaíochta
- Eagraíochtaí Réigiúnacha na hEorpa
An tAontas Eorpach
An tAontas Eorpach
Bíonn obair an Aontais Eorpaigh an-ilghnéitheach – forbraíonn na hinstitiúidí beartas agus reachtaíocht i mórán réimsí, lena n-áirítear trádáil, an comhshaol, fuinneamh, talmhaíocht, an margadh aonair agus cúrsaí cirt agus intíre. Bíonn ról ríthábhachtach acu freisin i mbainistiú an limistéir euro agus i gcomhordú na mbeartas eacnamaíochta, fostaíochta agus sóisialta i 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh.
Fostaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus institiúidí eile nach iad – thart ar 50,000 oifigeach, lena n-áirítear beagnach míle saoránach éireannach, a bhfuil a bhformhór lonnaithe sa Bhruiséil nó i Lucsamburg
Is é an Coimisiún Eorpach an fostóir díreach is mó i measc institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus thart ar 35,000 fostaí aige, lena n-áirítear beagnach 500 saoránach éireannach. Mar bhrainse feidhmeannais an Aontais Eorpaigh, molann an Coimisiún reachtaíocht nua agus déanann sé maoirsiú ar a feidhmiú. Ceapann na Ballstáit Coimisinéirí a bhíonn i gceannas ar Ard-Stiúrthóireachtaí a phléann le réimsí beartais an Aontais Eorpaigh ar nós trádála, athrú aeráide, fostaíochta agus talmhaíochta a chuireann deiseanna gairme thar a bheith éagsúil ar fáil i reachtaíocht a dhréachtú agus a idirbheartú, i gcáipéisí a aistriú agus i dtabhairt faoi mheasúnú agus taighde beartais.
Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh le reachtaíocht na hEorpa agus gníomhaíonn sí mar phríomhchomhlacht cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear inti Airí Rialtais ó gach Ballstát – mar shampla, d’fhéadfaí cruinnithe a eagrú idir na hairí airgeadais, idir na hairí talmhaíochta nó idir na hairí comhshaoil. Is í Ardrúnaíocht na Comhairle an comhlacht oifigiúil a thacaíonn le hobair na Comhairle, agus oibríonn sí le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh ar an bpróiseas reachtaíochta. Fostaíonn sí thart ar 3,500 oifigeach lánaimseartha, ar éireannaigh iad timpeall 70 duine díobh.
Toghtar Parlaimint na hEorpa go díreach; toghtar 751 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear 11 fheisire ó éirinn agus triúr ó Thuaisceart éireann, a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh. Tá ról tábhachtach aici i ndianscrúdú a dhéanamh ar reachtaíocht na hEorpa, glacadh le buiséad an Aontais Eorpaigh agus tabhairt faoi fhiosrúcháin. I ndiaidh Chonradh Liospóin, tá ról mór cinnteoireachta aici freisin i dteannta Chomhairle na nAirí. Tá ról cosúil le hArdrúnaíocht na Comhairle ag Ardrúnaíocht na Parlaiminte, agus tá 6,000 oifigeach Aontais Eorpaigh san fhoireann ann, ar saoránaigh éireannacha thart ar 100 duine díobh. Ina theannta sin, bíonn cúntóir dá gcuid féin ag na Feisirí ar fad, agus bíonn foireann taighde ag na grúpaí polaitiúla dá ndéanann siad ionadaíocht
Seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí(SEGS). Cabhraíonn sí le príomhoifigeach an Aontais Eorpaigh do ghnóthaí eachtracha – an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála – chun Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais a chur i bhfeidhm. Tá ceanncheathrú SEGS sa Bhruiséil, ach tá toscaireachtaí agus oifigí aici i 140 tír ar fud na cruinne, a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas Eorpach agus ar a shaoránaigh ar fud an domhain. Fostaíonn sí beagán le cois 4,000 comhalta foirne, lena n-áirítear thart ar 80 saoránach éireannach.
Tá naoi n-institiúid eile san Aontais Eorpach,agus fostaíonn siad ar fad líon suntasach foirne gairmiúla agus cuireann siad deiseanna iontacha gairme ar fáil. D’fhéadfadh spéis ar leith a bheith acu siúd a bhfuil cúlra dlí acu in oifig an Ombudsman Eorpaighfaoi cheannasaíocht an éireannaigh Emily O’Reilly, agus i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, atá lonnaithe i Lucsamburg. D’fhéadfadh céimithe ó chláir eacnamaíochta, airgeadais agus thráchtála spéis a chur sa Bhanc Ceannais Eorpach in Frankfurt nó sa Bhanc Eorpach Infheistíochta, sa Chiste Infheistíochta agus saChúirt Iniúchóirí, atá ar fad lonnaithe i Lucsamburg. Bíonn deiseanna freisin i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, i gCoiste na Réigiún agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chomh maith le deiseanna i níos mó ná 40 Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) atá lonnaithe i mBaile átha Cliath
Na Náisiúin Aontaithe
Na Náisiúin Aontaithe
Oibríonn 41,000 oifigeach ó 193 Bhallstát leis na Náisiúin Aontaithe (UN). Tá leath díobh siúd ag obair in oibríochtaí machaire ar fud na cruinne, tá aon trian lonnaithe i gceann de shé cheanncheathrú na Náisiún Aontaithe (Nua-Eabhrac, an Ghinéiv, Páras, an Róimh, Vín agus Nairobi), agus tá an chuid eile ag obair i gcoimisiúin agus i mbinsí réigiúnacha agus i suíomhanna eile. Oibríonn na Náisiúin Aontaithe chun réitigh a fháil ar fhadhbanna casta ar fud na cruinne, ó dheireadh a chur le coimhlintí agus an bochtanas a mhaolú, go troid i gcoinne athrú aeráide agus cearta an duine a chosaint.
De bharr éagsúlacht agus chastacht na saincheisteanna a mbíonn na Náisiúin Aontaithe ag plé leo, tá réimse leathan deiseanna gairme ann ina dtrí cholún oibre: an tSíocháin agus an tSlándáil, Cearta an Duine agus Forbairt Gheilleagrach agus Shóisialta, sna sé cheanncheathrú agus i misin mhachaire na Náisiún Aontaithe. áirítear le poist monatóireacht a dhéanamh ar thoghcháin, fóirithint a chomhordú i ngéarchéimeanna daonnúla agus tacaíocht riaracháin agus loighciúil a chur ar fáil chun tabhairt faoi shainordú casta, i measc neart eile.
De bharr éagsúlacht na ndeiseanna sna Náisiúin Aontaithe féadfar feidhmeanna, rannóga, suíomhanna tíreolaíocha, agus fiú eagraíochtaí agus réimsí, a athrú cúpla uair le linn gairme ann.
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE)
Bunaíodh an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) i 1961 i ndiaidh Phlean Marshall. Bhí éire ar cheann den 20 ballstát bunaidh. Tá 34 Bhallstát ag an eagraíocht sa lá atá inniu ann ón Eoraip, ón áise Thuaidh agus ó Mheiriceá Laidineach agus, óna ceanncheathrú i bPáras, fostaíonn sí thart ar 3,000 duine, lena n-áirítear beagnach 80 saoránach éireannach.
Mol plé do shaincheisteanna beartais dhomhanda í ECFE. Tacaíonn sí lena Ballstáit trí chomhairle beartais d’ardchaighdeán a tháirgeadh, bunaithe ar chur chuige piarfhoghlama agus ildisciplíneach agus trína taighde, cabhraíonn sí le caighdeáin a shocrú agus le dea-chleachtas a shainmhíniú ina príomhréimsí de bheartas eacnamaíochta, comhshaoil agus sóisialta.
Dóibh siúd a bhfuil cáilíochtaí iarchéime acu in eacnamaíocht nó i réimsí beartais ECFE lena mbaineann (lena n-áirítear cúrsaí sóisialta, trádáil, talmhaíocht, forbairt, oideachas, fostaíocht, comhshaol, airgeadas, cúrsaí fioscacha agus staitisticí), fostóir spleodrach ar leith í ECFE, a chuireann deis ar fáil cur le cuid den phlé beartais agus taighde ardiomrá is nuálaí atá ar bun sa lá atá inniu ann. Tá tuilleadh eolais faoin méid a bhíonn ag teastáil ó ECFE ar fáil anseo.
An Banc Domhanda & an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)
Cruthaíodh an Banc Domhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúntaag Comhdháil Bretton Woods i 1944 mar chuid den chomhaontú ar chóras airgeadais tar éis an chogaidh. Tá 188 mballstát acu, éire ina measc, agus tá ceanncheathrú an dá eagraíocht in Washington DC, cé go bhfuil oifigí eile acu ar fud an domhain.
Ní banc sa ghnáthchiall é an Banc Domhanda. Is é an eagraíocht forbartha idirnáisiúnta is mó ar domhan é. Is iad a dhá phríomhsprioc deireadh a chur le fíorbhochtaineacht faoi 2030 agus rathúnas domhanda comhroinnte a chur chun cinn trí fhás ioncaim sa bhun 40% i ngach tír a chothú. Cuireann an Banc foinse ríthábhachtach cúnamh airgeadais agus teicneolaíochta ar fail do thíortha i mbéal forbartha, ag tabhairt iasachtaí do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim tríd an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha agus ag tabhairt deontas agus iasachtaí gan ús do na stáit is boichte tríd an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta.
Fostaíonn an Banc Domhanda níos mó ná 10,000 duine, a bhfuil thart ar 60% díobh lonnaithe in Washington. Earcaíonn sé daoine ó cheann ceann na bliana, agus fógraítear poist ar líne. De ghnáth, bíonn cúpla bliain de thaithí ábhartha ghairmiúil agus teist acadúil gnóthachtála ag earcaithe a n-éiríonn leo, chomh maith le tuiscint forleathan ar shaincheisteanna forbartha. Tá tuilleadh eolais faoin méid a bhíonn ag teastáil ón mBanc Domhanda ar fáil anseo.
Tá 188 mballstát ag comheagraíocht an Bhainc Dhomhanda, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, freisin. Is é a chroíchuspóir cobhsaíocht an chórais airgeadais idirnáisiúnta a chinntiú. Déanann sé é sin ar thrí bhealach: trí shúil a choinneáil ar an ngeilleagar domhanda agus ar gheilleagair na mballstát; trí iasachtaí a thabhairt do thíortha a bhfuil deacrachtaí acu le comhardú na n-íocaíochtaí; agus trí chúnamh agus comhairle phraiticiúil a thabhairt dá bhaill.
Fostaíonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta díreach os cionn 2,500 duine ó 147 dtír, éire ina measc. Seachas an fhoireann theicniúil, bíonn formhór na hearcaíochta dírithe ar eacnamaithe agus ar thaighdeoirí eacnamaíochta. Cuireann sé líon teoranta intéirneachtaí íoctha ar fáil do mhic léinn dochtúireachta san eacnamaíocht, chomh maith le clár d’eacnamaithe trí bliana do chéimithe dochtúireachta san eacnamaíocht, san airgeadas nó sa trádáil idirnáisiúnta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir le beartais earcaíochta an Chiste anseo.
An Eagraíocht Dhomhanda Trádála
Eagraíocht idirnáisiúnta dhomhanda í an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a rialálann trádáil idirnáisiúnta. Bunaíodh i 1995 í mar chomharba ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, agus cuireann sí fóram ar fáil chun comhaontuithe a idirbheartú a bhfuil d’aidhm acu constaicí i gcoinne trádáil idirnáisiúnta a laghdú agus cothrom na Féinne a thabhairt do chách, ag cur le forbairt agus le fás eacnamaíochta. Cuireann sí creatlach dhlí agus institiúide ar fáil freisin do chur i bhfeidhm agus do mhonatóiriú na gcomhaontuithe sin, chomh maith le díospóidí a eascraíonn as a léirmhíniú agus a bhfeidhmiú a réiteach.
Tá Rúnaíocht na heagraíochta lonnaithe sa Ghinéiv, ina bhfuil 640 oifigeach ag obair, as 70 tír difriúil, éire ina measc. Tacaíonn an Rúnaíocht le coistí agus le comhairlí éagsúla na hEagraíochta Domhanda Trádála, cuireann sí cúnamh teicneolaíochta ar fáil do thíortha i mbéal forbartha agus déanann sí monatóireacht agus anailís ar fhorbairtí sa trádáil dhomhanda. Cuimsíonn a foireann ghairmiúil eacnamaithe, dlíodóirí agus daoine eile ag a bhfuil saineolas i mbeartas trádála domhanda den chuid is mó, ach, cosúil leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar fad, tá líon suntasach foirne ann a oibríonn i seirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear faisnéisíocht, airgeadas, acmhainní daonna agus seirbhísí teanga. Chuir éire go mór leis an eagraíocht i gcónaí – ba é an téireannach Peter Sutherland an chéad Ard-Rúnaí ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Banc Forbartha na háise (ADB)
Institiúid airgeadais forbartha iltaobhach é Banc Forbartha na háise (ADB), ar le 67 mballstát é, 48 ón réigiún agus 19 ó áiteanna eile ar fud na cruinne. Bunaíodh an Banc i 1966, agus dearadh é chun leas mhuintir na háise agus an Aigéin Chiúin a fheabhsú, go háirithe an 1.8 billiún duine a mhaireann ar níos lú ná $2 in aghaidh an lae. Baineann sé é sin amach trí chineálacha éagsúla cúnaimh a chur ar fáil do rialtais agus d’fhiontar príobháideach, lena n-áirítear comhairle beartais, iasachtaí díreacha, cúnamh teicniúil, deontais, urrúis agus infheistíochtaí gnáthscaireanna. Tá éire ar cheann dá bhallstáit neamhréigiúnacha agus tá éire ar cheann de na 59 dtír a bhfuil ionadaíocht acu i measc 2,900 fostaí an Bhainc, a bhfuil a bhformhór ag obair ag a cheannoifig i Mainile. Earcaíonn sé foireann ó réimse leathan cúlraí. Bheadh roinnt taithí i dtionscadail nó i gcláir do thíortha i mbéal forbartha ag formhór na n-earcach gairmiúil, chomh maith le cúlra láidir acadúil.
Tá clár intéirneachta,,iontach ag an mbanc freisin, a thugann deis do mhic léinn atá i mbun máistreachta nó dochtúireachta oibriú sa Bhanc ar feadh dhá go sé mhí, agus clár do ghairmithe óga, a chuireann sonrúcháin trí bliana ar fáil sa Bhanc. Bíonn ardleibhéal líofachta sa Bhéarla riachtanach don dá chlár, mar sin bíonn buntáiste faoi leith ag iarratasóirí éireannacha.
Eagraíochtaí Réigiúnacha na hEorpa
Eagraíochtaí Réigiúnacha na hEorpa
An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)
Is í an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an eagraíocht idir-rialtasach bunaithe ar shlándáil is mó ar domhan. Cuimsíonn a sainordú réimse leathan imní a bhaineann le slándáil, lena n-áirítear rialú airm, bearta tógála muiníne agus slándála, cearta an duine, mionlaigh náisiúnacha, daonlathú, straitéisí póilíneachta, frithsceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus comhshaoil. Tá stádas ar comhchéim ag na 57 stát atá rannpháirteach in ESCE, éire ina measc, laistigh den eagraíocht agus déantar cinntí le comhaontú ar bhonn polaitiúil, ach ní bhíonn siad ina gceangal dlí.
Tá Rúnaíocht ESCE lonnaithe i Vín, agus tá institiúidí tábhachtacha ESCE eile lonnaithe sa Háig agus i Vársá. Tá oibríochtaí machaire ag an eagraíocht freisin ar fud Oirdheisceart na hEorpa, Oirthear na hEorpa agus Chugais Theas agus Lár na háise, ina bhfuil formhór a n-acmhainní daonna in úsáid. Ar an iomlán, oibríonn níos mó ná 2,500 duine le ESCE i 22 shuíomh dhifriúla.
Comhairle na hEorpa
Eagraíocht réigiúnach idir-rialtasach í Comhairle na hEorpa a chuireann cearta an duine, an daonlathas agus forlámhas an dlí chun cinn ina 47 mBallstát, ag obair chun deireadh a chur le leithcheal, le céasadh, le sceimhlitheoireacht, le caimiléireacht agus coireacht eagraithe, le cibearchoireacht, le bitheitic agus clónáil, le foréigean in aghaidh leanaí agus ban agus le gáinneáil ar dhaoine. Cé gur ballstáit den Chomhairle iad na 28 mBallstát den Aontas Eorpach, ní institiúid de chuid an Aontais an eagraíocht. Tá an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, a dhéanann maoirseacht ar fheidhmiú an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine ar fud na mór-roinne, nasctha le Comhairle na hEorpa. Tá ceanncheathrú Chomhairle na hEorpa in Strasbourg. Fostaíonn sí 2,200 duine, agus coinníonn sí oifigí seachtracha agus idirchaidrimh i réimse eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Deiseanna do Chéimithe
De bharr éagsúlacht na n-eagraíochtaí san earnáil seo, tá réimse leathan deiseanna gairme inti. D’fhéadfadh post teicneolaíochta, allamuigh, bheartais, straitéiseach nó riaracháin a bheith i gceist – díreach mar a bhíonn inár státseirbhís agus inár seirbhís phoiblí féin. Mar dhuine de ‘na héireannaigh idirnáisiúnta’ d’fhéadfá a bheith i do dhéantóir beartais, i do dhlíodóir, i d’eacnamaí, i do chuntasóir, i do shaineolaí cumarsáide, i d’idirbheartaí, i d’eolaí nó i do shaineolaí TFC… is liosta le háireamh é.
De bharr thábhacht na hoibre seo agus na n-ardchaighdeán a theastaíonn di, féadfaidh an comórtas do ghairmeacha idirnáisiúnta a bheith an-dian. Chomh maith le teist láidir acadúil, teastaíonn roinnt taithí ghairmiúil agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, scileanna maithe teanga, ó fhormhór na bpost céimithe ar leibhéal iontrála. Ach bíonn cúrsaí oiliúna íoctha den scoth ag go leor de na heagraíochtaí sin chomh maith le cláir do ghairmithe óga a thugann deis chun taithí ábhartha a thógáil sula bhfaightear post lánaimseartha. Níos mó agus níos mó, féachtar ar shonrúcháin dá leithéid mar an chéad chéim luachmhar i dtreo gairm idirnáisiúnta.
Nuair atá gairm idirnáisiúnta á breithniú agat, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar an réimse leathan deiseanna atá ar fáil do chéimithe. Tugann an chuid seo breac-chuntas ar na príomhdheiseanna atá ar fáil do chéimithe éireannacha i measc eagraíochtaí idirnáisiúnta.
An tAontasEorpach
An tAontas Eorpach
Teastaíonn foireann ag a bhfuil réimse leathan cúlraí agus scileanna ón Aontas Eorpach. Bíonn éileamh ar oifigigh beartais ghinearálta, ar riarthóirí agus ar fhoireann tacaíochta, ar dhlíodóirí, ar aistritheoirí agus ar eacnamaithe i gcónaí, ach bíonn éileamh freisin ar shaineolaithe TFC, ar ghairmithe cumarsáide agus ar eolaithe.
Cúrsaí Oiliúna
I dteannta a chéile, ritheann gníomhaireachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ceann de na cláir cúrsaí oiliúna is mó agus is fearr ar domhan. Gach bliain, bogann níos mó ná 2,000 céimí Eorpach go dtí an Bhruiséil nó go Lucsamburg chun ‘stage’ – an Fhraincis ar chúrsa oiliúna – a mhaireann 3-5 mhí a chur i gcrích leis na hoifigigh is sinsearaí sna Aontas Eorpach. íoctar as formhór na bpost sin – tuilleann na céimithe faoi oiliúint, nó ‘stagiaires’, thart ar €1,200 in aghaidh na míosa de ghnáth.
Bíonn fíorfhreagracht ar na céimithe faoi oiliúint ón gcéad lá riamh, agus go minic bíonn deis acu páirt a ghlacadh i mbeartas an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a athbhreithniú. Mar chéimí faoi oiliúint, d’fhéadfá a bheith ag ullmhú óráidí do Choimisinéirí Eorpacha, i mbun taighde ar bheartas ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag bainistiú cumarsáide ar na meáin shóisialta i bParlaimint na hEorpa. Ina gcás siúd atá ag smaoineamh ar ghairm idirnáisiúnta, bealach den scoth é an ‘stage’ chun cúrsaí a bhrath – cé nach bhfuil aon mheicníocht fhoirmiúil ann chun dul ó oiliúnaí go hoifigeach buan, cuireann go leor de na hoifigigh san Aontas Eorpach tús lena ngairm ann mar stagiaires.
Bíonn a clár oiliúna féin ag gach institiúid agus gníomhaireacht san Aontas Eorpach, agus bíonn spriocdhátaí agus próiseas iarratais ar leith ag gach aon cheann. Cé go bhfuil cuma saghas casta air seo ar dtús, buntáiste é d’aon duine atá ag iarraidh ‘stage’ a chinntiú. Is iad siúd a choinníonn iad féin ar an eolas ar na roghanna difriúla agus a chuireann iarratas straitéiseach isteach a thugann an deis is fearr dóibh féin.
Tá an clár is mó ag an gCoimisiún Eorpach – gan amhras; oibríonn thart ar leath d’oifigigh an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún. Bíonn dhá thréimhse aige do na cúrsaí oiliúna gach bliain, ó mhí an Mhárta go mí Lúnasa agus ó mhí Dheireadh Fómhair go mí Feabhra, agus glactar leis na hiarratais sé mhí roimh ré. Tá an chéad chlár eile is mó ag Parlaimint na hEorpa, a chuireann cúrsaí oiliúna ar fáil i mbeartas ginearálta agus i sainaistriúchán, agus murab ionann is an Coimisiún, glacann sí le roinnt oiliúnaithe fochéime.
Mar na cláir is mó agus is aitheanta, is mó tóir a bhíonn ar chláir an Choimisiúin agus na Parlaiminte ná aon chláir eile, agus bíonn an iomaíocht fíorghéar. Má tá an-fhonn ort taithí a fháil sa Bhruiséil, is fiú breathnú ar na deiseanna sna hinstitiúidí agus sna gníomhaireachtaí níos lú, chomh maith leis an iliomad eagraíochtaí gairmiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhíonn dírithe ar an Aontas Eorpach. Cuirtear sonraí faoi na cláir oiliúna is mó ar an suíomh gréasáin seo go minic, ach d’fhéadfadh siad siúd a dteastaíonn uathu pleanáil don todhchaí breathnú freisin ar an a choimre ar spriocdhátaí ar chúrsaí oiliúna atá ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).
D’fhonn a bheith incháilithe d’fhormhór na gcúrsaí oiliúna, teastaíonn céim fochéime tríú leibhéal (sa chás go bhfuil scrúduithe na bliana deiridh curtha i gcrích agat ach nach bhfuil do dhioplóma faighte agat go fóill, tá tú i dteideal iarratas a chur isteach freisin) chomh maith le heolas maith ar dhá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh Eorpaigh ar a laghad, lena n-áirítear ceann de na trí theanga oibre – Béarla, Fraincis nó Gearmáinis. Tá tábhacht ag baint le scileanna teanga san Aontas Eorpach. Ach níor cheart do na riachtanais theangeolaíocha lagmhisneach a chur ort – cuimhnigh go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh freisin agus gur féidir í a úsáid chun críche comórtais. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil an méid oibre a dhéantar san Aontas Eorpach trí Bhéarla ag dul i méid i gcónaí, agus dá bharr sin go mbíonn an-éileamh ar chéimithe éireannacha sna hinstitiúidí ar fad.
Oifigeach Riaracháin
Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) seirbhís earcaíochta an Aontais Eorpaigh agus bainistíonn sí an earcaíocht ar fad do phoist bhuana i gCoimisiún na hEorpa, i bParlaimint na hEorpa, agus i bhformhór na n-institiúidí eile.
Is ionann riarthóirí agus oifigigh beartais, bainisteoirí agus anailíseoirí taighde an Aontais Eorpaigh. Mar riarthóir, d’fhéadfaí iarraidh ort oibriú ar réimse tascanna nó tionscadal. Ag brath ar an institiúid ina sanntar thú, d’fhéadfadh obair ar shaincheisteanna beartais a bhaineann leis an gcomhshaol a bheith i gceist – mar shampla, idirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhaontú le déantóirí carranna chun gáis cheaptha teasa a laghdú; beartais leathana eacnamaíochta Ballstáit a chomhordú; nó taighde dlí a chur i gcrích don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach.
Cé gur oifigigh bheartais ghinearálta, nó ginearálaithe iad go leor de na riarthóirí – nó ‘riarthóirí poiblí’ mar a thugtar go minic orthu – earcaíonn an tAontas Eorpach riarthóirí ag a bhfuil cáilíochtaí ar leith in iniúchóireacht, sa dlí agus i gcaidreamh seachtrach. Pé tasc sonrach atá acu, bíonn ar riarthóir déileáil le go leor eolais go hiondúil, a bhailítear ó fhoinsí éagsúla, agus déanann siad anailís agus léirmhíniú air chun cabhrú le beartais agus reachtaíocht a fhorbairt. Bíonn scileanna anailíseacha agus cumarsáide riachtanach don phost mar sin. Tá scileanna teanga riachtanach freisin; teastaíonn inniúlacht in dhá cheann ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, do phost buan ar bith, ceann de na trí theanga oifigiúla ina measc (Béarla, Fraincis agus Gearmáinis).
Grádaítear gairmeacha riarthóirí (AD) idir AD5 agus AD16. Is é AD16 an grád is airde, an grád a bhíonn ag Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh, an státseirbhíseach is sinsearaí san Aontas Eorpach (an téireannach Catherine Day go dtí le deireanaí). Is é AD5 an leibhéal iontrála do chéimithe Ollscoile (nó do mhic léinn ina mbliain deiridh atá le céim a bhaint amach an bhliain sin) agus sin an grád ag a n-earcaítear formhór na gcéimithe. Is é €4,384 in aghaidh na míosa an tuarastal tosaigh ag leibhéal AD5 (tá níos mó eolais ar choinníollacha agus ar scálaí tuarastail anseo). Osclaíonn na comórtais mí an Mhárta go hiondúil. Tá níos mó eolais faoin gcaoi le hiarratas a chur isteach sa rannóg thíos.
Eacnamaíochta
Bíonn sé d’aidhm ag beartais an Aontais Eorpaigh comórtas cóir a chinntiú, bochtanas a mhaolú agus caighdeáin maireachtála a ardú do gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh. Oibríonn eacnamaithe in go leor poist thábhachtacha ar fud institiúidí an Aontais Eorpaigh, ag soláthar anailís eacnamaíoch agus staitistiúil agus ag múnlú beartais nua i réimsí ar nós an airgeadra aonair, lánpháirtíocht eacnamaíoch agus trádáil uile-Eorpach. Earcaítear eacnamaithe chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle na hEorpa trí shainchomórtais a ritheann EPSO, san fhómhar go hiondúil. Earcaíonn an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta go díreach, agus tionóltar comórtais ar feadh na bliana.
Aistritheoirí & Ateangairí
Tá 24 theanga oifigiúlaag an Aontas Eorpach, an Ghaeilge agus an Béarla ina measc. Cé go dtugtar faoi fhormhór na hoibre sna hinstitiúidí sna trí theanga oibre – Béarla, Fraincis nó Gearmáinis – aistrítear téacsanna reachtaíochta agus cáipéisí an Aontais Eorpaigh go gach teanga oifigiúil. Chun tabhairt faoin obair sin, fostaíonn an tAontas Eorpach foireann mhór aistritheoirí agus dlítheangeolaithe (saineolaithe sa dlí agus san aistriúchán). Fostaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus institiúidí eile ateangairí freisin a thacaíonn le cumarsáid i gceann de na timpeallachtaí is ilteangaí sa pholaitíocht. Earcaítear aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe ag leibhéal Riarthóra go hiondúil. Chomh maith le céim Ollscoile a bheith acu, in ábhar ábhartha más féidir, caithfidh máistreacht a bheith ag aistritheoirí i dtrí theanga Eorpacha ar a laghad, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis ina measc.
Cúntóirí
Oibríonn cúntóirí i réimse róil tacaíochta riaracháin, cléireachais agus teicneolaíochta ar fud institiúidí an Aontais Eorpaigh. áirítear le gnáthfhreagrachtaí comhordú cúrsaí airgeadais agus buiséad rannóg; acmhainní daonna; agus bainistíocht cáipéisí. Is féidir cúntóirí a earcú mar ghinearálaithe nó mar chúntóirí le saineolas sonrach ar bhainistíocht airgeadais, ar chumarsáid nó ar acmhainní daonna. Cuimsíonn gairm cúntóra na gráid AST 1 go AST 11, agus earcaítear comhaltaí foirne nua ag AST 1 nó ag AST 3. Tosaíonn na tuarastail ag idir €2,675 agus €3,234 in aghaidh na míosa, gan sochair san áireamh. Caithfidh meánoideachas a bheith curtha i gcrích agat chun iarratas a dhéanamh, agus taithí ábhartha a bheith agat roimhe sin, nó cáilíocht gairme ábhartha. Chomh maith leis sin, caithfidh cumas réasúnta a bheith agat in dhá theanga Eorpacha ar a laghad, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis ina measc.
Gníomhairí ar Conradh
Oibríonn na mílte duine ar fud institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar chonarthaí sealadacha nó ar chonarthaí ar théarma seasta. Tairgtear iad sin go minic le haghaidh saintionscadail ar nós taighde eolaíochta nó cumarsáide, agus eagraíonn na hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí aonair an earcaíocht. Ach earcaíonn an Coimisiún le haghaidh obair chléireachais agus riaracháin trí ghníomhaireachtaí d’oibrithe sealadacha. áitiúla freisin. I gcás go leor céimithe, cuireann conradh sealadach pointe iontrála ar fáil do ghairm san Aontas Eorpach, a chuireann ar do chumas taithí agus teagmhálaithe a thógáil, agus tairbhe a bhaint as an oiliúint a chuirtear ar fáil do chomhaltaí foirne an Aontais Eorpaigh chun réiteach do chomórtais bhuana. Bíonn earcaíocht do róil shealadacha nó ar conradh ar siúl ar feadh na bliana, agus iarrtar ar iarrthóirí CV a uaslódáil i bhformáid Europass ar bhunachar sonraí CV an Aontais Eorpaigh. Tá go leor eolas áisiúil le fáil chomh maith ar shuíomh gréasáin EPSO.
Na Náisiúin Aontaithe
Ar nós an Aontais Eorpaigh, de bharr mhéid agus raon na Náisiún Aontaithe tá an réimse deiseanna gairmeacha atá ar fáil do chéimithe ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí mór millteach – agus bíonn cuma iomarcach air ar dtús uaireanta. Acmhainn den scoth é an suíomh gréasáin UN Careers chomh maith le fógra a thabhairt faoi na folúntais reatha ar fad atá ag na Náisiúin Aontaithe, tugtar léargas soiléir ar obair a ngníomhaireachtaí éagsúla agus tugtar sonraí ann faoi na cáilíochtaí a bhíonn ó na Náisiúin Aontaithe ina n-earcaigh, chomh maith le treoir phraiticiúil ar an bpróiseas iarratais.
Cé go mbraitheann na riachtanais do na folúntais leis na Náisiúin Aontaithe ar an bpost féin, ní mór a bheith líofa i mBéarla nó i bhFraincis (teangacha oibre na Náisiún Aontaithe) i ngach cás. Teastaíonn céim bhaitsiléara ar a laghad d’fhormhór na bpost, agus teastaíonn cáilíochtaí breise acadúla chomh maith le taithí oibre i réimse gaolmhar le haghaidh poist bhuana nó poist níos fadtéarmaí go hiondúil.
Intéirneachtaí
Mar a tharlaíonn san Aontas Eorpach, go minic tosaíonn céimithe in intéirneacht nó ar shocrúchán sealadach. Cuireann na Náisiúin Aontaithe intéirneachtaí ar fáil a mhaireann idir dhá agus sé mhí sna príomhoifigí ar fad (lena n-áirítear Nua-Eabhrac, an Ghinéiv agus Vín) agus in go leor dá gcistí agus dá gcláir. Ach murab ionann agus formhór na gcúrsaí oiliúna san Aontas Eorpach, ní íoctar as intéirneachtaí sna Náisiúin Aontaithe agus bíonn na hintéirnigh freagrach as a víosaí, as a dtaisteal agus as a n-árachas leighis féin. Ach bíonn an taithí a fhaightear mar oiliúnaí an-luachmhar go minic, go háirithe dóibh siúd atá ag cuimhneamh ar dhul ag obair i saol na taidhleoireachta agus an bheartais phoiblí. Cuirtear na hintéirneachtaí i dtoll a chéile chun taithí phearsanta a thabhairt ar thimpeallacht oibre laethúil na Náisiún Aontaithe, agus cuirtear deis ar fáil chun oibriú go dlúth le gairmithe agus le lucht ardbhainistíochta na Náisiún Aontaithe, páirt a ghlacadh i gcruinnithe agus i gcomhdhálacha ardleibhéil, agus cur le hobair anailíseach chomh maith le beartas eagraíochta na Náisiún Aontaithe. D’fhonn a bheith incháilithe, caithfidh tú a bheith cláraithe sa bhliain deiridh de chlár Baitsiléara, Máistreachta nó Dochtúireachta nó céim dá leithéid a bheith faighte agat le dhá mhí dhéag anuas agus caithfidh dea-scileanna cumarsáide a bheith agat.
Clár na nOibrithe Deonacha
Gach bliain, glacann thart ar 8,000 céimí ó 160 náisiún difriúil páirt i gClár na nOibrithe Deonacha de chuid na Náisiún Aontaithe. Oibríonn Oibrithe Deonacha na Náisiún Aontaithe ar feadh tréimhsí sé mhí go hiondúil le misean nó ;e gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe, ag cur na síochána chun cinn, ag freagairt do thubaistí, ag cumhachtú pobal agus ag cabhrú le slite beatha inbhuanaithe agus forbairt bhuan a thógáil. Cé nach bealach foirmiúil iontrála é an clár chuig gairm leis na Náisiúin Aontaithe, is féidir leis an taithí a bheith thar a bheith luachmhar, idir thaithí ghairmiúil agus taithí phearsanta. Faigheann oibrithe deonacha leis na Náisiúin Aontaithe Liúntas Maireachtála d’Oibrí Deonach a chlúdaíonn bunriachtanais, tithíocht agus fóntais, chomh maith le tacaíochtaí eile (e.g. árachas sláinte agus míchumais bhuain, ticéid eitiltí fillte agus liúntas athlonnaithe ainmniúil). Le bheith i d’oibrí deonach leis na Náisiúin Aontaithe caithfidh tú a bheith 25 bliana d’aois nó níos sine agus caithfidh céim ollscoile nó dioplóma ardoideachais agus dhá bhliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith agat. Ina theannta sin, ba cheart duit a bheith díograiseach, tiomanta d’obair dheonach agus réidh le hoibriú i suíomhanna ina bhfuil go leor anró ar feadh tréimhsí idir sé agus dhá mhí dhéag. Cuireann an suíomh gréasáin UN Jobsfinder forléargas níos mionsonraithe ar fáil faoin gclár dóibh siúd a bhfuil spéis acu ann.
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
Reáchtálann ECFE, an Banc Domhanda, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus Banc Forbartha na háise cláir do ghairmithe óga agus cláir intéirneachta den scoth do chéimithe ag a bhfuil cúlra in eacnamaíocht, in airgeadas nó i ndisciplíní gaolmhara. Bíonn an-iomaíocht sna comórtais do na socrúcháin sin agus de ghnáth bíonn ardleibhéal gnóthachtála acadúla acu siúd a earcaítear, ar leibhéal iarchéime go hiondúil.
Osclaíonn clár do ghairmithe óga ECFE d’iarratais gach re bliain (beidh an chéad timthriall eile ar fáil i bhfómhar na bliana 2016). Bíonn gairmithe óga lonnaithe i gceanncheathrú ECFE i bPáras agus earcaítear iad ar théarma socraithe dhá bhliain, agus leanann go leor díobh ar aghaidh in ECFE ag deireadh an téarma sin trí chur isteach ar fholúntais atá ar fáil. Fógraítear poist ar chonradh níos fadtéarmaí, a dteastaíonn taithí ghairmiúil níos fairsinge lena n-aghaidh go hiondúil, ar shuíomh gréasáin gairmeacha ECFE..
Reáchtálann an Banc Domhanda clár íoctha intéirneachta do mhic léinn atá cláraithe ar chlár staidéir iarchéime lánaimseartha (leibhéal Máistreachta nó Dochtúireachta) i réimsí ábhartha, lena n-áirítear eacnamaíocht, airgeadas, forbairt an duine, eolaíocht shóisialta, talmhaíocht agus an comhshaol. Bíonn na poist lonnaithe i gceanncheathrú an Bhainc in Washington DC go hiondúil agus maireann siad ceithre seachtaine ar a laghad. Glactar le hiarratais i mí na Nollag agus i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
In 2015, sheol an Banc Clár d’Anailísithe Grúpa nua, atá ar oscailt d’iarratasóirí faoi bhun 28 mbliana d’aois ag a bhfuil céim Bhaitsiléara nó Mháistreachta i réimse ábhartha. D’fhéadfá a bheith ag obair i gceanncheathrú an Bhainc nó i gceann dá oifigí réigiúnacha mar chuid den chlár struchtúrtha trí bliana agus cuireann sé deis iontach ar fáil d’aon duine ag a bhfuil díograis don fhorbairt idirnáisiúnta.
Ritheann an Banc clár do ghairmithe óga freisin atá cosúil le clár ECFE, a dhírítear ar iarchéimithe (ar leibhéal dochtúireachta den chuid is mó) ag a bhfuil cáilíochtaí sna réimsí thuas agus roinnt taithí ghairmiúil.
Trína chlár intéirneachta, tugann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta deis do mhic léinn atá cláraithe ar chláir Dhochtúireachta nó Mháistreachta san eacnamaíocht tabhairt faoi shocrúcháin taighde íoctha trí mhí ina cheanncheathrú in Washington, agus iarrtar iarratais mí na Nollag go hiondúil. Tógann Clár d’Eacnamaithe clúiteach an Chiste air sin trí chur ar chumas céimithe dochtúireachta eacnamaíochta d’ardchumas dul ar shonrúchán gairmiúil trí bliana inar féidir leo a gcuid taighde a chur i bhfeidhm ar obair bheartais an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Ritheann Rúnaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála clár intéirneachta íoctha teoranta do mhic léinn iarchéime ar mian leo taithí phraiticiúil agus eolas níos doimhne a fháil ar chóras trádála iltaobhach. D’fhonn a bheith incháilithe, caithfidh tú a bheith idir 21 bhliain d’aois agus 30 bliain d’aois agus staidéar fochéime a bheith curtha i gcrích agat i ndisciplín ábhartha (e.g. eacnamaíocht, dlí, eolaíocht pholaitíochta, caidreamh idirnáisiúnta) chomh maith le bliain amháin ar a laghad de staidéar iarchéime. Tugtar faoi na hintéirneachtaí in oifig na Rúnaíochta sa Ghinéiv agus maireann siad sé mhí go hiondúil.
Tá clár intéirneachta ag Banc Forbartha na háise freisin, a thugann deis do mhic léinn atá i mbun máistreachta nó dochtúireachta ó dhisciplíní ábhartha oibriú sa Bhanc ar feadh dhá go sé mhí, chomh maith le clár do ghairmithe óga, a thacaíonn le sonrúcháin trí bliana sa Bhanc.
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)
Organisation for Security and Cooperation in Europe (OSCE)
Cuireann ESCE réimse leathan deiseanna ar fáil dóibh siúd ag a bhfuil saineolas ar chearta an duine, ar chúrsaí eacnamaíochta agus comhshaoil, ar na meáin, ar chúrsaí polaitíochta agus slándála, ar an daonlathú agus ar fhorlámhas an dlí. Eagraíocht neamhghairme í ESCE – dá réir, cuireann sí conarthaí ar théarma seasta ar fáil, seachas poist bhuana, agus fógraítear folúntais ar a suíomh gréasáin.
Cuireann ESCE líon teoranta áiteanna ar fáil ar an gclár intéirneachta, agus glactar le 40 intéirneach gach bliain ar shocrúcháin le haonaid/rannóga difriúla i Rúnaíocht na heagraíochta i Vín agus sa Phrág. Glacann Institiúidí ESCE agus roinnt oibríochtaí machaire le hintéirnigh freisin chun tacú lena ngníomhaíochtaí. Ba cheart d’iarratasóirí a bheith faoi bhun 30 bliain d’aois agus ina mic léinn ina mbliain deiridh d’ardoideachas ar leibhéal céime nó iarchéime; nó a bheith ina gcéimithe nó ina n-iarchéimithe le deireanaí, i.e. laistigh de dhá bhliain de bhronnadh na céime.
Tugann clár Oifigeach Gairmiúil Sóisearach ESCE deis do ghairmithe faoi bhun 30 bliain d’aois a chuir a staidéar i gcrích le deireanaí léargas cuimsitheach a fháil ar an Eagraíocht. Glactar le hoifigigh ar an gclár faoi dhó sa bhliain, le sé shocrúchán ar feadh naoi mí. Eisítear fógraí ar shuíomh gréasáin ESCE.
Tairgeann ESCE conarthaí ar théarma seasta agus conarthaí gearrthéarmacha le haghaidh post sa Rúnaíocht, sna hinstitiúidí agus sa réimse riaracháin go príomha, ina hoibríochtaí machaire. Earcaíonn an Eagraíocht sainchomhairleoirí chun seirbhísí comhairleoireachta agus cúnamh saineolach a chur ar fáil ar bhonn gearrthéarmach agus ad hoc chun cur le hobair na gcomhaltaí foirne rialta nó le haghaidh tionscadail shonracha. Moltar do shaineolaithe a mbeadh spéis acu ann cur isteach ar fhógraí faoi fholúntais shonracha comhairleoireachta a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin ESCE. Ní mór d’iarratasóirí ar phoist dá leithéid céim ollscoile a bheith acu agus, go hiondúil, cúpla bliain taithí ar leibhéal náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta i réimse ábhartha saineolais. Teastaíonn speisialtóireacht iarchéime agus taithí bhainistíochta le haghaidh poist níos sinsearaí.
Comhairle na hEorpa
Tá dea-cháil ar chlár cúrsaí oiliúna Chomhairle na hEorpa trínar féidir céimithe a chur ag obair i gceanncheathrú na Comhairle in Strasbourg ar feadh idir dhá agus cúig mhí. Ní íoctar as cúrsaí oiliúna na Comhairle, ach cuireann siad taithí ghairmiúil den scoth ar fáil, a chuireann ar chumas oiliúnaithe foghlaim faoi na struchtúir, faoi na gníomhaíochtaí agus faoi na nósanna imeachta i gcomhar idirnáisiúnta a bhíonn ag Comhairle na hEorpa, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm. Bíonn dhá sheisiún oifigiúla oiliúna ann gach bliain, a thosaíonn mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair.
Tá Clár do Ghairmithe Sóisearacha ag an gComhairle freisin, a thugann deis do chéimithe le deireanaí taithí thábhachtach a fháil in institiúid idirnáisiúnta agus cur le cearta an duine, leis an daonlathas agus le forlámhas an dlí a chosaint ar fud na hEorpa. Tá an Scéim do Dhlíodóirí Cúnta nasctha leis seo, a chuireann céimithe dlí ag obair sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Maireann socrúcháin faoi na cláir sin trí nó ceithre bliana go hiondúil, agus fógraítear folúntais ar shuíomh gréasáin Chomhairle na hEorpa.
Fostaíonn an Chomhairle comhaltaí foirne sealadacha freisin chun asláithreacht foirne agus tréimhsí diana oibre a chlúdach, nó chun tacú le tionscadail shonracha. Féadfaidh conarthaí sealadacha míosúla nó laethúla maireachtáil idir cúpla lá suas go naoi mí ar a mhéad in aon bhliain féilire, agus bealach iontach iad chun taithí idirnáisiúnta a fháil go minic. Bíonn folúntais shealadacha ar fáil ar thrí leibhéal agus clúdaíonn siad obair oifigigh agus dlíodóirí clár/tionscadal, cúntóirí tacaíochta rúnaíochta/riaracháin agus comhaltaí foirne i seirbhísí teicniúla.
Modh Iarratais?
Nuair a dhéanann tú iarratas ar phost idirnáisiúnta, bíonn tú san iomaíocht in aghaidh iarrthóirí as gach cearn den Eoraip, nó fiú an domhan. Tá sé riachtanach go dtuigeann tú an chaoi a n-oibríonn an próiseas earcaíochta agus an chaoi le thú féin a chur i láthair go héifeachtach má theastaíonn uait a bheith ag obair mar dhuine de ‘na héireannaigh Idirnáisiúnta’. Mínítear sa rannóg seo an chaoi a n-earcaíonn na heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla agus tugtar leideanna faoin gcaoi le d’iarratas a dhéanamh suaithinseach i measc na gceann eile.
- An tAontas
Eorpach - Na Náisiúin
Aontaithe - Eagraíochtaí
Eacnamaíochta - Eagraíochtaí
Réigiúnacha
na hEorpa - Leideanna
don Iarratas
An tAontas Eorpach
An tAontas Eorpach
Cúrsaí Oiliúna
Bíonn a clár oiliúna féin ag gach institiúid agus gníomhaireacht san Aontas Eorpach, agus bíonn a spriocdhátaí agus próiseas iarratais féin ag gach aon cheann. Ach bíonn an-chosúlachtaí eatarthu agus is féidir ábhar a ullmhaítear d’iarratas amháin, i ndiaidh é a athrú beagáinín, a úsáid chun cur isteach ar chláir eile.
Ritheann formhór na n-institiúidí próiseas roghnaithe dhá chéim. Ar an gcéad dul síos, caithfidh tú iarratas ar líne a chur isteach, ina dtugann tú breac-chuntas ar do chuid cáilíochtaí, ar do thaithí ghairmiúil agus ar do scileanna. Déanann painéal measúnú orthu siúd, agus comhaontaítear gearrliosta iarrthóirí. Foilsítear an liosta sin sa ‘Leabhar Gorm’ mar a thugtar air sa Bhruiséil, bunachar sonraí óna roghnaíonn bainisteoirí san Aontas Eorpach a n-oiliúnaithe roghnaithe le cur faoi agallamh, ar an bhfón go hiondúil.
Cé go mbíonn difríochtaí idir na critéir, déanann formhór na gclár cúrsaí oiliúna measúnú ar iarrthóirí mar seo a leanas: Próifíl oideachais; Scileanna teanga i gceann de na trí theanga oibre (Béarla, Fraincis agus Gearmáinis); Scileanna teanga i gceann ar bith eile de na 24 theanga oifigiúla Eorpacha (an Ghaeilge ina measc); Taithí oibre ábhartha; Próifíl / taithí idirnáisiúnta (e.g. fianaise ar chónaí nó staidéar thar lear); Spreagadh; Scileanna TF, scileanna eagraíochta agus saineolas speisialtóra.
Chun áit a fháil ar chúrsa oiliúna leis an Aontas Eorpach, caithfidh tú foirm mhaith iarratais a chur i láthair ar dtús. Tugann rannóg na leideanna noda maithe ginearálta – tá tuilleadh comhairle ar fáil ó fheachtas Post an AE a chomhordaíonn Roinn an Taoisigh.
Gairmeacha Buana
Is annamh a earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh chun poist aonair a líonadh. Ina áit sin, cosúil leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, reáchtálann siad comórtais chun painéil d’iarrthóirí cáilithe a bhunú agus tairgtear poist dóibh siúd de réir mar a thagann siad chun cinn. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO), seirbhís earcaíochta an Aontais Eorpaigh, a bhainistíonn an próiseas sin agus sin an áit is fearr le tús a chur le do chuardach le haghaidh gairm san Aontas Eorpach. Eagraítear comórtais chun riarthóirí ginearálta a earcú san earrach. Osclaíonn na comórtais d’ateangairí, d’aistritheoirí, do theangeolaithe agus do dhlítheangeolaithe ag deireadh an tsamhraidh go hiondúil, ach osclaíonn na comórtais do phoist speisialtóra, ar nós eacnamaithe, san fhómhar.
Tá eolas ar shuíomh gréasáin EPSO faoi gach gné de ghairm leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear próifílí mionsonraithe ar phoist atá ar fáil agus ar chomórtais atá ag teacht aníos. Is féidir tabhairt faoi bhréagscrúduithe do na poist a mbeadh spéis agat iontu, éisteacht le hoifigigh atá ag obair san Aontas Eorpach ag cur síos ar a róil, agus níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn an próiseas earcaíochta i ndáiríre. Is é seo freisin an áit a dtógann tú an chéad chéim chun iarratas a dhéanamh ar phost sonrach trí chuntas EPSO a chruthú nó trí logáil isteach air.
I ndiaidh duit cuntas EPSO a chruthú, ba cheart duit tús a chur le cur isteach ar aon chomórtas trí fhógra an chomórtais a léamh – beidh an t-eolas ar fad ann a theastóidh chun d’iarratas a réiteach. Beidh ort a chinneadh an gcomhlíonann tú na critéir cháilíochta agus do rogha teangacha comórtais a roghnú (teastaíonn péire ó fhormhór na gcomórtas). Tá treoir áisiúil ag EPSO faoin bpróiseas iarratais, agus is féidir í sin a íoslódáil anseo.
I ndiaidh duit iarratas a chur isteach, agus fad is go gcomhlíonann tú na bunriachtanais, iarrfar ort tabhairt faoi Thástáil Ríomhbhunaithe, a dheartar chun do chumais chognaíocha ghinearálta, do réasúnaíocht theibí agus do bhreithiúnas suíomhúil a mheas – tugtar faoi na tástálacha sin i do chéad teanga chomórtais (ceann ar bith de 24 teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh) agus is féidir iad a dhéanamh in éirinn nó i mBallstát ar bith eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Má éiríonn sách maith leat sna tástálacha sin, iarrfar ort tabhairt faoi chleachtadh idirmheánach E-Tray in éirinn nó, má bhíonn an líon iarratasóirí níos lú, tabhairt faoin gcéim comórtais deiridh sa Bhruiséil. Cuimsítear ansin ionad measúnaithe lae, lena n-áirítear agallamh struchtúrtha, cleachtadh grúpa agus cur i láthair ó bhéal, agus déantar sin i do dhara teanga chomórtais (Béarla, Fraincis nó Gearmáinis). Má éiríonn leat ansin, cuirfear ar liosta ionadaithe thú, agus earcófar go díreach uaidh sin thú chuig ceann de na hinstitiúidí.
Poist Shealadacha
Ní hiad comórtais oscailte EPSO an t-aon phróiseas trína n-earcaíonn an tAontas Eorpach. Fostaíonn na hinstitiúidí foireann neamhbhuan go minic i róil saineolaithe agus ginearálaithe. Tugtar gníomhairí ar conradh agus gníomhairí sealadacha orthu siúd. Cé go mbíonn tréimhse theoranta i gceist leis na conarthaí neamhbhuana ar ndóigh, is bealach iontach iad chun tús a chur le hoibriú sna hInstitiúidí. Bhí go leor díobh siúd ar éirigh leo poist bhuana a fháil ag obair roimhe sin i bpoist neamhbhuana, agus thapaigh siad an deis, agus iad sna poist sin, chun a scileanna teanga, a n-eolas ar an Aontas Eorpach agus a n-inniúlachtaí ginearálta a fhorbairt, agus dá bhrí sin a seansanna sa concours a mhéadú go mór.
Bíonn an próiseas iarratais do phoist ar conradh agus do phoist bhuana níos simplí ná próiseas EPSO agus ní bhíonn na riachtanais teanga baileach chomh dian céanna. Déanann iarrthóirí iarratas trí CV don Aontas Eorpach a chur isteach ar líne ó tharla go gcuirtear na mílte CV isteach ar líne, bíonn sé riachtanach go hiondúil go ndírítear aird na stiúrthóireachta nó na rannóige ina dteastaíonn uait oibriú ar d’iarratas. Tús maith é ríomhphost simplí a chur chuig an oifigeach ceart go minic – acmhainn den scoth é EU’s Who’s Who Directory an Aontais Eorpaigh ina leith sin. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na próifílí atá á lorg, leis na critéir incháilitheachta agus leis na nósanna imeachta iarratais a fháil anseo.
Na Náisiúin Aontaithe
Na Náisiúin Aontaithe
Foilsítear gach folúntas i Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear na cúrsaí oiliúna, ar UN Careers Portal. Is do phost sonrach in oifig áirithe iad formhór na n-oscailtí, ach bíonn folúntais chineálacha ann freisin, cosúil leis na comórtais a ritheann an tAontas Eorpach agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a úsáidtear chun uainchláir a chruthú d’iarrthóirí a bhíonn ar fáil le roghnú láithreach ar fud na heagraíochta.
Cuirtear iarratais isteach trí chóras earcaíochta ar líne na Náisiún Aontaithe. Résumé digiteach fairsing é seo go bunúsach, ina ndéanann tú cur síos ar d’oideachas, ar d’inniúlachtaí, ar do ghnóthachtálacha agus ar do thaithí ghairmiúil. Ní mór go mbeadh litir chlúdaigh ghairid le gach iarratas freisin; is é sin do sheans chun tú féin a idirdhealú ó na hiarratasóirí eile trí bhéim a leagan ar an gcúis gur tusa is fearr don phost. Molann na Náisiúin Aontaithe go mbeadh an litir gairid (trí go ceithre alt) agus chomh spriocdhírithe agus is féidir ar an bpost ar a bhfuil tú ag cur isteach – dá mhéad oibre a chuireann tú isteach i do litir a dhéanamh ceart, is é is mó seans go n-éireoidh leat.
Measfar d’iarratas i dtéarmaí taithí, oideachais agus scileanna. Má chomhlíonann tú na riachtanais, rachfar i dteagmháil leat chun tabhairt faoi mheasúnú. Ag brath ar an bpost, d’fhéadfadh gur scrúdú i scríbhinn a bheadh ann nó cineál eile cleachtadh postaithrise nó cás-staidéir. Má éiríonn sách maith leat ann, cuirfear ar ghearrliosta thú ansin le haghaidh agallamh bunaithe ar inniúlachtaí, a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an nguthán, ar fhíschomhdháil nó go pearsanta.
Tá na sonraí ar fad faoin bpróiseas agus comhairle ar an gcaoi le réiteach do gach céim ar fáil anseo.
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
Eagraíochtaí Eacnamaíochta
Foilsítear folúntais ECFE ar a suíomh gréasáin earcaíochta, agus bíonn siad ar fáil ar feadh ceithre seachtaine. Seachas i gcás na gclár do ghairmithe óga, is le haghaidh poist shonracha na folúntais, agus bíonn sainchuntais mhionsonraithe poist ar fáil i ngach cás. Ní mór iarratais a chur isteach ar líne, agus tugtar cuireadh d’iarrthóirí cáilithe tabhairt faoi mheasúnú nó dul faoi agallamh i bPáras. Féadfaidh tú clárú le nuashonruithe uathoibríocha a fháil ar dheiseanna ábhartha ar shuíomh gréasáin ECFE.
Tugtar liosta ar shuíomh's Post an Bhainc Dhomhanda de na folúntais reatha ar fad san eagraíocht, lena n-áirítear sainchuntais poist agus critéir roghnúcháin, agus cuirtear córas ar fáil trínar féidir iarratais a chur isteach ar líne. Amhail ECFE, is le haghaidh poist shonracha na folúntais, agus roghnaítear grúpa beag iarrthóirí le cur faoi agallamh i ngach cás.
Tá córas earcaíochta dá leithéid ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, a éilíonn ar iarratasóirí próifíl ghairid a réiteach, agus go gcuirfidís isteach ar dheiseanna sonracha bunaithe uirthi sin.
Tá an próiseas céanna i bhfeidhm ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus ag Banc Forbartha na háise. Tá suíomh intéirneachta, ag Banc Forbartha na háise freisin, trína n-eisítear fógraí le haghaidh comórtais intéirneachta.
Eagraíochtaí Réigiúnacha na hEorpa
Eagraíochtaí Réigiúnacha
na hEorpa
Fógraítear gach post ESCE trína Tugtar breac-chuntas mionsonraithe i gcás gach inniúlachta, scile agus cáilíochta a theastaíonn don ról, chomh maith leis an spriocdháta ábhartha agus téarmaí agus coinníollacha eile. Caithfear iarratais a chur isteach ar líne. Iarrtar ar iarrthóirí a chomhlíonann an caighdeán incháilithe teacht go hagallamh go hiondúil.
Tá suíomh earcaíochta dea-dheartha ag Comhairle na hEorpa, trínar féidir breathnú ar na deiseanna reatha ar fad sa Chomhairle, iarratas a dhéanamh ar fhógra faoi fholúntais i réimsí sonracha spéise, agus iarratais a chur isteach go díreach. Amhail ESCE, is le haghaidh poist shonracha an earcaíocht agus leantar próiseas caighdeánach ina gcruthaítear gearrliosta ar dtús bunaithe ar an taithí agus ar na cáilíochtaí a dtugtar breac-chuntas orthu san fhoirm iarratais ar líne; bíonn measúnuithe i scríbhinn ina dhiaidh sin (scrúduithe, cleachtaí postaithrise nó cás-staidéir mar shampla), agus, ar deireadh, agallaimh bunaithe ar inniúlachtaí. Braithfidh cineál beacht na measúnuithe ar an bpost atá i gceist.
Leideanna don Iarratas
Leideanna don Iarratas
Cé go bhfuil a bpróisis féin ag gach ceann de na heagraíochtaí idirnáisiúnta a phléitear anseo, tá go leor gnéithe comónta sa chaoi a dtugann siad aghaidh ar an earcaíocht. Ar an gcaoi chéanna, tá roinnt pointí tábhachtacha ar cheart smaoineamh orthu agus tú ag cur isteach ar aon phost idirnáisiúnta, bíodh sé i gcúrsa oiliúna leis an Aontas Eorpach nó ar conradh le gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe. Seo cuid dár bpríomhleideanna.
Déan iarratas go roghnaitheach – bíodh d’iarratais spriocdhírithe. Déan iarracht na heagraíochtaí is fearr a fheileann do do thaithí agus do do scileanna a shainaithint. Má rinne tú staidéar ar an eacnamaíocht, mar shampla, déan cinnte go sainaithníonn tú an áit ar buntáiste ar leith é sin.
Déan do thaighde – sula gcuireann tú isteach ar phost ar bith, tosaigh trí athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh gréasáin agus ar mhisean na heagraíochta. Má tá fógra comórtais nó sainchuntas poist ar fáil don ról, cuir i gcló é agus léigh é, agus aibhsigh na príomhfhocail ann. Céard iad na riachtanais riachtanacha don phost (oideachas, taithí ghairmiúil, teangacha)? Cé na hinniúlachtaí ginearálta atá á lorg? Cén chaoi a gcuirfidh tú in iúl go soiléir i d’iarratas go bhfuil na hinniúlachtaí sin agat?
Cuir d’iarratas in oiriúint – bíonn an-éileamh ar phoist idirnáisiúnta agus go minic bíonn i bhfad níos mó iarratasóirí ar fholúntais ná líon na bpost féin. Dá réir, cuirfidh earcaitheoirí gach iarratasóir nach gcomhlíonann riachtanais an phoist (cúrsaí oideachais, taithí nó scileanna teanga mar shampla) as an áireamh láithreach, nó iad siúd atá ag cur isteach CV cineálach is cosúil. Má theastaíonn post uait, tá sé riachtanach go gcuirfeá d’iarratas in oiriúint dó, agus go míneofá go soiléir agus go beacht an chaoi a n-oireann do chuid scileanna d’éilimh an phoist. Tabhair cur síos mionsonraithe ar aon taithí ábhartha atá agat, agus más féidir úsáid na príomhfhocail atá sa fhógra folúntais nó comórtais..
Bí beacht - bain leas ceart as d’fhocail. Tá d’úsáid teanga thar a bheith tábhachtach ar fhoirm iarratais. Caithfidh tú thú féin a chur i láthair go héifeachtach. Téigh i ngleic le riachtanais an phoist le frásaí dea-scríofa cumhachtacha. Tabhair píosaí eolais beaga agus intuigthe. úsáid briathra gníomhaíochta. Seachain abairtí san fhaí chéasta. Seachain clíséanna..
Bain an leas is fearr is féidir as do thaithí – ní mór go mbeadh a fhios ag earcaitheoirí faoin méid ar bhain tú amach chun léargas a fháil ar an méid a d’fhéadfá a dhéanamh dóibh siúd. Dírigh ar na gnóthachtálacha a mheaitseálann na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn don eagraíocht agus don phost sonrach a shainaithint. Leag béim ar an méid ar bhain tú amach, seachas ar an méid a dhéanann tú ó lá go lá. Tá sé tábhachtach go mbeifeá ionraic – tá difríocht idir an leas is fearr is féidir a bhaint as do thaithí agus bréaga a insint fúithi. Ach ní bhronnfar aon cheo ort as modhúlacht..
Ná déan beag is fiú de do chuid scileanna teanga – bíonn difríochtaí sna riachtanais teanga ag brath ar an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, agus éilíonn roinnt díobh – an tAontas Eorpach go mór mór – go mbeifeá líofa sa dara teanga, cé nach dteastaíonn ach Béarla ó chuid eile. Beag beann ar na riachtanais teanga, gheobhaidh tú marcanna dearfacha as aon inniúlacht teanga a chuireann tú in iúl. Ná déan beag is fiú de do chuid scileanna teanga. Bí cinnte go leagann tú béim ar aon teanga ar a ndearna tú staidéar ar scoil nó ar an ollscoil agus ar aon cheo a rinne tú a léiríonn spéis i do chuid scileanna teanga a fhorbairt.
Seiceáil d’iarratas faoi dhó - seiceáil gach rud i d’iarratas sula gcuireann tú isteach é. Rachaidh botúin chló, phoncaíochta agus formáidithe i d’aghaidh mar sin bí cúramach fúthu. Más féidir, iarr ar chara leat nó ar dhuine muinteartha d’iarratas a phrofú duit – bíonn luach thar na bearta le duine eile a bheith á léamh.
Bain tairbhe as tacaíocht – bain leas as aon tacaíocht atá ar fáil duit chun cur isteach ar ghairm idirnáisiúnta. Má tá tú fós ar an ollscoil, déan coinne le do sheirbhís gairme agus iarr orthu do CV cineálach nó d’iarratas sonrach a athbhreithniú. Má tá aithne agat ar aon duine atá ag obair in eagraíocht idirnáisiúnta, téigh i dteagmháil leo agus iarr comhairle orthu faoin bpróiseas iarratais. Nó bí ag obair trí ionad comhairle na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.