Eolas faoi Dheiseanna do Chéimithe
leis an tSeirbhís Phoiblí agus an Státseirbhís
Réamhrá
Tá deiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí curtha in oiriúint le céad glúin eile cheannairí na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí a spreagadh, dúshlán a chur rompu agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
Mar Chéimí, beidh an deis agat a bheith ag obair ar thionscadail a chabhróidh le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann. Más duine thú a bhaineann taitneamh as obair dhúshlánach agus má chreideann tú i gcoincheap na seirbhíse poiblí, is féidir go mbeadh post do Chéimithe oiriúnach duit.
Tá daoine a bhain céim amach agus atá díograiseach, uaillmhianach agus tiomanta agus a bhfuil an cumas iontu freagrachtaí ard-leibhéil thar réimse seirbhísí poiblí a bhainistiú á lorg againn.
Tá an éagsúlacht tábhachtach dúinn. Tuigimid an luach a bhaineann le taithí dhifriúil, le cáilíochtaí agus dearcthaí éagsúla maidir le seirbhís phoiblí a fhreastalaíonn ar gach duine in Éirinn a chruthú.
Is fostóir comhionannais í an tSeirbhís Phoiblí. Cuirimid fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tuigimid go gcuireann lucht saothair a thugann léargas ar an tsochaí go dearfach leis an ionad oibre agus leis an obair a dhéanaimid.
Buail lenár nDaoine
Eolas faoinár nDeiseanna do Chéimithe
Tá tuilleadh eolais faoi gach sraith iarratais ar fáil thíos
Conas Iarratas a Dhéanamh
Le tuilleadh eolais faoi phróisis iarratais agus earcaíochta, féach, le do thoil, ar na deiseanna aonair thuas. Bí ar an eolas, le do thoil, nach nglacfar le hiarratais tar éis an dáta dúnta. Leis na sonraí uilig a fháil, féach, le do thoil, ar an Leabhrán Eolais don Deis ar leith do Chéimithe a bhfuil suim agat cur isteach uirthi.
Foghlaim agus Forbairt
Tá rath na seirbhíse poiblí ag brath ar na daoine atá ag obair linn, agus tá forbairt scileanna an fhostaí fíorthábhachtach lena chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí ar bhonn leanúnach. Spreagtar gach fostaí chun uas-sciliú a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus chun tabhairt faoi thionscadail a thagann leis na cuspóirí atá leagtha amach ina bpleananna forbartha pearsanta, mar a shocraigh siad iad lena mbainisteoir.
Ina theannta sin, tá roinnt clár ar leith ann a dhíríonn ar thacaíocht a thabhairt d’fhoglaim agus d’fhorbairt an fhostaí ar fud na ranna Rialtais éagsúla, cosúil le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach den Scoth (FGLS) do chéimithe a théann isteach i sraitheanna gairmiúla, cosúil le heacnamaithe i Seirbhís Eacnamaíochta agus Mheastóireachta Rialtas na hÉireann (SEMRÉ).
Áiseanna Úsáideacha
Cliceáil ar an gcuid ábhartha thíos le tuilleadh eolais a fháil