Eolas faoi Dheiseanna
do Chéimithe le hAD

Faoin Ról
Mar chéimí le hAcmhainní Daonna, tabharfaidh tú tacaíocht d’fhoirne AD i réimse ranna rialtais maidir le príomhchuspóirí eagraíochta a bhaint amach trí straitéisí áitiúla AD a chur i bhfeidhm i gceart.
Is féidir go n-áireofaí anseo athrú agus nua-aoisiú a dhéanamh ar AD in eagraíocht agus ar fud na Státseirbhíse. Sa ról seo, is féidir go ndíreodh do chuid oibre ar ghníomhaíocht straitéiseach agus oibríochtúil sna réimsí seo a leanas: tallann a bhainistiú, pleanáil don lucht saothair, earcaíocht, soghluaiseacht, caidreamh le fosaithe agus caidreamh tionsclaíoch, bainistiú feidhmíochta, bainistiú athruithe, teagmháil le fostaithe agus foghlaim agus forbairt.
Le bheith incháilithe don ról seo, ní mór duit céim Mháistreachta i mBainistíocht Acmhainní Daonna nó bunchéim onóracha den chéad nó den dara grád i mBainistíocht Acmhainní Daonna bheith agat agus ní mór duit na hinniúlachtaí atá leagtha amach sa Leabhrán Eolais thíos a léiriú.
Saoire Bhliantúil: 25 Lá
Ionad: Baile Átha Cliath
Dáta Oscailte: 01/10/2021
Dáta Dúnta: 07/10/2021
Taithí an Oifigigh le hAD

Caroline Kielty
Comhpháirtí Gnó AD
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Oibrím san aonad AD sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar Chomhpháirtí Gnó AD. Is é an ról atá agam teagmháil a dhéanamh le haonaid éagsúla laistigh den eagraíocht, riachtanais a aithint maidir le hacmhainní agus oiliúint a chur ar fáil, mar aon le comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil. Tá baint agam chomh maith le clár folláine na heagraíochta, a chinntíonn go dtugtar tacaíocht chuimsitheach d’fhostaithe, go meabhrach agus go fisiciúil.
Tá gnéithe eile den phost ann chomh maith, cosúil le sonraí a thabhairt le chéile le cabhrú le tuairiscí maidir le hacmhainní a chur ar fáil a chur le chéile agus, mar sin, tá éagsúlacht ag baint le m’obair laethúil agus bíonn sé dúshlánach uaireanta. Go pearsanta, is í an tacaíocht a thugaim do mo chomghleacaithe an ghné den phost is mó a thaitníonn liom. Mholfainn go láidir ról an Oifigigh Riaracháin, ról atá dúshlánach agus a thugann sásamh duit.
An Próiseas Iarratais agus Earcaíochta
Sula gcuireann tú iarratas isteach, bí cinnte, le do thoil, go ndeimhníonn tú go bhfuil tú incháilithe dár nDeiseanna do Chéimithe tríd an gcuid den Leabhrán Eolais a bhaineann le cáilitheacht a léamh.
Beidh na céimeanna seo a leanas mar chuid den phróiseas iarratais agus earcaíochta. Ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear, is féidir go mbeidh gnéithe éagsúla eile i gceist sa phróiseas roghnaithe chomh maith.
Ceim 1
Cláraigh ar publicjobs.ie – bí cinnte, le do thoil, go mbaineann tú úsáid as do sheoladh ríomhphoist pearsanta ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat le linn staideanna uilig an phróisis rognnaithe.
Céim 2
Cliceáil ar Déan Iarratas Anois do Dheiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís (AD).
Céim 3
Déan an fhoirm iarratais (Foirm Ghréasáin) a chomhlíonadh roimh an dáta dúnta, 3i.n. ar an Déardaoin 7 Deireadh Fómhair 2021. Bí cinnte, le do thoil, go bhfuil d’ainm iarrthóra, do UA agus an tsraith/na sraitheanna a roghnaigh tú i gceart sula gcuireann tú an t-iarratas isteach.
Céim 4
Féach ar d’iarratas comhlíonta sa táb ar a dtugtar ‘M’Iarratais’ ar do phróifíl publicjobs.ie
Céim 5
Adhmháil - Ba chóir go bhfaighidh tú admháil laistigh de 2 lá oibre ón lá ar chuir tú d’iarratas isteach.
Céim 6
Staid 1 - Cuireadh chuig Measúnú ar Líne agus an Measúnú a chomhlíonadh (go déanach i mí Dheireadh Fómhair).
Céim 7
Staid 2 - Cuireadh chuig Agallamh Físe agus Agallamh Físe a chríochnú (lár mhí na Samhna).
Céim 8
Staid 3 - Cuireadh chuig Ionad Measúnaithe (Zoom) agus measúnuithe a chríochnú (go luath i mí na Nollag)
Leabhrán Eolais
Le heolas níos doimhne faoin ról a fháil, léigh an Leabhrán Eolais sula gcuireann tú isteach ar an ról seo.