Eolas faoi Dheiseanna do
Chéimithe i nGach Disciplín


Faoin Ról

Cuirtear fáilte roimh chéimithe i ngach disciplín cur isteach ar an tsraith Ghinearálta do chéimithe ina dtiocfaidh deiseanna chun cinn, is cosúil, i roinnt Ranna agus Oifigí Rialtais sa Státseirbhís. Mar chuid den ról seo, bheadh ról ríthabhachtach agat i bhfoirmiú polasaithe agus straitéise a bhaineann le ceisteanna eacnamaíochta, airgeadais, idirnáisiúnta, timpeallachta agus sóisialta.

Beidh deis ag na hiarrthóirí a cheapfar athruithe a chur i bhfeidhm sa Státseirbhís agus cabhrú le tír atá ag athrú a mhúnlú. Is féidir go dtiocfadh róil chun cinn d’fheidhmeanna tacaíochta cosúil le Bainistíocht Saoráidí agus Gnóthaí Corparáideacha.

Tuarastal:  c. €33,053

Saoire Bhliantúil:   25 Lá

Grad:   Oifigeach Riaracháin

Ionad:   Baile Átha Cliath

Dáta Oscailte:   01/10/2021

Dáta dúnta:   07/10/2021

Táithí an Chéimí

  • you tube video about Mary

    Mary Caffrey
    An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

  • you tube video about Aaron

    Aaron O'Suillivan
    An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais




    Catherine Egan
    Oifigeach Riaracháin
    An Oifig um Bhainistiú Athruithe Straitéiseach, An Garda Síochána

    Sula ndeachaigh mé isteach sa Gharda Síochána, bhain mé céim agus dhá Mháistreacht amach agus bhí mé ag staidéar i mBaile Átha Cliath, i Manchain agus in Birmingham. Tá mo ról an-suimiúil. Déanaim prionsabail fhollasacha de mholtaí ardleibhéil le póilíneacht éifeactach a chinntiú agus lena chinntiú go gcloítear le cearta daonna. Ina a theannta sin, cuirim tuairiscí ar fáil d’fhorais maoirseachta póilíneachta, déanaim anailís ar chreataí dlí agus ullmhaím páipéir eolais, agus déanaim seo ar fad agus mé ag cur dea-chleachtais chun cinn san eagraíocht. Ní stopann an obair riamh, ach is aoibhinn liom í.

    Déanaim difríocht i mo phost, rud a thugann sásamh dom, ach bíonn an deis agam cur le mo chuid scileanna féin chomh maith. Tá cláir taighde á stiúradh agam anois le fianaise dár modhanna a chur le chéile; ag obair le ranna rialtais agus comhlachtaí reachtúla eile, ag cur le m’eolas ar chearta daonna agus ar an míchumas.

    Táim ag obair laistigh d’fheidhmiú inmheánach an daonlathais in Éirinn. Rachadh sé crua orm teacht ar áit níos fearr chun a bheith ag foghlaim faoin gcomhionannas agus faoi chearta daonna agus chun fíorathruithe a chur i bhfeidhm ar an talamh.

    An Próiseas Iarratais agus Earcaíochta

    Sula gcuireann tú iarratas isteach, bí cinnte, le do thoil, go ndeimhníonn tú go bhfuil tú incháilithe dár bhFeachtas do Dheiseanna do Chéimithe. Is féidir leat seo a dhéanamh tríd an gcuid sa Leabhrán Eolais a bhaineann le cáilitheacht a léamh ina hiomláine.

    Beidh na céimeanna seo a leanas mar chuid den phróiseas iarratais agus earcaíochta. Ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear, is féidir go mbeidh gnéithe éagsúla eile i gceist sa phróiseas roghnaithe chomh maith.

    Céim 1

    Cláraigh ar publicjobs.ie – bí cinnte, le do thoil, go mbaineann tú úsáid as do sheoladh ríomhphoist pearsanta ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat le linn staideanna uilig an phróisis rognnaithe.

    Céim 2

    Cliceáil ar "Déan Iarratas Anois" do Dheiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís (Ginearálta)

    Céim 3

    Déan an fhoirm iarratais (Foirm Ghréasáin) a chomhlíonadh roimh an dáta dúnta, 3i.n. ar an Déardaoin 7 Deireadh Fómhair 2021. Bí cinnte, le do thoil, go bhfuil d’ainm iarrthóra, do UA agus an tsraith/na sraitheanna a roghnaigh tú i gceart sula gcuireann tú an t-iarratas isteach.

    Céim 4

    Féach ar d’iarratas comhlíonta sa táb ar a dtugtar ‘M’Iarratais’ ar do phróifíl publicjobs.ie

    Céim 5

    Adhmháil - Ba chóir go bhfaighidh tú admháil laistigh de 2 lá oibre ón lá ar chuir tú d’iarratas isteach.

    Céim 6

    Staid 1 - Cuireadh chuig Measúnú ar Líne agus an Measúnú a chomhlíonadh (go déanach i mí Dheireadh Fómhair).

    Céim 7

    Staid 2 - Cuireadh chuig Agallamh Físe agus Agallamh Físe a chríochnú (lár mhí na Samhna).

    Céim 8

    Staid 3 - Cuireadh chuig Ionad Measúnaithe (Zoom) agus measúnuithe a chríochnú (go luath i mí na Nollag)

    Leabhrán Eolais

    Le heolas níos doimhne faoin ról a fháil, léigh an Leabhrán Eolais sula gcuireann tú isteach ar an ról seo.




    Ceisteanna Coitianta

    {slider title="1. Cén grád Státseirbhíse atá i gceist don tsraith seo? " open="false"}

    Tá an tSraith Ghinearálta (Gach Disciplín) do Chéimithe laistigh de ghrád an Oifigigh Riaracháin sa Státseirbhís.

    {slider 2. Cad atá i gceist le ról an Oifigigh Riaracháin? }

    Tá Oifigigh Riaracháin fostaithe i Ranna/Oifigí Rialtais ina bhfuil réimse freagrachtaí feidhmiúcháin. Cé go mbeadh an tOifigeach Riaracháin páirteach i roinnt gníomhaíochtaí éagsúla, bheadh ról ríthabhachtach ag an Oifigeach i bhfoirmiú polasaithe agus straitéise a bhaineann le ceisteanna eacnamaíochta, airgeadais, idirnáisiúnta, timpeallachta agus sóisialta. Is féidir go gceapfaí Oifigeach Riaracháin i roinn Rialtais ar bith agus is féidir go mbeadh freagrachtaí éagsúla i gceist, cosúil le taighde a dhéanamh agus tograí a bhaineann le ceisteanna beartais agus reachtaíocht a dhréachtú.

    {slider 3. Cén áit ar cosúil go mbeinn ag obair inti dá n-éireodh liom? }

    Fostáitear Oifigigh Riaracháin i Ranna/Oifigí Rialtais i mBaile Átha Cliath go príomha.

    {slider 4. Cad é an tuarastal tosaigh? }

    Is é c. €33,053 an tuarastal tosaigh don phost seo. D’fhéadfadh ráta difriúil a bheith i gceist i gcásanna áirithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leabhrán eolais.

    {slider 5. Conas is féidir liom iarratas a chur isteach? }

    Ar dtús, caithfidh tú cuntas publicjobs a chruthú. Is féidir leat seo a dhéanamh ar www.publicjobs.ie. Nuair atá cuntas agat, caithfidh tú foirm iarratais mhionsonraithe a chomhlíonadh agus a chur isteach. Ina theannta sin, beidh ort foirm iarratais chaighdeánach ghearr a chur isteach agus líonfar an fhoirm seo, go pointe, leis an eolas a chuir tú ar fáil nuair a chruthaigh tú do phróifíl publicjobs.ie.

    {slider 6. Cúrsaí rochtana agus cóiríocht réasúnta - cad a tharlaíonn má tá cúnamh uaim? }

    Tá muid tiomanta dona chinntiú gur próisis inrochtana iad ár bpróisis earcaíochta agus roghnaithe. Mar shampla, tá ár bhfoirmeacha uilig ar fáil i bhformáidí so-aimsithe agus tá gnéithe a thugann tacaíocht maidir leis an inrochtaineacht mar chuid denár n-uirlisí agallaimh.

    Má tá deacrachtaí ar bith agat nó má tá ceisteanna sa bhreis agat, ná bíodh drogall ort, le do thoil, dul i dteagmháil lenár dTacadóir Míchumais, Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

    Tuigeann muid go mbíonn riachtanais éagsúla ag iarrthóirí agus go mb’fhéidir go mbeidh socruithe nó cóiríocht réasúnta ag teastáil ó iarrthóirí atá faoi mhíchumas chun chinntiú gur féidir leo tabhairt faoi ghnéithe áirithe den phróiseas earcaíochta. Má cheapann iarrthóirí go mbeidh socruithe nó cóiríocht réasúnta ag teastáil uathu ag staid ar bith den chomórtas, molann muid dóibh é sin a chur in iúl dúinn ag staid an iarratais. Ba chóir duit féachaint ar an leabhrán eolais chun eolas a fháil faoin gcaoi ar féidir leat seo a dhéanamh. Bí ar an eolas, le do thoil, go mb’fhéidir go n-iarrfar ort tuairisc shíceolaíoch/leighis a chur isteach roimh an dáta dúnta, an 21 Deireadh Fómhair 2021. Is é is cúis leis seo ná deis a thabhairt dúinn cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi is fearr ar féidir linn cúnamh a chur ar fáil. Má rinne tú iarratas ar chomórtas cheana leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus má chuir tú tuairisc isteach, seol rphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. lena dheimhniú go bhfuil do thuairisc fós faoi taifead.

    {slider 7. Ní saoránach Éireannach mé – an bhfuil mé incháilithe? }

    Ní mór d’Iarrthóirí Incháilithe:

    • (a) A bheith ina s(h)aoránach den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE). Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua tíortha an LEE;
    • (b) A bheith ina s(h)aoránach den Ríocht Aontaithe (RA);
    • (c) A bheith ina s(h)aoránach den Eilvéis, de réir an chomhaontaithe idir an AE agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine;
    • (d) A bheith ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina c(h)éile nó ina p(h)áiste de chuid saoránach LEE nó saoránach Eilvéiseach agus a bhfuil víosa stampa 4 acu;
    • (e) A bheith ina dhuine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh de réir an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, nó baill teaghlaigh a bhfuil sé de cheart acu fanacht sa Stát de thoradh athaontaithe teaghlaigh agus a bhfuil víosa stampa 4 acu;
    • (f) A bheith ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina t(h)uismitheoir de chuid páiste atá ina s(h)aoránach LEE agus a bhfuil cónaí orthu i mballstát de chuid an LEE nó san Eilvéis agus a bhfuil víosa stampa 4 acu

    Le bheith i dteideal, ní mór d’iarrthóirí ceann amháin de na critéir saoránachta thuas a chomhlíonadh roimh an dáta a ndéantar tairiscint ar phost ar bith.

    Ba chóir duit féachaint ar an Leabhrán Eolais le teacht ar na riachtainais cháilitheachta uilig.

    {slider 8. Cad atá i gceist leis an tsraith Ghinearálta (Gach Disciplín)? }

    Is féidir go mbeidh deiseanna d’Oifigigh Riaracháin (Ginearálta) i roinnt Ranna agus Oifigí sa Státseirbhís. Mar Oifigeach Riaracháin bheadh ról ríthabhachtach agat i bhfoirmiú polasaithe agus straitéise a bhaineann le ceisteanna eacnamaíochta, airgeadais, idirnáisiúnta, timpeallachta agus sóisialta. Beidh deis ag na daoine a cheapfar athruithe a chur i bhfeidhm sa Státseirbhís agus cabhrú le tír atá ag athrú a mhúnlú. Is féidir go ndéanfar ceapacháin chomh maith i bhfeidhmeanna tacaíochta m.sh. Bainistíocht Saoráidí agus Gnóthaí Corparáideacha.

    Tá iarrthóirí á lorg againn a bhfuil cúlraí éagsúla acu maidir le hoideachas agus taithí ghairmiúil, lena n-áirítear

    • Sonraí agus anailísíocht
    • Dlí
    • Athrú Aeráide
    • Inbhuanaitheacht
    • Cumarsáid

    {slider 9. An bhfuil mé incháilithe do na sraitheanna seo? }

    Le bheith incháilithe, ní mór duit cáilíochtaí áirithe, ar a ndéantar cur síos sa leabhrán eolais, a bheith agat.

    {slider 10. Cad iad staideanna an phróisis earcaíochta? }

    Bainimid úsáid as roinnt modhanna roghnaithe éagsúla leis na hiarrthóirí is oiriúnaí a aimsiú do na róil atá ar fáil. Beidh gnéithe éagsúla i gceist sa phróiseas roghnaithe don Chéimí mar Anailísithe Beartais Sláinte. Is féidir go mbedih cuid de na nithe seo a leanas i gceist:

    • Ceistneoir Measúnaithe ar líne a chomhlíonadh;
    • Triail(acha) ar líne agus/nó triail(acha) ar páipéar;
    • Gearrliostú:
    • Agallamh físe ar líne;
    • Trialacha teanga (labhartha agus/nó scríofa);
    • Agalla(i)mh Iomaíoch;
    • Cur i láthair/Anailís a dhéanamh;
    • Triail shamplach oibre nó cleachtadh eile a cheaptar atá riachtanach.

    {slider 11. Cé chomh fada a mhaireann an próiseas de ghnáth? }

    Tá sé i gceist go gcuirfear painéal le chéile ón gcomórtas seo i mí na Nollaig agus go gcuirfear tús le ceapacháin a dhéanamh ón bpainéal seo a luaithe agus is féidir.

    {slider 12. Cé chomh fada a bheidh an comórtas gníomhach/cathain a thiocfaidh deireadh leis an gcomórtas? }

    Tuigtear nach ndéanfar ceapacháin ón gcomórtas seo tar éis mhí Mheán Fómhair 2022.

    {slider 13. Cad a tharlaíonn mura bhfuil mé in ann freastal ar staid den phróiseas earcaíochta? }

    Ní phléifear le hiarratais ar ath-sceidealú ach i gcásanna fíor-eisceachtúla de réir mar a shocraíonn muidne (m.sh. Bás/Tinneas). I gcás iarrthóirí a dtugtar sceideal nua dóibh, próiseálfar iad leis an gcéad ghrúpa iarrthóirí eile a fhaigheann cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Leabhrán Eolais.

    {slider 14. Cén tionchar a bheidh ag Covid-19 ar an bpróiseas roghnaithe? }

    Cuirfear gach staid den phróiseas roghnaithe ar siúl ó chian, staid an agallaimh san áireamh. Maidir leis an agallamh, reáchtálfar ar Zoom é agus beidh an fhoireann earcaíochta i dteagmháil leat roimh ré leis na sonraí uilig, lena n-áirítear na sonraí logáil isteach a bheidh de dhíth ort le rochtain a fháil ar an nglaoch físe. Má tá deacracht agat agus tú ag iarraidh logáil isteach, seol rphost chuig an bhfoireann earcaíochta

    Is féidir leat teacht ar ár nodanna don Agallamh Físe

    {slider 15. Cad a chiallaíonn ‘fostóir comhdheiseanna’? }

    Is fostóir comhionannais í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ciallaíonn sé sin go gcuirimid fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil cúlraí éagsúla acu agus go dtuigimid an chaoi dhearfach a gcuireann lucht saothair a thugann léargas ar an tsochaí leis an tseirbhís phoiblí. Go tábhachtach, ní dhéanaimid idirdhealú atá bunaithe ar na naoi gcúis atá leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015. Tuigimid an luach a bhaineann le hiarratais ó iarrthóirí ó gach aoisghrúpa a bhfuil ábaltachtaí, féiniúlachtaí inscne, eitneachtaí, cneasdathanna agus gnéaschlaontaí éagsúla acu. Tuigimid go mbeidh creidimh reiligiúnacha agus neamh-reiligiúnacha éagsúla ag iarrthóirí. Tuigimid chomh maith go mbeidh cúlraí socheacnamaíocha éagsúla agus stádas sibhialta difriúil ag iarrthóirí agus go mb’fhéidir go dtiocfadh athrú ar a gcuid freagrachtaí cúramóra agus clainne.

    {slider 16. Cén tionchar a bheidh ag Covid-19 ar an gcaoi a n-oibrím, más rud é go n-éireoidh liom san agallamh agus go nglacfaidh mé le ról mar Oifigeach Riaracháin? }

    De bharr Covid-19, tá an chianobair tar éis teacht chun cinn in ionad na hoibre oifige den chuid is mó, le sábháilteacht na ndaoine atá ag obair sa Státseirbhís a chinntiú. Tá an Státseirbhís, mar Fhostóir Rogha agus faoi Chlár an Rialtais, ag déanamh iniúchadh ar na deiseanna atá ann d’fhostaithe a bheith ag obair ó chian, má éiríonn leat.

    {slider 17. An féidir liom m’iarratas a tharraingt siar? }

    Is féidir leat d’iarratas a tharraingt siar ag staid ar bith le linn an phróisis. Ní gá duit ach rphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus a rá linn nár mhaith leat go ndéanfaí d’iarratas ar an bpost a mheas a thuilleadh.

    {slider 18. An bhfuil sibh ar na meáin shóisialta? }

    Táimid, cinnte! Táimid ar fáil ar

    Instagram

    An bhfuil ceist agat nár thugamar freagra uirthi? Is féidir leat teachtaireacht a sheoladh chugainn ar na meáin shóisialta, nó rphost a sheoladh chugainn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

    {/sliders}