Tugann Aontaí Gairmeacha deis iontach duit tuilleadh eolais a fháil faoi na poist a bhfuil suim agat iontu agus tugtar deis mhaith duit bualadh i bpearsa le daoine a d’fhéadfadh thú a fhostú.
Cé go bhféadfadh sin a bheith deacair, sár-dheis atá ann teagmháil a dhéanamh le daoine,
tuilleadh eolais a fháil faoina n-eagraíochtaí agus an chéad chéim a ghlacadh i ngairm atá fóirsteanach duit.
Cad a mbeifí ag súil leis
Bíonn an oiread sin ar siúl ag aontaí gairmeacha gur féidir leis a bheith deacair déileáil leis ar fad, go háirithe ag na cinn is mó. Bíonn a lán calláin ann agus a lán daoine ag lorg eolais faoi eagraíochtaí, conairí gairme agus deiseanna ar phoist.
Ag brath ar mhéid an aonaigh, d’fhéadfadh na céadta eagraíocht a bheith ann agus seastáin acu agus d’fhéadfadh an ócáid mearbhall a chur ort. Moltar duit plean urláir a fháil chun gur féidir leat labhairt leis na fostóirí a bhfuil suim agat iontu. De ghnáth tabharfar iad seo duit nuair a théann tú isteach chuig an ócáid.
Cén fáth ar chóir duit dul ann
Ceann de na buntáistí a bhaineann le freastal ar aontaí gairmeacha is ea gur féidir leat do cheisteanna a chur chuig fostóirí duine le duine. Oibríonn an chuid is mó de na fostóirí ag na hócáidí seo le hAcmhainní Daonna agus beidh sár-eolas acu faoina n-eagraíochtaí. Beidh siad ábalta cuidiú leat maidir le gairm a d’oirfeadh duit. Sár-dheis atá sna hócáidí seo bualadh le daoine éagsúla agus tú féin a chur in aithne d’eagraíochtaí éagsúla.
Leideanna
Bíonn Aontaí Gairmeacha gnóthach agus bíonn sé deacair an leas is fearr a bhaint astu: tá roinnt leideanna thíos mar threoir duit roimh, le linn agus tar éis na hócáide.
- Déan do thaighde: Mar a dhéanfá agus tú ag déanamh iarratais ar phost, ag ullmhú d’agallamh nó le scrúdú a dhéanamh, ba chóir duit taighde a dhéanamh agus a bheith ullamh sula dtéann tú chuig aonach gairmeacha ar bith. Tabharfaidh seo níos mó eolais duit faoi na cineálacha éagsúla poist atá á bhfógairt, an cineál eagraíochta a bheidh i láthair, agus an cineál deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
- Bí ann go luath! Bí ann go luath leis na scuainí a sheachaint. Tabharfaidh seo níos mó ama duit labhairt leis na heagraíochtaí a bhfuil suim agat iontu.
- Faigh plean urláir! Bí cinnte plean urláir a fháil chun gur féidir leat a fháil amach cá bhfuil gach eagraíocht atá i láthair ag an ócáid.
- Ullmhaigh do cheisteanna: Is furasta dearmad a dhéanamh ar na ceisteanna a raibh sé beartaithe agat a chur ar fhostóirí le linn duit a bheith i scuaine agus gach rud a bhíonn ar siúl ag aonach gairmeacha. Má ullmhaíonn tú do cheisteanna, tá seans níos fearr ann go gcuimhneoidh tú na ceisteanna a theastaigh uait a chur.
- Inis don fhostóir cad iad na scileanna atá agat: Is fíor-annamh a thabharfadh duine tairiscint duit ar phost ag aonach gairmeacha. Níor chóir go gcuirfeadh sin as duit. Is é an t-aonach gairmeacha an chéad chéim le bualadh le hionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla agus beidh deis agat a fháil amach an mbeadh ról san eagraíocht sin fóirsteanach duit agus maidir leis na scileanna atá agat. Deis atá ann fosta do scileanna a chur in iúl d’fhostóirí a mbeadh suim acu post a thabhairt duit.
- Cuir tú féin ar an eolas faoi shuíomh gréasáin na heagraíochta agus sínigh le fógraí poist a fháil: Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi shuíomh gréasáin na heagraíochta roimh agus tar éis an aonaigh gairmeacha. Tabharfaidh seo tuairim duit faoin eagraíocht, faoina n-éiteas, cad a dhéanann siad agus faoi na deiseanna atá ar fáil.
- Eagraigh do chuid ama: Cé nach mbeidh a lán ama agat labhairt le heagraíochtaí ag ócáidí gairmeacha, go háirithe eagraíochtaí a bhfuil an-mheas orthu gur mian le daoine atá ag lorg poist labhairt leo, ba chóir duit am a chur ar fáil le bualadh le gach eagraíocht a bhfuil suim agat iontu. Má tá scuaine daoine ag roinnt de na fostóirí, ba chóir duit dul ar aghaidh chuig seastán eile agus a theacht ar ais chuig an bhfostóir sin ar ball. Tabharfaidh seo an deis duit labhairt le heagraíochtaí eile agus an leas is fearr a bhaint as an ócáid.
- Tar éis na hócáide: Tá sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh le heagraíocht tar éis na hócáide chun go mbainfidh tú an leas is fearr as freastal ar aontaí gairmeacha. Tá baint mhór ag na meáin shóisialta anois le hearcaíocht agus dá bharr sin moltar duit súil a choinneáil ar eagraíochtaí ar nós Linkedin, Facebook agus Twitter. Tá eolas ar fáil anseo faoin chomhlacht chomh maith leis an eolas agus na deiseanna is déanaí a thagann chun cinn.