Tá Bliain Úr Shona na Síne ar siúl ar fud na tíre
agus an chuid is mó d’eachtraí ar siúl i mBaile
Átha Cliath agus Corcaigh.

Tosóidh Féile Bliain Úr Shona Bhaile Átha Cliath
ar an Aoine 1 Feabhra agus beidh sé ar siúl go dtí an 17 Feabhra agus beidh eachtraí éagsúla ar siúl ar fud na cathrach.

Tá eachtraí éagsúla ar siúl a bhaineann le hoideachas, an teaghlach, cultúr agus cothroime saoil is oibre. Seo bliain na muice a léiríonn ádh mór agus obair chrua.

San áireamh i mbliana tá an ‘Chinese New Year Resource Pack for Schools’ a bhfuil sé mar aidhm aige na traidisiúin a bhaineann le Bliain ur na
Síne a chur chun cinn le páistí scoile agus an eachtra ‘Mindfulness-Living in the Moment’ a phléann leis na héilimh a bhaineann le gairmeacha, cothromaíocht saoil is oibre agus leis an bhrú a bhaineann le saol an lae inniu.

Beidh an chéad ‘Bliain Úr na Síne Corcaigh’ ar siúl i gCorcaigh i Nano Nagle Place ar an 4 Feabhra.

Bliain Úr shona dhaoibh go léir.