gradireland awards

Tá áthas orainn a rá gur ainmníodh Publicjobs don 13ú ‘Gradaim Earcaíochta do Chéimithe gradireland 2019’ don chatagóir ‘An Suíomh Gréasáin Earcaíochta is Fearr do Chéimithe’. Bronnfar na gradaim ar an Déardaoin 25 Aibreán i dTeach an Ard-Mhéara Baile Átha Cliath.

Is muid an príomh-sholáthraí de sheirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís agus tá réimse maith deiseanna ar fáil againn do chéimithe sa Státseirbhís

Is iad seo na príomh-ghráid tosaithe do chéimithe sa Státseirbhís lena n-áirítear Oifigeach Feidhmiúcháin, Oifigeach Riaracháin agus Treas Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus róil ghairmiúla eile ar nós Staitisteoir, Eacnamaí agus a lán eile.