Mí Meán Fómhair a chuirtear tús le seó bóthair gairmeacha Publicjobs.ie. Beimid ag freastal ar Aonach Gairmeacha Choláiste na Tríonóíde ar an Déardaoin, 19 Meán Fómhair ó 11:30am – 2:30pm ag an Halla Mór in Ionad Spóirt na Tríonóide.
Tá an imeacht seo dírithe ar mhic léinn nó ar chéimithe Gnó, Airgeadais agus Comhairliúcháin agus tá deiseanna iontacha áirithe á dtairiscint sa réimse gairme seo.
Beidh ár gclár do chéimithe faoi lán seoil go luath Mí Deireadh Fómhair agus beimid ag earcú thar ceithre sruth: Acmhainní Daonna, Caidrimh Thionsclaíoch agus Ginearálta, ach mar ábhar inspéise don aonach gairme seo tá an sruth Gnó agus Airgeadais.
Tá róil ann mar Oifigeach Riaracháin a thugann deis do chéimithe a bheith ag obair ar pholasaí agus ar mholtaí a dhréachtadh a chruthóidh todhchaí na hÉireann, cosúil le: Breatimeacht, athrú aeráide, cáin Éireannach agus go leor eile. Le tuilleadh eolais a fháil faoi ról agus inniúlachtaí an Oifigigh Riaracháin, tabhair cuairt ar ár Leathanach ar Eolas Gairme.
Má tá tú ag freastal ar Aonach Gairmeacha Choláiste na Tríonóide, buail trasna ag ár seastán chun casadh le cuid dár n-Oifigigh Riaracháin a bheidh in ann níos mó eolais a thabhairt duit faoin ról agus faoin taithí a bhí acu ó thángadar isteach sa Státseirbhís agus sa Seirbhís Phoiblí.
Is féidir leat freisin síniú a dhéanamh le haghaidh foláirimh do phoist – tá sé éasca, níl le déanamh agat ach clárú le Publicjobs.ie chun an eolas is déanaí a fháil ar ghairmeacha is spéis leat.
Táimid ag tnúth le casadh leat ar an Déardaoin!