Ar mhaith leat difear a dhéanamh? Ar mhaith
leat do thodhchaí féin a chruthú? Mar sin, is
duitse an Clár Forbartha do Chéimithe?
Tá Clár Forbartha Céimithe na Státseirbhíse
curtha le chéile chun na scileanna agus an eolas atá riachtanach a chur ar fáil do chéimithe nua
ag teacht isteach go dtí an Státseirbhís chun iad
a ullmhú le haghaidh na róil éagsúla a bheidh
acu ar fud na Státseirbhíse.
Téann an clár i ngleic le, agus forbairt ar
scileanna rannpháirtithe trí mheascán den fhoghlaim tionscadal-bhunaithe, idirghníomhach agus neamhspleách chomh maith le foghlaim struchtúrtha.
I measc na róil a d’fhéadfadh a bheith agat tá beartas sóisialta a leagan amach, dréachtadh reachtaíochta, forbairt agus cur i gcrích straitéisí, anailís agus taighde a dhéanamh, obair go dlúth le Státseirbhísigh Sinsearacha agus Airí Rialtais agus díriú ar mhórcheisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Ia féidir leat síniú freisin le haghaidh foláirimh ar phoist - tá sé éasca, níl le déanamh agat ach clárú le Publicjobs.ie chun an eolas is déanaí a fháil ar Feachtas Céimithe 2019!