Tá Justin ina Speisialtóir TFC in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.  Labhraíonn Justin linn faoina ról agus faoi na deiseanna atá curtha ar fáil aige ó thosaigh sé sa Státseirbhís. Labhraíonn sé linn faoin gcomrádaíocht san eagraíocht agus an réimse gníomhaíochtaí a dhéantar ina rannóg féin chun tacú leis an bhfolláine mheabhrach agus fhisiciúil.     

Inis dúinn faoi do ról? 

Is Bainisteoir Eachtraí mé don fhoireann Tacaíochta Bheo do Nua-Aoisiú an chórais ÍMAT.  Caithfidh mé iarratas a thagann chun cinn ar ár n-uirlis deisce seirbhíse a chur in ord tosaíochta agus a chinntiú go ndírítear go cuí ar iarratais a dtugtar tús áite dóibh.  Réitím fadhbanna teicniúla éagsula a thagann chun cinn chomh maith, trí úsáid a bhaint as uirlisí agus córais éagsúla, mar shampla IntelliJ agus Postman.

Ghlac mé le róil anailíse gnó le déanaí agus táim ag súil leis na deiseanna foghlama a chuirfidh an ról nua seo ar fáil dom.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Ó thosaigh mé sa ról seo, bhí an-chuid deiseanna oiliúna agus forbartha agam.  Tugadh tacaíocht i réimse éagsúla, mar shampla: JavaSpring BootSQL agus Angular. Ina theannta sin, is minic a bhíonn deiseanna ann obair a dhéanmah ar thionscadail nua agus oiliúint a fháil ag an obair de réir mar is gá.  

Tá béim mhór ar dhul chun cinn a dhéanamh i do ghairm san earnáil phoiblí agus fuair mé a lán comhairle agus treorach cabhraí ó mo chomhghleacaithe faoi mo dhul chun cinn féin.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról TFC san earnáil phoiblí?

Tá cothromaíocht oibre agus saoil ar fáil san earnáil phoiblí.  Tá an earnáil phoiblí réasúnta solúbtha maidir le huaireanta oibre agus cuireann sé deis ar leith ar fáil na deiseanna sin a bheith agat agus do chuid scileanna sa TFC/san fhorbairt bogearraí a fhorbairt ag an am céanna.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?

Mholfainn gairm sa tseirbhís phoiblí d’éinne, cinnte. Nuair a thosaigh mé in Oifig na gCoimisineirí Ioncaim, bhí gach duine an-sásta cabhrú liom agus bhí mé ar mo shuaimhneas ón tús.  Tugann daoine tacaíocht iontach dá chéile san earnáil phoiblí  – tá sealanna caite agam in dá roinn anois agus is féidir liom a rá go macánta go gcuireann bainisteoirí béim mhór ar dheiseanna maidir le dul chun cinn a dhéanamh agus go gcabhróidh siad leat ar gach bealach.

I mo rannóg féin, cuirtear béim chomh maith ar an meabhairshláinte dhearfach.  Tá gníomhaíochta éagsúla ann, mar shampla club leabhar, club cluichíochta, ceardlann cheardaíochta, agus bíonn cainteanna agus cuir i láthair ar siúl go minic faoin meabhairshláinte.  Bhí sé sin go hiontach ar fad (go háirithe le linn tréimhse a bhí chomh hait sin) agus cuireann sé go mór leis an gcomrádaíocht agus le folláine na bhfostaithe.

<