Ar Lá Idirnáisiúnta na gCailíní sa TFC, tá Aontas Teileachumarsáide na Náisiún Aontaithe (ITU) ag iarraidh béim a leagan ar an ngá atá ann deiseanna gairme sa teicneolaíocht a chur chun cinn do chailíní agus do mhná san earnáil is mó fás ar domhan. Chun an lá a cheiliúradh, tá agallamh le Ceannasaí an Athchóirithe Dhigitigh sa tSCP á roinnt againn, ina ndéanann sí cur síos ar a conair ghairme agus ina dtugann sí comhairle do chailíní agus do mhná a bhfuil suim acu i ngairm i réimse na hETIM.
C1. Is í ‘Rochtain agus Sábháilteacht’ téama Lá Idirnáisiúnta na gCailíní sa TFC i mbliana. Oibríonn an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide agus a chomhpháirtithe le chéile chun réitigh agus smaointe a fhorbairt chun constaicí ar rochtain a laghdú agus chun sábháilteacht ar líne a fheabhsú do chailíní agus do mhná óga. Cad é do mheas ar na constaicí atá roimh mhná óga agus chailíní?
De bharr na teicneolaíochta agus an idirlín, is féidir le cailíní teacht ar eolas agus ar dhearcthaí nach bhfoghlaimíonn siad fúthu óna dteaghlaigh, ina scoileanna, agus ina bpobail. Ar an drochuair, tá mí-úsáid, eolas bréagach, agus fuath ban os comhair cailíní sa saol digiteach agus méadaítear agus dírítear iad ar líne. Tugann an taighde le fios go ndéantar tearcthuairisciú ar mhí-úsáid ghnéis agus ar mhí-úsáid bunaithe ar inscne ar líne, ach go bhfuil sí ag méadú ar fud an domhain. De réir mar a cheanglaímid an teicneolaíocht lenár saol laethúil ar bhealach níos láidre, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil gach duine sábháilte ar líne, go háirithe mná óga agus cailíní. Tá tuilleadh oibre ag teastáil chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne, chun daoine a chur ar an eolas, chun níos mó oideachais a chur ar fáil, agus chun rochtain níos sábháilte, níos inacmhainne, agus níos éasca ar theicneolaíocht a chur ar fáil do mhná agus do chailíní.
Tá oideachas níos fearr ag teastáil ó mhná óga go háirithe maidir leis an gcaoi ar féidir leo iad féin a chosaint ar líne, maidir le sonraí pearsanta a chosaint, maidir le dul i ngleic le teagmháil nach bhfuil de dhíth, maidir le híomhánna a roinnt agus maidir le ciapadh. Ní féidir le mná amháin a bheith freagrach as a bheith sábháilte ar líne, áfach. Tá níos mó comhoibrithe poiblí-príobháideach ag teastáil chun dul i ngleic le hábhar agus le hiompar díobhálach ar líne. Caithfidh Rialtais oibriú le cheile agus thar teorainneacha chun an saol ar líne a rialú agus cead cainte á chosaint acu ag an am céanna. Tá modhnóireacht agus caighdeáin phobail láidre ag teastáil ar fhóraim ar líne agus ar ardán meán sóisialta a chuireann cosc ar ábhair mhaslacha nó dhúshaothraithe agus eolas bréagach a fhoilsiú nó a roinnt.
Agus an méid seo uilig á dhéanamh, ag cloí leis an bprionsabail ‘tada fúinne gan muidne’, caithfidh cailíní a bheith páirteach i gcinntí a dhéanamh agus i mbeartas a fhorbairt chun a chinntiú go léirítear a bhfírinne agus go bhfuil dea-thionchar ag na hathruithe orthu.
C2 Cad a déarfá chun cailíní agus mná óga a spreagadh chun oideachas ETIM a fháil?
Nuair a smaoiníonn tú ar na ceannairí i réimse na teicneolaíochta, an smaoiníonn tú ar roinnt fear cáiliúil? Déanta na firinne, bhíodh mná ina gceannairí sa Ríomheolaíocht tráth.
Ceaptar go forleathan gurbh í Ada Lovelace, ón na 1800í, an chéad ríomhchláraitheoir. Aithnítear gur mhúin Grace Hopper ‘scileanna cainte’ do ríomhairí sna 1940idí. Ríomhchláraigh 6 ban an chéad ríomhaire in-ríomhchláraithe in 1946. In 1967, bhí an méid seo a leanas le rá ag an iris Cosmopolitan: “is é seo ré cháilíní na ríomhairí”. Bhí an-chuid ban páirteach i bhforbairt an cháir eitilte ar bord spásárthach Apollo a thug cabhair don tuirlingt ar an ngealach agus, má bhaineann tú úsáid as GPS chun treoracha a fháil, tá tú faoi chomaoin ag matamaiticeoir darb ainm an Dr Gladys West.
Tá podchraoladh iontach ar NPR's Planet Moneyina bpléann Caitlin Kenney agus Steve Henn an fáth a bhfuair fir smacht ar réimse na ríomheolaíochta. Leagann siad béim ar an gcaoi ar cuireadh ríomhairí ar an margadh do bhuachaillí agus d’fhir, den chuid is mó, sna 1980idí. Ag an am céanna tháinig ‘cultúr an chiotacháin ríomhaire’ chun cinn, inar neartaigh scannáin, cláir teilifíse agus cultúr na ndaoine an smaoineamh go raibh ríomharí ann do bhuachaillí. Go tobann, obair tharraingteach a bhfuil scil ag baint léi a bhí sa ríomhchlárú, a tuigeadh roimhe sin mar obair chléireachais neamhghalánta, agus, mar sin, ní raibh na mná ag tosach na scuaine a thuilleadh.
Déarfainn do chailíní agus mhá óga atá ag smaoineamh ar oideachas ETIM nár chóir dóibh ligean don tuiscint bhréagach go bhfuil buachaillí níos fearr aige, nó gur réimse staidéir é a bhfuil smacht ag fir air, cur isteach orthu. Léiríonn an stair go soiléir go bhfuil an cumas céanna ag mná agus cailíní oibriú i réimse na hETIM agus atá ag fir agus buachaillí agus, má tá suim agat i réimse na hETIM agus má tá tú cumasach sa réimse seo, ná lig d’éinne cur i do choinne.
C3 Cad a déarfá chun cailíní agus mná óga a spreagadh chun oibriú i ngairmeacha ETIM?
Tá grinnscrúdú á dhéanamh ar réimse na ‘Teicneolaíochta Móire’ le déanaí, agus ní gan bhunús, agus tá tionchar na teicneolaíochta agus an tionchar atá ag príomhchorparáidí domhanda ar an tsochaí á cheistiú againn.
Tá sé tábhachtach a chuimhniú, áfach, gur féidir leis an teicneolaíocht agus réimse na hETIM dea-thionchar a bheith acu ar an tsochaí. Tá an teicneolaíocht tar éis feabhas a chur ar an-chuid gnéithe dár saol, lena n-áirítear réimse na sláinte, an oideachais, na cumarsáide agus an taighde, cosaint an chomhshaoil, cathracha cliste agus inrochtaineacht. Bíonn tionchar ag forbairtí i réimse na hETIM ar gach gné dár saol. Níor seoladh an iPhone ach 15 bliana ó shin agus, inniu, tá folúsghlantóirí róbatacha againn, is féidir linn ár soilse agus ár gcórais teasa a ríomhchlárú agus muid ag taisteal, agus is féidir linn féachaint ar an teilifís le cairde agus gaolta atá scaipthe ar fud an domhain. Samhlaigh na rudaí a bheidh bainte amach againn i gceann 15 bliana!
Tá conairí gairme ar fáil i réimse na hETIM a bhfuil sásamh le fáil iontu, a thugann deis duit athruithe dearfacha a chur i bhfeidhm. Is conair ghairme í ina gcuirtear a lán deiseanna ar fáil duit triail a bhaint as rudaí nua agus smaointe nua a fhiosrú. Tá cruthaitheacht ag baint leis an réimse staidéir. Tugann réimse na hETIM deis dúinn níos mó rudaí a dhéanamh le níos lú acmhainní agus feabhas a chur ar ár saol. Tá réimse na hETIM ina bhunchloch do nuálaíocht, agus caithfimid mná a chur chun cinn mar nuálaithe agus mar cheannairí, ó thaobh smaointe de. Tá sé fíorthábhachtach go léirítear éagsúlacht na sochaí nuair a dheartar nuálaíochtaí agus teicneolaíochtaí amach anseo. Trí ghairm i réimse na hETIM, is féidir leat athruithe dearfacha a chur i bhfeidhm.
Tugann gairm sa TFC deiseanna gan teorainn ar fál duit agus an deis oibriú le foirne ar a bhfuil daoine atá go maith ag réiteach fadhbanna, nuálaithe, agus smaointeoirí cruthaitheacha. Ní féidir liom smaoineamh ar mholadh níos fearr ná sin.
C4. Inis dúinn faoi do chonair ghairme.
Bhí mé an-loighciúil i gcónaí agus is breá liom fadhbanna a réiteach. Nuair a bhí mé thart ar 13 bliana d’aois, rinne mé campa samhraidh do ‘mhná san innealtóireacht’, agus neartaíodh an grá a bhí agam do réimse na hETIM dá bharr.
San Ollscoil, rinne mé staidéar ar an Ríomheolaíocht, ar an Matamaitic agus ar an Teangeolaíocht. Ní raibh mé iomlán cinnte cén cinéal conaire gairme a bheadh i ndán dom ina dhiaidh sin, ach bhí a fhios agam, ó bhí mé ar scoil, go raibh grá agam don mhata agus d’ábhair eolaíochta. Bhí gairm phraiticiúil ag teastáil uaim ina bhfuil na scileanna sin de dhíth, agus, mar sin, d’oir an ríomheolaíocht go mór dom mar réimse staidéir. Le linn na hollscoile, bhí suim agam san fhorbairt bogearraí. Is maith liom an chaoi ar féidir leas a bhaint aisti, go bhfuil gné dhaonna ag baint léi mar go gcaithfidh tú fíorfhadhbanna a réiteach agus úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh.
I ndiaidh an choláiste, d’oibrigh mé do roinnt comhlachtaí comhairleoireachta bogearraí. D’oibrigh mé i gcomhlachtaí ilnáisiúnta móra mar aon le comhlachtaí bogearraí níos lú, inar fhorbair mé réitigh dhigiteacha d’earnálacha éagsúla, lena n-áirítear earnáil an airgeadais, an árachais, na heitlíochta agus na sláinte. Timpeallacht a ghluaiseann ar aghaidh go sciobtha agus atá dúshlánach a bhí i gceist. Bhain mé an-sult as an obair agus d’fhoghlaim mé a lán nithe nua, go háirithe conas smaoineamh ar an toirt os comhair cliant! I ndiaidh thart ar 12 bhliain, bhí fonn orm bogadh go foireann forbartha inmheánach. Mheall an deis tuiscint a fháil agus grinnscrúdú a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh do ghnólacht agus dearcadh fadtéarma a ghlacadh mé. Bhog mé go dtí an earnáil phoiblí agus táim ag obair mar bhall d’fhoirne forbartha inmheánacha san earnáil phoiblí agus i Státseirbhís na hÉireann ó shin.
Le linn mo ghairme, lean mé orm ag forbairt mo scileanna teicniúla agus chuaigh mé ar aghaidh chuig róil níos sinsearaí. Rinne mé Máistreacht sa Bhainstíocht Tionscadal mar gheall gur minic a théann tionscadail TFC ar aghaidh thar am nó thar bhuiséad. Rinne mé staidéar chomh maith ar an mBainistíocht Athruithe chun tuiscint níos fearr a fháil ar an ngé dhaonna a bhaineann le tionscadail dhigiteacha a sholáthar.
Tá taithí 20 bliain faighte agam i róil TFC. Thosaigh mé mo ghairm nuair a bhí gnólachtaí ag súil leis go gcuirfeadh Y2K isteach orthu agus ag ullmhú dó sin. D’oibrigh mé ar fhoirne a d’fhorbair na réitigh dhigiteacha chun eagraíochtaí a bhogadh ó sheirbhísí ar pháipéar agus aghaidh ar aghaidh i dtreo seirbhísí ar líne. Bhí mé ann nuair a tháinig an teicneolaíocht shoghluaiste chun cinn agus don aistriú i dtreo seirbhísí ar líne agus cianoibre a tharla le déanaí mar fhreagairt ar an bpaindéim. Cuireadh isteach ar chúrsaí digiteacha ar fud an domhain le linn mo ghairme agus tá an réimse ag éirí níos gnóthaí i gcónaí.
Tugann an t-athchóiriú digiteach deiseanna iontacha dúinn. Is breá liom a bheith ag obair i réimse na TFC, go háirithe i róil san earnáil phoiblí, inar féidir liom páirt a ghlacadh i seirbhísí digiteacha atá dírithe ar an saoránach a chur ar fáil, a chuireann feabhas ar an saol do dhaoine agus do ghnólachtaí. Is iad na féidearthachtaí a bhaineann lena bheith ag obair i réimse na TFC i Státseirbhís na hÉireann a chuireann sceitimíní orm.
C5. Cad a déarfá do chailíní atá ag smaoineamh ar ghairm i réimse na TFC?
Ar mo chéad lá sa choláiste, nuair a bhí staidéar á dhéanamh agam ar an ríomheolaíocht, thug stiúrthóir an chúrsa rabhadh dúinn nuair a dúirt siad go mbeadh ár scileanna as dáta a luaithe is a bhaineamar céim amach mar gheall go dtagann forbairtí ar réimse na teicneolaíochta chomh sciobtha sin. Tá réimse na TFC á fhorbairt i gcónaí, agus, mar sin, beidh ort a bheith in ann glacadh leis sin agus a bheith sásta do scileanna a choimeád cothrom le dáta. Mar chuid de ghairm i réimse na TFC, caithfidh tú a bheith tiomanta d’fhoghlaim leanúnach.
Ach, ar aghaidh leat! Ná lig don smaoineamh nach mbaineann réimse na TFC le cailíní cur isteach ort. Féach timpeall ort agus feicfidh tú go bhfuil a lán ban ag obair i réimse na TFC agus go bhfuilimid ag iarraidh níos mó ban a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa réimse. Bí linn! Tá an-spraoi ag baint leis an réimse.
Cuireann réimse na TFC deiseanna gairme éagsúla ar fáil duit. Tá na daoine a bhí in aon rang liom nuair a rinne mé staidéar ar an ríomheolaíocht ag obair ar fud an domhain i réimse leathan gairmeacha anois. Má tá suim agat sa TFC, dírigh uirthi, tugann sé deiseanna duit gairm dhinimiciúil ina bhfuil sásamh le brath duit, agus ní féidir leat a shamhlú anois cén cineál poist a bheidh agat i gceann 10, nó i gceann 30 bliain. Tá sé sin go hiontach!