Thosaigh Michelle ag obair sa státseirbhís in 2003, ag obair i rannóg a chomhordaigh tuairisciú eacnamaíochta ó Ambasáidí na hÉireann ar fud an domhain. Mhúscail an obair sin suim san eacnamaíocht inti, agus chuaigh sí ar ais chuig an gcoláiste chun staidéar a dhéanamh ar an eacnamaíocht go páirtaimseartha, le tacaíocht ón Roinn. Faoi láthair, déanann sí Oifig na Bainistíochta Tionscadal sa Roinn Gnóthaí Eachtracha a bhainistiú, ina dtugann sí féin agus a foireann comhairle agus tacaíocht maidir le tionscadail a bhainistiú sa Roinn.

 

Inis dúinn faoi do chonair ghairme ó bhí tú i d’Oifigeacch Feidhmiúcháin go dtí gur thosaigh tú sa ról ina bhfuil tú faoi láthair

Thosaigh mé ag obair sa Státseirbhís mar Oifigeach Cléireachais in 2003. Nuair a thosaigh mé, bhí mé ag obair i rannóg a chomhordaigh tuairisciú eacnamaíochta ónár nAmbasáidí ar fud an domhain. Mhúscail an obair sin suim san eacnamaíocht ionam, agus chuaigh mé ar ais chuig an gcoláiste chun staidéar a dhéanamh ar an eacnamaíocht go páirtaimseartha.

D’oibrigh mé i Rannóg Prótacal na Roinne chomh maith agus bhí an deis agam taisteal thar lear, ag obair ar lóistíocht do chuairteanna an Uachtaráin thar lear. Bhí an obair sin go hiontach agus bhíomar an-ghnóthach. Fuair mé ardú céime go grád an Oifigigh Feidhmiúcháin le linn na tréimhse sin agus bhog mé chuig réimse soláthair próiseála agus seirbhíse agus bhí sé sin an-suimúil chomh maith. Sa Rannóg Prótacal, bhí an deis agam oibriú mar bhainisteoir oifige, chun oibriú ar eachtraí móra, m.sh. an chuairt thug an tUachtarán Obama ar Éirinn in 2011, agus d’fhoghlaim mé a lán nithe faoin mbainistíocht agus faoin gceannaireacht.

In 2013, bhog mé chuig réimse straitéise sa Roinn ina raibh an deis agam oibriú ar Ráiteas Straitéise ár Roinne a chur le chéile agus taisteal chuig ár nAmbasáidí éagsúla ar fud an domhain chun obair athbhreithnithe a dhéanamh. Bhí an deis agam bualadh le cuid de na daoine iontacha atá ag obair inár nAmbasáidí agus bhí an deis agam foghlaim faoi chultúir éagsúla. Fuair mé ardú céime go grád an Oifigigh Riaracháin le linn na tréimhse sin agus, ansin, go grád an Phríomhoifigigh Chúnta. Oibrím i réimse na Bainistíochta Tionscadal faoi láthair, agus cuirim féin agus m’fhoireann comhairle agus tacaíocht ar fáil don Roinn maidir le Tionscadail a Bhainistiú.

 

Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin duit?

Thug an Roinn tacaíocht dom nuair a chuaigh mé ar ais chuig an gcoláiste chun céim a bhaint amach san eacnamaíocht agus sa stair agus, níos déanaí, chun dioplóma iarchéime agus máistreacht a bhaint amach. Bhí an deis chun tabhairt faoi oideachas leanúnach an-tábhachtach dom agus is ceann de na buntáistí a bhaineann leis an Státseirbhís tacaíocht den chineál sin. Tháinig mo chuid staidéir leis an obair a bhí á déanamh agam i réimsí éagsúla, m.sh. tuairisciú eacnamaíochta, riarachán, bainistíocht athruithe agus bainistíocht tionscadal.

Bhí an deis agam taisteal a dhéanamh agus bualadh le agus oibriú le daoine iontacha le linn mo ghairme. Táim ag obair faoi láthair le dhá fhoireann iontacha chun forbairt líonra taidhleoireachta na hÉireann a eagrú agus chun an bhainistíocht tionscadal a chur chun cinn sa Roinn.

Tá an státseirbhís tar éis deis a thabhairt dom oibriú i róil éagsúla, agus leanúint orm ag foghlaim agus ag forbairt ag an obair agus trí fhorbairt ghairmiúil.

 

An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?

Cuireadh a lán deiseanna iontacha ar fáil dom le linn mo ghairme. Bhí mé in ann leanúint ar aghaidh le mo chuid staidéir agus bhí an deis agam taisteal a dhéanamh agus blas a fháil ar thíortha agus chultúir éagsúla. Is é an rud is mó a chuireann bród orm ná na daoine ar oibrigh mé leo le linn na mblianta. Tá a lán daoine ag obair sa tseirbhís phoiblí atá an-spreagúil agus cuireann sé an-áthas orm go gcuireann mo chuid oibre le leas na scohaí i gcoitinne.

 

Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?

Chuir mo mháthair iarratas isteach ar fholúntais sa Státseirbhís ar mo shon agus beidh mé buíoch di go deo. Bheartaigh mé ar fhanacht sa Státseirbhís de bharr na ndeiseanna a cuireadh ar fáil dom leanúint orm ag foghlaim agus ag forbairt; bualadh le daoine iontacha spreagúla; agus oibriú i réimsí ina mbraitheann tú go bhfuil obair fhiúntach á déanamh agat.

 

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Feidhmiúcháin?

Is féidir leat a bheith ag obair i róil éagsúla mar Oifigeach Feidhmiúcháin agus cuirtear a lán deiseanna foghlama agus forbartha ar fáil duit. Tapaigh na deiseanna atá os do chomhair amach. Bí cinnte go bhfuil luachanna na státseirbhíse ag croílár do chuid oibre, is cuma cén réimse ina bhfuil tú ag obair, agus déan iarracht i gcónaí difríocht a dhéanamh, is cuma mura bhfuil ach difríocht bheag i gceist.