Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Thosaigh Steven sa Státseirbhís mar Oifigeach Feidhmiúcháin, a bhí ag obair sa Stiúrthóireacht Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.  Tugann sé eolas dúinn faoin réimse taithí atá faighte aige i ról an Oifigigh Feidhmiúcháin, ó obair a dhéanamh in Aonad na gConsal Oinigh, ag déanamh maoirseacht agus athchoiriú ar líonra Chonsail Oinigh na hÉireann, go ceapachán sealadach mar ‘Fhionnachtaí’ chun an tionscadal a bhí dírithe ar Chonsalacht Ghinearálta nua a oscailt d’Éirinn in Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin a bhainistiú.  Fuair sé ardú céime go grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin ó shin, agus tá sé ag obair san Oifig Bhainistíochta Tionscadal sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

 

Inis dúinn faoi do chonair ghairme ó bhí tú i d’Oifigeacch Feidhmiúcháin go dtí gur thosaigh tú sa ról ina bhfuil tú faoi láthair

Nuair a thosagh mé sa Roinn Gnóthaí Eachtracha mar Oifigeach Feidhmiúcháin, cuireadh ag obair sa Stiúrthóireacht Chonsalachta mé.  Sa Stiúrthóireacht Chonsalachta, d’oibrigh mé in Oifig na gConsal Oinigh, ag déanamh maoirseacht agus athchóiriú ar líonra Chonsail Oinigh na hÉireann ar fud an domhain.  Ag an bpointe sin, bhí mé freagrach as os cionn 90 Consal Oinigh a bhí lonnaithe i níos mó ná 60 tír éagsúil.

Ina dhiaidh sin, bhí an deis agam glacadh le ceapachán sealadach mar ‘Fhionnachtaí’ chun tionscadal a bhí dírithe ar Chonsalacht Ghinearálta a oscailt d’Éirinn in Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin a bhainistiú.

Nuair a d’fhill mé ar Éirinn, ghlac mé le ról sa Rannóg Phrótacail mar bhainisteoir an imréitigh taidhleoireachta, ina raibh mé freagrach as cead a fháil d’aerárthaí, d’árthaí cabhlaigh agus taighde oifigiúla stáit a thagann isteach agus a théann amach, do na foirne slándála atá ag VIPanna, agus d’oibríochtaí síochánaíochta na hÉireann thar lear.

Ghlac mé ansin le ról gníomhach mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin i Rannóg na nAcmhainní Daonna sa Roinn, ina dhearna mé foireann a bhíonn ag déileáil le saoire a riar agus le ceisteanna a bhaineann le pinsin agus hincrimintí a bhainistiú.

Ag tógáil ar an taithí seo, d’éirigh liom i gcomórtas idir-rannach d’Ardoifigigh Feidhmiúcháin agus thosaigh mé ag obair san Oifig Bhainistíochta Tionscadal sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.  Mar chuid den ról atá agam faoi láthair, tugaim tacaíocht don bhainistíocht tionscadal agus don nuálaíocht laistigh den Roinn.

 

Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin duit? 

Thug an ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin deiseanna dom oiliúint a dhéanamh agus scileanna nua a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i reimsí éagsúla lasmuigh de mo ghníomhaíochtaí laethúla.  Bhí mé in ann cúrsaí oiliúna a dhéanamh ar thopaicí éagsúla, m.sh. bainistíocht tionscadal agus bainistíocht daoine.  Bhí an deis agam chomh maith cleachtaí Gearmáinise a dhéanamh agus bhí an deis agam obair a dhéanamh thar lear.  Le linn na tréimhse a chaith mé ag obair mar Oifigeach Feidhmiúcháin, bhí an deis agam páirt a ghlacadh i gcuairteanna de chuid VIPanna, i réimse na freagartha ar ghéarchéimeanna, i gcomhdhálacha a eagrú, agus i ngrúpaí oibre ar straitéisí roinne.

 

An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?

Ba é an ról a bhí agam mar bhainisteoir tionscadail ar thionscadal a bhí dírithe ar Chonsalacht Ghinearálta nua a oscailt in Frankfurt buaicphointe mo ghairme go dtí seo.  Bhí an deis agam oibriú le comhghleacaithe ó réimsí éagsúla i mo roinn, agus foghlaim faoi na nithe a dhéanann siad agus faoin gcaoi a dtagann a gcuid oibre le chéile chun tacú lenár líonra ambasáidí agus consalachtaí.  Mar chuid den ról seo, chaith mé roinnt míonna thar lear agus bhí mé freagrach as oifig nua a bhunú ón mbonn.  Bhí mé an-sásta nuair a thug mé na difríochtaí idir na hoifigí a bhí ann nuair a thosaigh mé agus na hoifigí a bhí ann nuair a d’fhill mé ar Éirinn faoi deara.

 

Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?

Nuair a thosaigh mé sa tSeirbhís Phoiblí, bhí áit á lorg agam ina mbeinn in ann gairm fhadtéarmach a bheith agam, agus ina mbeadh deiseanna maidir le dul chun cinn, i gcodarsnacht leis an taithí a bhí faighte agam lasmuigh den Státseirbhís, ag obair ar chonarthaí gearrthéarmacha nár bhain deiseanna forbartha leo.  

 

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Feidhmiúcháin?

Déan do mhachnamh ar an taithí atá agat maidir leis an gcaoi ar féidir leas a bhaint as na scileanna atá faighte agat i ról an Oifigigh Feidhmiúcháin, agus déan do mhachnamh ar an taithí atá faighte agat trí obair dheonach mar aon le poist eile.  Is féidir samplaí ó obair dheonach a bheith an-úsáideach do d’fhoirm iarratais agus san agallamh.