Thosaigh Annmarie ag obair in Publicjobs.ie mar Fheidhmeannach Margaíochta agus Cumarsáide i mí na Nollag 2020. San alt seo, labhraíonn Annmairie faoi na tascanna oibre éagsúla a raibh baint aici leo ó thosaigh sí sa ról, lena n-áirítear an t-ábhar ar Publicjobs.ie a bhainistiú, ailt nuachta a scríobh, ábhar a fhorbairt do chainéil meán sóisialta, agus cumarsáid inmheánach a stiúradh don eagraíocht. Leagann Annmarie béim ar na deiseanna a tugadh di staidéar a dhéanamh agus cur lena cuid oideachais.
Inis dúinn faoi do ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin i réimse na Cumarsáide
Chuir mé isteach ar an gcomórtas d’Oifigigh Chumarsáide i samhradh na bliana 2020 agus thosaigh mé ag obair in PublicJobs, mar Fheidhmeannach Margaíochta agus Cumarsáide, i mí na Nollag 2020. Tá dualgais chumarsáide éagsúla i gceist i mo ról, lena n-áirítear an t-ábhar ar Publicjobs.ie a bhainistiú, ailt nuachta a scríobh, ábhar a fhorbairt do chainéil meán sóisialta, agus cumarsáid inmheánach a stiúradh don eagraíocht. Ina theannta sin, déanaim obair ar ábhar meán sóisialta a fhorbairt d’fheachtais earcaíochta, ina gcuirim státseirbhísigh faoi agallamh faoina gconairí gairme chun tuiscint a thabhairt do dhaoine ar an gcineál oibre a bhíonn ar siúl sa státseirbhís ó lá go lá agus go fadtéarmach. Bíonn sé mar aidhm againn an státseirbhís a shoiléiriú mar, uaireanta, ní thuigeann daoine an chaoi a n-oibríonn sí. Mar chuid den ról, eagraím nuachtlitir gach coicís, a thugann deis dom oibriú le comhghleacaithe san eagraíocht chun an nuacht is déanaí a chur le chéile agus baill foirne a chur ar an eolas fúithi agus bhí sé sin fíorthábhachtach nuair a bhíomar uilig ag obair ó chian.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit go dtí seo?
Bhí sé an-suimiúl foghlaim faoin éagsúlacht agus faoi na deiseanna éagsúla atá ar fáil sa státseirbhís. Bhain mé an-taitneamh as scéalta an-spreagúla faoi chonairí gairme a chloisteáil ó státseirbhísigh a thapaigh deiseanna agus a d’fhorbair gairmeacha fiúntacha dóibh féin. De bharr mo róil, cuireadh deiseanna iontacha foghlama agus fobartha ar fáil dom. Ó thosaigh mé sa ról, bhí mé in ann Máistreacht pháirtaimseartha sa Chumarsáid a chríochnú agus ba thaithí iontach í sin, a chuir go mór le mo chuid eolais. Tá sé tugtha faoi deara agam go dtugtar an-tacaíocht don fhorbairt ghairmiúil agus bhí an deis agam iarratas a chur isteach ar shaoire staidéir chun freastal ar léachtaí agus tascanna a chríochnú. Bhí an deis agam chomh maith freastal ar chúrsaí i réimse na bainistíochta tionscadal, i réimse na ceannaireachta foirne agus eile, a chuir go mór le mo chuid oibre laethúla. Tá na deiseanna foghlama agus forbartha tar éis dul i bhfeidhm go mór orm; níor thug mé an leibhéal céanna tacaíochta don fhorbairt ghairmiúil faoi deara aon áit eile inar oibrigh mé.
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
D’oibrigh mé thar lear ar feadh seacht mbliana, agus, nuair a bhí mé ag obair I réimse na cumarsáide do sheirbhís re ola na hAstrála, thug mé an dea-thionchar a bhíonn ag cumarsáid re olas don phobal faoi deara. Bhí fonn orm cur le hathruithe dearfacha in Éirinn agus thug an ról seo deis dom sin a dhéanamh.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Feidhmiúcháin i réimse na Cumarsáide?
Cuir iarratas isteach! Tá neart deiseanna ann maidir le dul chun cinn gairme, maidir le tréimhsí ar iasacht, agus maidir le staidéar breise; má tá tú sásta an obair a dhéanamh, mar sin, beidh neart deiseanna os do chomhair amach!
An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?
Ba bhuaicphointe ar leith í an bhainistíocht a rinne mé ar athchóiriú shuíomh gréasáin Publicjobs.ie. Bhí an deis agam iniúchadh iomlán a dhéanamh ar an suíomh, ábhar nua agus spreagúil a fhorbairt, íomhánna nua a dhearadh, mar aon le feabhas a chur ar an suíomh don úsáideoir. Bhain mé an-sásamh as a bheith ag obair ar an tionscadal seo mar chabhraigh sé le hiarrthóirí an t-eolas atá uathu a fháil agus tuiscint níos fearr a fháil ar an obair a dhéantar sa státseirbhís.