Is Preasoifigeach é Fergus sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Labhraíonn Fergus faoin obair a dhéanann sé agus é ag taisteal chuig codanna éagsúla den tír leis an Aire, agus, dar leis gur “pointe iontrála foirfe do dhuine nár oibrigh san earnáil phoiblí cheana féin” é ról an Oifigigh Chumarsáide, agus go “gcuirtear neart deiseanna foghlama agus forbartha ar fáil” ann.
Inis dúinn faoi do ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin i réimse na Cumarsáide
Oibrím mar phreasoifigeach don Roinn. Déanaim taisteal chuig codanna eile den tír leis an Aire go minic, agus é ag freastal ar imeachtaí éagsúla, déanaim cruinnithe áitiúla agus náisiúnta ar leac an dorais a chomhordú, agus ullmhaím preasráitis agus freagraím ceisteanna ó na meáin. Ina theannta sin, tugaim cabhair maidir lenár n-ardáin meán sóisialta a reáchtáil agus déanaim seoltaí feachtais a chomhordú le hoifigigh agus le gníomhaireachtaí.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit go dtí seo?
Bhí sé an-suimiúil cuairt a thabhairt ar agus bualadh le foghlaimeoirí agus baill foirne i gcoláistí agus in ollscoileanna ar fud na tíre. Bhí sé an-spreagúil scéalta na bhfoghlaimeoirí agus na n-ionad oideachas a chloisteáil; bhí ar an-chuid acu a ndeacrachtaí pearsanta féin a shárú chun leas a bhaint as an oideachas mar bhealach chun saol níos fearr a bhaint amach.
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
Bhí fonn orm a bheith ag obair i réimse inar féidir leat fíorathruithe a chur i bhfeidhm.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Feidhmiúcháin i réimse na Cumarsáide?
Is pointe iontrála foirfe é an grád seo do dhuine nár oibrigh san earnáil phoiblí cheana féin, agus cuirtear neart deiseanna foghlama agus forbartha ar fáil.
An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?
D’oibrigh mé mar cheannasaí cumarsáide ar an bhfeachtas ‘Litearthacht Saoil do Dhaoine Fásta’ – iarracht spreagúil agus fhiúntach feabhas a chur ar shaol na mílte daoine fásta ar fud na tíre a bhfuil deacrachtaí acu le litearthacht, le huimhearthacht agus le scileanna digiteacha.