Roinneann Laoise, atá ag obair in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim faoi láthair, a taithí ar an gclár prinítseachta i réimse na TFC sa Státseirbhís agus na deiseanna a cuireadh ar fáil di. Ó staidéar páirtaimseartha a dhéanamh chun Dioplóma sa tSlándáil Líonraí agus Córas a bhaint amach go dtí an obair a rinne sí ar thionscadal dírithe ar athchóiriú a dhéanamh ar infreastruchtúr gréasáin WAN, ceapann Laoise gur chuir an taithí go mór lena haistear foghlama.
Cén chonair ghairme/oideachais a bhí agat sular thosaigh tú mar Phrintíseach TFC?
Creid é nó ná creid, d’oibrigh mé sa siopa áitiúil! Tar éis dom an mheánscoil a chríochnú, ní raibh fonn orm ceithre bliana a chaitheamh ar chúrsa nach raibh mé iomlán cinnte faoi. Ghlac mé bliain shaor, mar sin, agus fuair mé post. D’fhoghlaim mé faoi FIT ansin, agus na printíseachtaí a bhíonn acu san earnáil phríobháideach agus rinne mé iarracht áit a fháil ar cheann acu.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról mar Phrintíseach TFC sa Státseirbhís?
Bhí an-suim agam i ríomhairí i gcónaí. Bhí siad mórthimpeall orm agus mé ag fás aníos agus bhí a fhios agam go mbeadh gairm i réimse na TF oiriúnach dom. Ní raibh a fhios agam cén cineál poist a bheadh oiriúnach, áfach. Bhí mé ar liosta feithimh FIT do phrintíseacht san earnáil phoiblí cheana féin nuair a tháinig an deis áit a fháil mar Phrintíseach TFC sa Státseirbhís chun cinn, agus chuir mé isteach ar an gcomórtas láithreach bonn. Bhí a lán scéalta cloiste agam ó chairde san earnáil phoiblí faoi uaireanta fada ragoibre agus faoi obair a dhéanamh ag deirí seachtaine, agus thuig mé nach n-oirfeadh sé sin dom – bíonn cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil uaim! Bhí an chinnteacht ina buntáiste mór chomh maith. Ná bain an chiall chontráilte as seo, oibrím go dian, ach leagann an earnáil phoiblí béim ar an saol lasmuigh den obair.
Cad é an rud is mó ar bhain tú sult as ar an gclár Printíseachta TFC sa Státseirbhís?
Bhí a lán daoine éagsúla i mo rang. Bhí mé in ann foghlaim ón taithí a bhí ag daoine éagsúla, idir mo mheantóir agus mo pháirtithe ranga. Foghlaimím trí nithe a dhéanamh – ní oireann seo dom a bheith dírithe ar theoiric i gcónaí. Chuir an deis taithí a fháil ar thimpeallacht ‘bheo’ go mór le m’aistear foghlama, mar sin.
Cad atá i gceist sa ról ina bhfuil tú faoi láthair mar OF i réimse na TFC?
Bímid gnóthach i gcónaí in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim! Faoi láthair, oibrím ar an deasc seirbhíse ar bhonn sealaíochta, agus cabhraím le húsáideoirí ar fud na tíre a mbíonn deacrachtaí acu a bhaineann leis an ngréasán. Oibrím ar an tionscadal atá dírithe ar infreastruchtúr WAN a athchóiriú agus is é sin an tionscadal is mó ar a mbím ag obair. Téimid chuig ionaid éagsúla de chuid Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ar fud na tíre chun gléasanna nua a chur i bhfeidhm. Bainim an-sult as an obair sin!
Cén deiseanna a chuir an clár printíseachta agus an ról ina bhfuil tú anois ar fáil duit?
Tá mé i mbun staidéir ar bhonn páirtaimseartha faoi láthair chun Dioplóma sa Líonrú agus sa Shlándáil Córas a bhaint amach, agus táim tar éis freastal ar neart cúrsaí oiliúna! D’fhoghlaim mé faoi bhunghnéithe Linux, rinne mé oiliúint dírithe ar ghléasanna Cisco, oiliúint dírithe ar HPE Comware – agus neart cúrsaí eile. Tá líonra ollmhór ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá rud eigin ann do chuile dhuine anseo.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?
Mholfainn! Cé go gcloiseann tú scéalta faoin earnáil phoiblí ina dtugtar le fios nach nglactar le hathruithe go héasca inti, a mhalairt ar fad atá fíor. Bímid ag obair ar theicneolaíochtaí nua i gcónaí agus, de bharr go bhfuil líonra ollmhór ann agus comhghleacaithe a bhfuil taithí acu mórthimpeall orm, bíonn sé an-éasca a bheith ag foghlaim i gcónaí. Tá sé go hiontach gur féidir linn oiliúint a lorg i gcónaí, agus go spreagtar muid chun é seo a dhéanamh. Smaoinigh mé ar dhul chuig an gcoláiste chun BSc a dhéanamh – ach ba mhaith liom triail a bhaint as an gcúrsa Springboard ar dtús!