Cén chonair oideachais a ghlac tú chun a bheith i do Shíceolaí Oideachais?
Céim sa tSíceolaíocht Fheidhmeach (COC); Dochtúireacht sa tSíceolaíocht Fheidhmeach (COC); Dioplóma sa tSíceolaíocht (Dioplóma Gairmiúil) i réimse na Síceolaíochta Oideachais le Cumann Síceolaithe Éireann (CSÉ).
Cad atá i gceist i do ról mar Shíceolaí Oideachais sa tSNSO?
Is Comhairleoir Oideachais mé i scoileanna lena n-oibrím, agus tugaim tacaíocht d’fholláine shóisialta, mhothúchánach agus oideachais gach dalta. Sa ról seo, oibrím go díreach le daltaí agus comhoibrím lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí chun torthaí comhaontaithe a bhaint amach do na daltaí seo. Ina theannta sin, oibrím go hindíreach le daltaí trí chomhairle agus thacaíocht a chur ar fáil dá múinteoirí i dtaca le gnéithe den chleachtas múinteoireachta. Anuas air sin, oibrím le scoileanna agus le múinteoirí chun plé leis an scoil mar chóras iomlán agus chun polasaithe ionchuimsitheacha a chur chun cinn do gach dalta, i dtaca le ceisteanna éagsúla, m.sh. folláine mhothúchánach, dea-iompar a chur chun cinn, RSO (Riachtanais Speisialta Oideachais), polasaithe in aghaidh na bulaíochta agus Teagmhais Chriticiúla a bhainistiú. Tá an obair chomhoibríoch a dhéanaimid le tuismitheoirí agus le múinteoirí, ina ndéanaimid teagmháil leis na daoine tábhachtacha i saol an pháiste chun fadhbanna a réiteach, mar chuid fhíorthábhachtach den obair Chomhairleach a dhéanaimid. Sa chaoi seo, oibrímid le tuismitheoirí agus le múinteoirí chun torthaí comhaontaithe a bhaint amach, trí úsáid a bhaint as dea-chleachtas.
Cén fáth ar thosaigh tú ag obair sa tSNSO?
Thug an tSNSO deis dom oibriú i struchtúr ina bhfuil Foirne chun tosaigh, le tacaíocht ó chomhghleacaithe agus ó cheannasaí foirne. De bharr go raibh tacaíocht ar fáil dom, bhí an deis agam mo chuid scileanna a fhorbairt agus leas a bhaint as maoirseacht ó dhuine ainmnithe agus as córas maoirseachta ina bhfuil grúpa piaraí i gceist. Déanann sé maitheas duit, ón taobh pearsanta agus ón taobh mothúchánach de agus, ag an am céanna, ó thaobh oibre agus scileanna de, a bheith mar bhall d'fhoireann chairdiúil. De bharr Covid, tuigimid uilig go bhfuil sé fíorthábhachtach a bheith mar chuid den slua agus tuigimid an tábhacht a bhaineann le líonraí sóisialta. Bíonn éagsúlacht i ról an tSíceolaí sa tSNSO chomh maith agus is ról dinimiciúil é a thugann deis iontach duit réimse iomlán scileanna a fhorbairt, toisc go mbíonn an deis agat a bheith ag obair i suíomhanna éagsúla, m.sh. i mbunscoileanna agus i meánscoilenna, le ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
De bharr go ndéanann duine ainmnithe agus piaraí maoirseacht leanúnach ort, cuirtear go mór le do chuid scileanna agus eolais. Is buntáiste mór é go bhfuil Forbairt Leanúnach Phearsanta (FLP) ar fáil sa tSNSO, mar is féidir leat tú féin a choimeád ar an eolas faoi dhea-chleachtas reatha i réimsí éagsúla. Cuirtear FLP ar fáil don tseirbhís iomlán (Náisiúnta), i do cheantar tíreolaíochta féin (Réigiúnach) agus bíonn Buiséad FLP ar leith ag gach Síceolaí aonair chomh maith. Is féidir leat scileanna a fhorbairt i réimsí a bhfuil suim agat iontu nó inar mhaith leat do chuid eolais a fhorbairt trí pháirt a ghlacadh i ngrúpaí oibre i réimsí ar leith.
Cad í an ghné is mó de do ról mar shíceolaí sa tSeirbhís Naisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) a mbaineann tú sult as?
Is breá liom éagsúlacht na hoibre sa tSNSO! Ní mar a chéile aon dá lá. Oibrímid le haoisghrúpa leathan, .i. leanaí idir 4 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois. Ina theannta sin, oibrímid i suíomhanna oideachais éagsúla, m.sh. bunscoileanna agus meánscoileanna, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta. Toisc go mbíonn teagmháil againn le grúpa scoileanna ar leith, bíonn an deis againn dea-chaidreamh leanúnach a chothú lenár scoileanna agus athruithe dearfacha a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na daltaí agus na teaghlaigh lena n-oibrímid. Tá sásamh le fáil san obair seo!
An molfá gairm sa tSNSO do dhaoine eile?
Mholfainn, cinnte! Is breá liom éagsúlacht na hoibre. Bainim sult as aiseolas dearfach a fháil ó thuismitheoirí agus scoileanna. Táim an-tógtha chomh maith leis an timpeallacht thacúil a bhaineann leis an struchtúr ina bhfuil foirne chun tosaigh agus na deiseanna a bhíonn ann comhairle agus tacaíocht a fháil ó chomhghleacaithe. Mar fhocal scoir, tá an FLP a bhíonn ar fáil go rialta thar barr.