Tugann Andrew léargas dúinn ar an gconair ghairme a ghlac sé chun a bheith ina Shíceolaí Oideachais, tar éis dó socrúcháin a dhéanamh i réimse an oideachais, i réimse an mhíchumais agus i seirbhísí meabhairshláinte, a thug scileanna éagsúla dó a chabhraíonn leis freastal ar na riachtanais síceolaíochta a bhíonn ag leanaí.  Insíonn sé dúinn go mbaineann sé sult as an mbearna idir an baile agus an scoil a shárú, agus é ag plé leis an dá chuid seo den chóras a bhaineann le leanaí.

Cén chonair oideachais a bhí agat? 

Bhain mé céim sa tSíceolaíocht, Máistreacht i bFhorbairt Neamhthipiciúil i Leanaí agus Dochtúireacht sa tSíceolaíocht Oideachais amach.  D’oibrigh mé mar Chúntóir Riachtanas Speisialta, mar Theagascóir i réimse na hAnailíse Iompair Feidhmí, mar mhúinteoir sa bhaile, agus mar Shíceolaí Cúnta. 

Cad atá i gceist i do ról mar Shíceolaí Oideachais sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)?

Oibrím sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO). Tugaim tacaíocht síceolaíochta oideachais agus leanaí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga (daltaí), dá múinteoirí agus dá dteaghlaigh tríd an gcóras scoile/oideachais le hatreoruithe díreacha ón bpríomhoide.  Oibrím laistigh de chóras seirbhíse na SNSO, atá bunaithe ar chontanam tacaíochta agus fhreagairt ar chreat idirghabhála, ina bhfuil trí leibhéal.  Tá comhairliúcháin le múinteoirí maidir lena gcleachtais mhúinteoireachta agus na daoine óga dona dtugann siad tacaíocht mar phríomhghné de mo chuid oibre.  Cuirim oiliúint ar fáil do mhúinteoirí bunaithe ar chláir folláine do dhaltaí, m.sh. cláir FRIENDS, agus ar thacaíocht shóisialta, mhothúchánach agus iompair, m.sh. Incredible Years.  Ina theannta sin, tugaim tacaíocht do mhúinteoirí i réimse na litearthachta agus na huimhearthachta, m.sh. Cur Chuige Cothrom i leith na Litearthachta agus Idirghabhálacha Éifeachtacha do Léitheoirí atá ag Streachailt.  Glacann an tSNSO páirt i dtacaíocht a thabhairt do scoileanna i dtaca le freagairtí ar theagmhais chriticiúla.  Déanaim cásobair aonair chomh maith, trí mheasunú agus idirghabháil agus déanaim iarracht tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag córais eile, m.sh. beartas, ar an múinteoir, ar dhaoine óga agus ar a dteaghlaigh.   Glacaim páirt i gcruinnithe ildisciplíneacha agus déanaim teagmháil le seirbhísí eile a bhaineann le leanaí.  Déanaim maoirseacht ar Shíceolaithe Oideachais faoi Oiliúint, agus is ball den Ghrúpa Oibre um Dhisléicse mé.  

Cén fáth a ndeachaigh tú ag obair sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)?

Sular thosaigh mé sa tSNSO, rinne mé socrúcháin i réimse an oideachais, i réimse an mhíchumais agus i seirbhísí meabhairshláinte agus, mar sin, ceapaim go bhfuil scileanna éagsúla agam a chabhraíonn liom freastal ar na riachtanais síceolaíochta a bhíonn ag leanaí.  Bainim an-sult as an mbearna idir an baile agus an scoil a shárú, agus mé ag plé leis an dá chuid seo den chóras a bhaineann le leanaí. Is féidir leis an tSNSO oibriú le, tionchar a imirt ar agus tacaíocht a thabhairt do na córais a bhaineann le leanaí.  Bíonn an deis againn oibriú le leanaí aonair, lena dteaghlaigh, le scoileanna agus leis an bpobal, mar aon le beartas a mbíonn tionchar aige ar shaol scoile na leanaí agus ar shaol na leanaí sa bhaile.  Ní féidir le gach seirbhís tionchar chomh leathan sin a bheith aici.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Tá plean dea-fhorbartha forbartha gairmiúla leanúnaí (FGL) i bhfeidhm sa tSNSO.  Tá Grúpa Oibre FGL ann, agus faighimid liúntas aonair, réigiúnach agus náisiúnta chun cur lenár gcuid scileanna.  Bíonn Cruinniú Gnó Bliantúil againn chomh maith, cosúil le comhdháil, a thugann deis iontach dúinn bualadh le comhghleacaithe sa tSNSO agus foghlaim uathu agus machnamh a dhéanamh ar chleachtas.   Is minic a fhaighimid tacaíocht ó shaineolaithe idirnáisiúnta.

Sa tSNSO, tá gréasán maith maoirseachta inmheánaí againn, agus cuirfear maoirseacht ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí.  Tá Grúpa Oibre um Mhaoirseacht againn, atá mar chuid thábhachtach d’fhorbairt an tSíceolaí.

Bainim sult chomh maith as a bheith mar bhall de Ghrúpaí Oibre, is ball den Ghrúpa Oibre um Dhisléicse mé.  Is modh iontach iad na Grúpaí Oibre chun speisialtóireacht a dhéanamh i dtopaicí agus cur le hathbhreithniú agus forbairt bheartais.

Bainim sult as maoirseacht a dhéanamh ar Shíceolaithe Oideachais faoi Oiliúint chomh maith.

Cad í an ghné is mó de do ról mar shíceolaí sa tSeirbhís Naisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) a mbaineann tú sult as?

Bainim sult as a bheith ag obair le leanaí agus le hóganaigh, lena múinteoirí agus lena dtuismitheoirí.  Bainim sult as machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí beartas a fheabhsú agus as iarracht a dhéanamh tionchar a imirt air seo.  Bainim sult as bualadh le daltaí ina scoileanna, áit ina mbíonn siad níos compordaí agus iad ag bualadh liom de ghnáth.  Bainim sult as páirt a ghlacadh i ngrúpaí oibre agus as a bheith ag obair le síceolaithe oideachais eile.  Tá timpeallacht foirne thacúil i gceist.  

An molfá gairm sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) do dhaoine eile?

Má tá fonn ort a bheith ag obair i seirbhís dhinimiciúil a bhíonn ag síorathrú agus ar a ndéantar forbairt i gcónaí, a chuireann seirbhísí síceolaíochta oideachais agus leanaí ar fáil do leanaí, dá dteaghlaigh agus do scoileanna, mholfainn gairm sa tSNSO.