Thosaigh Niall a ghairm sa státseirbhís ag obair mar Oifigeach Cléireachais sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus, anois, tá sé ina Leas-Chonsul (Leas-Cheannasaí Misin) i gConsalacht Ghinearálta na hÉireann in Frankfurt sa Ghearmáin. Do Niall, is príomhghné den phost í an chaoi ar féidir leis cabhrú le daoine, agus tá an-sásamh ar fáil sa phost dá bharr.
Inis dúinn faoi do chonair ghairme ó Oifigeacch Cléireachais go dtí an ról ina bhfuil tú faoi láthair
Thosaigh mé amach mar Oifigeach Cléireachais sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in 2015, inar oibrigh mé go príomha ar fheachtais earcaíochta a eagrú do phoist do chomhairligh ospidéil. I ndiaidh bliana, bronnadh ardú céime orm go grád an Oifigigh Feidhmiúcháin (maoirseoir) agus bhog mé go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, inar oibrigh mé ar dtús san Aonad Géarchéimeanna. D’oibrigh mé ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna móra, m.sh. ionsaithe sceimhlitheoireachta agus tubaistí nádúrtha, mar aon le hoiliúint a chur ar bhaill foirne agus iad a ullmhú chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar eachtraí den chineál seo. Bhog mé go dtí an t-aonad um Bhreitheanna Eachtrannacha a Chlárú (FBR), inar cheadaigh mé iarratias ar shaoránacht bunaithe ar shinsir an iarrthóra. Tar éis dom ardú céime a fháil go grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin, ceapadh mé mar bhainisteoir an aonaid um Bhreitheanna Eachtrannacha a Chlárú. Rinne mé bainistíocht ar fhoireann ar a raibh 35 bhall foirne ag obair in dhá ionad, chun a chinntiú gur cuireadh seirbhís éifeachtach agus ghairmiúil ar fáil agus chun dul i ngleic le héileamh an-mhór. Bhog mé ar aghaidh ansin chun feidhmiú mar bhainisteoir san aonad um Chúnamh Consalachta, inar oibrigh mé le saoránaigh Éireannacha i gcruachás thar lear – lena n-áirítear bás, ionsaithe agus cásanna íogaire eile.
Ó dheireadh na bliana 2019 ar aghaidh, táim ag feidhmiú mar Leas-Chonsal (Leas-Cheannasaí Misin) i gConasalacht Ghinearálta na hÉireann in Frankfurt sa Ghearmáin. Thug mé cabhair maidir leis an gConsalacht a bhunú – an chéad Chonsalacht de chuid na hÉireann ar mhór-roinn na hEorpa – agus oibrím gach lá chun tacú leis an bpobal Éireannach anseo agus chun caidrimh le teagmhálaithe tábhachtacha i réimse na polaitíochta, an ghnó agus an chultúir a neartú. Déanaim bainistíocht chomh maith ar chlár taidhleoireachta poiblí, ina mbíonn eachtraí éagsúla, m.sh. clubanna leabhar, rince Gaeltach agus díospóireachtaí painéil é atá dírithe ar chúrsaí gnó.
Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Cléireachais ar fáil duit?
Mar Oifigeach Cléireachais, bhí mé in ann leas a bhaint as na scileanna a fuair mé ón obair acadúil agus ghairmiúil a bhí déanta agam cheana féin agus cur le spriocanna ginearálta na heagraíochta. Chuir mé, mar shampla, le clár comhionannais agus éagsúlachta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí – réimse a bhfuil an-suim agam ann. Bhí neart deiseanna agam scileanna a fhorbairt i réimsí éagsúla chomh maith agus bhí baint aige sin leis na harduithe céime agus leis an bpost taidhleoireachta a fuair mé thar lear. Ina theannta sin, thug an post mar Oifigeach Cléireachais léargas dom ar an státseirbhís ghinearálta agus ar na deiseanna atá ar fáil sa chóras, agus shocraigh mé ar ghairm fhadtéarmach a bhaint amach dom féin sa tseirbhís dá bharr.
An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?
Táim an-bhródúil go raibh mé in ann cúnamh praiticiúil a thairiscint do shaoránaigh Éireannacha thar lear le linn phaindéim Covid. Mar shampla, thug mé cúnamh do shaoránaigh a bhí sáinnithe thar lear teacht abhaile trí cháipéisí taistil éigeandála a thabhairt dóibh, thug mé cúnamh do dhaoine a raibh orthu fanacht in óstáin ar coraintín agus thug mé cúnamh do na céadta duine teacht abhaile ar eitiltí aisdúichithe ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Ina theannta sin, d’oibrigh mé leis an bpobal Éireannach anseo sa Ghearmáin le linn na paindéime chun a chinntiú go raibh siad in ann tacaíochtaí a fháil nuair a bhí siad ag teastáil uathu, m.sh. cúram sláinte.
Domsa, is príomhghné den phost í an chaoi ar féidir liom cabhrú le daoine, agus tá an-sásamh ar fáil sa phost dá bharr.
Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?
Bhí an chothromaíocht oibre agus saoil an-tábhachtach domsa – tháinig mé ó ghairm eile, ina raibh uaireanta oibre neamhrialta le déanamh go minic agus, mar sin, bhí seasmhach ag teastáil uaim.
Mheall an chaoi ar féidir leat oibriú i roinnt réimsí éagsúla agus úsáid a bhaint as scileanna éagsúla mé chomh maith: ní mar a chéile aon dá lá i ndáiríre agus tá a lán deiseanna ann a bheith páirteach i nithe nach mbaineann go díreach le do réimse oibre féin.