Is Oifigeach Cléireachais é Osal sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Labhraíonn Osal linn faoina ról agus faoi na deiseanna atá curtha ar fáil aige ó thosaigh sé sa státseirbhís. Insíonn sé dúinn go bhfuil sé bródúil as a bheith ag obair i réimse tábhachtach agus labhraíonn sé linn faoi na deiseanna foghlama agus forbartha gairmiúla ar bhain sé leas astu agus faoin ardú céime a fuair sé le déanaí chun feidhmiú ag leibhéal níos airde.
Inis dúinn faoi do ról?
Baineann an obair a dhéanaim san aonad Beartais agus Dlí de chuid sheirbhís na bpasanna le comhlíonadh leis an RGCS. Bíonn tascanna éagsúla le déanamh agam, m.sh. pleanáil a dhéanamh do ghníomhaíochtaí próiseála sonraí éagsúla na roinne agus a chinntiú go dtuairiscítear sáruithe ar shonraí. Is obair an-tábhachtach í de bharr mhéid agus íogaireacht na sonraí atá i seilbh sheirbhís na bpasanna, agus, le déanaí, ghlac mé le dualgais ag leibhéal níos airde.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Ó 2018-2019, thug an Roinn tacaíocht dom chun Teastas i Staidéar Státeirbhíse agus Gníomhaireachaí Stáit a bhaint amach san Fhoras Riaracháin, agus thug an cúrsa seo léargas iontach dom ar an gcaoi a n-oibríonn an tseirbhís phoiblí. Chríochnaigh mé Dioplóma dhá bhliain sa Dlí le déanaí agus bhí mé buíoch den Roinn as an gcostas a bhain le roinnt modúl ar an gcúrsa a bhain le mo ról a chlúdach. Cé nár thapaigh mé féin an deis seo, is féidir le hoifigigh chléireachais sa Roinn Gnóthaí Eachtracha cur isteach ar phost i gceann de mhisin taidhleoireachta na hÉireann agus is deis den chéad scoth í sin.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról mar Oifigeach Cléireachais san earnáil phoiblí?
Mheall an tseasmhacht airgeadais agus an tuiscint a bhí agam go mbeadh freagrachtaí orm a thiocfadh le mo scileanna agus mo roghanna go mór mé. Thosaigh mé ag obair ar dtús mar Oifigeach Cléireachais Sealadach ar roinnt conarthaí éagsúla agus fuair mé amach go n-oireann na freagrachtaí a bhíonn i gceist dom, agus ní raibh aon drogall orm iarratas a chur isteach nuair a bhí feachtas d’Oifigigh Chléireachais bhuana ar siúl in 2016.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Chléireachais?
Mholfainn d’éinne atá ag smaoineamh ar iarratas a chur isteach gan ligean don phróiseas iarratais nó don líon mór iarrthóirí a chuireann isteach ar na róil seo cur isteach orthu. Bí cinnte go ndéanann tú cleachtadh ar na trialacha réasúnaíochta briathartha agus réasúnaíochta uimhriúla, go háirithe, cabhróidh sé sin go mór leat.