Is Speisialtóir TFC é Adrian a oibríonn sa Roinn Coimirce Sóisialaí, ar Infreastruchtúr Sharepoint. Labhraíonn Adrian linn faoina ghairm agus faoi na deiseanna atá curtha ar fáil dó ó thosaigh sé sa Státseirbhís.
Inis dúinn faoi do ról?
Is é cuspóir mo róil na dualgais atá riachtanach chun tacú leis an Infreastruchtúr SharePoint, chun é a chothabháil agus a fhorbairt a chomhlíonadh. Tá na dualgais seo a leanas i gceist: déantar seiceálacha laethúla agus téimid i ngleic le fadhbanna ar bhealach pras, cinntímid go dtéimid i ngleic le heachtraí agus le hiarratais a thagann chugainn inár réimse ar bhealach pras agus ar ardchaighdeán. Le linn ghéarchéim Covid, fuair mé léargas agus taithí ar réimsí eile laistigh de Rannóg an Infreastruchtúir. Mar aon le mo ról laethúil ar an bhFoireann um Infreastruchtúr SharePoint, iarradh orm tionscadal a stiúradh i gcomhar le comhghleacaí, a bhain le ríomhairí glúine a thógáil agus a sholáthar do 3500 úsáideoir.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Bhí mé in ann leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim trí chúrsaí, a chabhraíonn liom a bheith dírithe agus mo scileanna ginearálta a fheabhsú i réimsí éagsúla, m.sh. obair foirne, comhoibriú le daoine eile, ceannaireacht agus eolas TFC agus a chiallaíonn go mbíonn eolas agam ar theicneolaíochtaí nua i gcónaí.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról i réimse na TFC san earnáil phoiblí?
Creidim go gcuireann an earnáil phoiblí na deiseanna is fearr, b’fhéidir, ar fáil maidir le cothromaíocht cheart idir do ghairm agus do shaol pearsanta. Go ginearálta, tá an earnáil phoiblí níos réasúnta ná an earnáil phríobháideach i dtaca le huaireanta ciallmhara a chur isteach, am saor a ghlacadh d’éigeandálaí, patrúin oibre sholúbtha, agus mar sin de.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?
Is eagraíocht ollmhór í an earnáil phoiblí, ina bhfuil a lán ranna, ról agus ionad. Nuair a thosaigh mé, bhí gach duine an-chairdiúil agus thug siad tacaíocht iontach dom maidir le mo ról ar an bhfoireann. Agus tú ag obair i roinn rialtais, is féidir leat a bheith bródúil as do thír agus a thuiscint go bhfuil tú ag cur leis an tsochaí ar bhealach fiúntach. Ón gcéad lá sa phost, spreagtar thú chun deiseanna ardaithe céime a thapú, agus páirt a ghlacadh in oideachas agus oiliúint sa bhreis (agus bíonn deiseanna maoinithe ann chomh maith). Cuirtear béim ar an gcothromaíocht oibre agus saoil, le huaireanta oibre solúbtha, agus tá cinnteacht ag baint le do ról.