Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Thosaigh Darragh in publicjobs.ie mar Speisialtóir TFC le déanaí agus labhraíonn sé linn faoina ról agus faoi na deiseanna oiliúna a cuireadh ar fáil dó cheana féin sa tréimhse ghearr atá caite aige mar bhall den fhoireann infreastruchtúir go dtí seo.

Inis dúinn faoi do ról? 

Tá an-éagsúlacht i mo ról.  Bíonn orm roinnt tascanna éagsúla a dhéanamh, m.sh. rialacha slándála a bhaineann le rochtain ó chian a chur i bhfeidhm ar an bhfriothálaí chun timpeallacht shlán a chinntiú do bhaill foirne agus iad ag obair ó chian agus cabhrú le húsáideoirí atá ag iarraidh a bpasfhocal a athrú tar éis dóibh a bheith ar laethanta saoire atá tuillte go maith acu.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Níl ach tréimhse ghearr caite agam sa ról seo go dtí seo, ach, de bharr na taithí a fuair mé roimhe seo, bhí an deis agam a bheith páirteach go gníomhach i roinnt tionscadal TF atá á gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear slándáil TF, aistriú Office 365 agus uasghrádú do spásanna oibre ó chian.  Ón tús, thug na baill eile den fhoireann TF cabhair agus tacaíocht den chéad scoth dom.  Ina theannta sin, bhí an deis agam freastal ar roinnt seimineár ar líne, mar aon le hoiliúint inmheánach, agus táim cláraithe d’oiliúint deimhniúcháin Microsoft, a bheidh ag tosú an mhí seo chugainn.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar ról i réimse na TFC san earnáil phoiblí?

Sa ról a bhí agam roimhe seo san earnáil phoiblí, bhraith mé gur fhoghlaim mé gach rud a bhí le foghlaim agam sna 6 bliana a chaith mé ann.  Bhraith mé nach raibh aon deiseanna forbartha ann mar go raibh líon níos lú ball foirne ann.  Anseo in publicjobs.ie, nach bhfuil aon teorainn leis na deiseanna atá ar fáil.  Má thapaím na deiseanna de réir mar a thagann siad anuas agus má dhéanaim mo dhícheall sa ról, déanfaidh mé dul chun cinn i mo ghairm.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile?

Mholfainn, cinnte.  De bharr na ndeiseanna forbartha atá ar fáil agus na ndaoine iontacha lena mbím ag obair, mholfainn go láidir an chaoi a reáchtáiltear an earnáil.