Oifigeach Feidhmiúcháin (Baile Átha Cliath)
Comórtas oscailte do cheapacháin i bpo(i)st mar: Oifigeach Feidhmiúcháin (Baile Átha Cliath) sa Státseirbhís. Beidh an deis agat mar Oifigeach Feidhmiúcháin a bheith ag obair ar thionscadail a chuideoidh le forbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann.
Má thaitníonn obair dhúshlánach leat agus má tá tú tiomanta do sheirbhís phoiblí a thabhairt, bheadh post mar Oifigeach Feidhmiúcháin an-oiriúnach duitse.
Is fostóir comhdheiseanna an tseirbhís phoiblí. Fáiltímid roimh iarratais ó iarrthóirí le cúlraí éagsúla. Aithnímid go ndéanann lucht saothair a léiríonn an pobal i gcoitinne obair dhearfach san áit oibre agus go gcuireann siad leis an obair a bhíonn ar siúl againn.
Faoin ról
Tá Oifigigh Fheidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn Rialtais agus tá réimse leathan dualgas i gceist maidir le feidhmeanna. Is é an post mar Oifigeach Feidhmiúcháin an leibhéal iontrála chuig bainistíocht shóisearach inmheánach sa Státseirbhís.
Saoire Bhliantúil: 23 Lá
Láthair: Baile Átha Cliath
Dáta Oscailte: 30/06/2023
Dáta Dúnta: 3pm, 17/07/2023
Oifigeach Feidhmiúcháin
Próiseas Iarratais & Earcaíochta
Le cur isteach ar an gcomórtas seo, ní mór duit foirm iarratais ghairid a chomhlánú. Ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear, d’fhéadfadh roinnt nithe eile a bheith i gceist sa phróiseas roghnúcháin. Mar shampla, d’fhéadfadh na nithe seo a bheith
Ag gach céim den bpróiseas roghnúcháin gheobhaidh tú an t-eolas is déanaí faoi conas mar atá ag éirí leat. Gheobhaidh tú é seo trí do Bhord Teachtaireachtaí laistigh de do chuntas publicjobs.ie. Sa chás go n-éiríonn leat, cuirfear in iúl duit cad is gá duit a dhéanamh chun an chéad chéim eile sa chomórtas a chríochnú.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Céim a hAon
Cláraigh ar publicjobs.ie
cinntigh, le do thoil, do sheoladh ríomhphoist pearsanta a úsáid le gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat i rith an chomórtais ar fad.
Céim a Dó
Cliceáil Déan Iarratas ar Oifigeach Feidhmiúcháin Baile Átha Cliath
Céim a Trí
Comhlánaigh an fhoirm iarrataisroimh 3pm, Déardaoin, 17 iúil, 2023
Céim a Ceathair
Admháil go bhfuarthas d’iarratas
Ba chóir go bhfaighfeá admháil laistigh de 2 lá oibre ón dáta inar chuir tú d’iarratas isteach.
Leabhrán Eolais
Chun eolas breise agus mionsonraí a fháil faoin ról, léigh an Leabhrán Eolais le do thoil, roimh iarratas a dhéanamh ar an ról seo.