FAIGH EOLAS FAOIN TSEIRBHÍS PHOIBLÍ, AN FOSTÓIR IS MÓ IN ÉIRINN

TÁ MUID AG GLACADH LE hIONTRÁLACHA DON CHUR I LÁTHAIR ANOIS!
COMÓRTAS FÓGRAÍOCHTA PUBLICJOBS.IE DO SCOILEANNA
Faoin gCur I Láthair
Is bealach spraíúil é Comórtas Fógraíochta PublicJobs.ie do Scoileanna chun dúshlán a chur roimh do dhaltaí a gcuid scileanna cruthaitheacha, digiteacha agus cumarsáide a léiriú agus iad ag foghlaim faoi dheiseanna gairme a bheidh acu san earnáil phoiblí amach anseo.
Chun cur isteach ar an gcomórtas, ní mór do dhaltaí físeán (30 soicind) a chruthú ina ndéanann siad an earnáil phoiblí a chur chun cinn mar chonair ghairme mhealltach dá bpiaraí. Is féidir le daltaí:
- Duine ar a bhfuil aithne acu a oibríonn san earnáil phoiblí a roghnú agus a gconair ghairme agus a ról a chur chun cinn
- Ról ar leith san earnáil phoiblí ina bhfuil suim agat, ar fhoghlaim tú faoi nó a ndearna tú taighde air a chur chun cinn.
- Cuir iontas orainn! Déan ról san earnáil phoiblí nach bhfuil tuiscint mhaith ag daoine air a phróifíliú.
- Léirigh réimse deiseanna agus na buntáistí éagsúla a bhaineann le gairm san earnáil phoiblí.
Ní hamháin go spreagfaidh an comórtas seo foghlaim idir phiaraí mar chuid de chur chuige i leith na treorach a bhaineann leis an scoil i gcoitinne, is gníomhaíocht neartaithe foirne den scoth é An Cur i Láthair ar féidir le gach dalta sult a bhaint as. Is féidir le daltaí cur isteach ar an gcomórtas ina n-aonar nó i ngrúpaí ina bhfuil suas le seisear.
Acmhainní Foghlama
Déan Achmainní don Chomórtas: An Cur i Láthair, a íoslódáil, inar féidir leat treoracha do mhúinteoirí a fháil mar aon le hachmhanní don seomra ranga chun cabhrú le daltaí ullmhúchán a dhéanamh agus iad ag iarraidh físeán a chur isteach mar chuid den chomórtas, m.sh. eolas a fháil faoi ghairmeacha, conas script a scríobh, conas scéalchlár a dhéanamh agus nodanna maidir le físeán a scannanú.
Is féidir leat féachaint ar phleananna ceachta, eolas do dhaltaí agus phróifílí gairme ar ár suíomh gréasáin, m.sh. paraimhíochaineoirí, innealtóirí agus láimhseálaithe madraí custaim. Dhear treoirchomhairleoirí na hacmhainní seo i gcomhar le www.publicjobs.ie agus cabhróidh siad leatsa agus le do dhaltaí tuilleadh eolais a fháil faoin earnáil phoiblí, lena n-áirítear conairí gairme agus pointí iontrála éagsúla.
Critéir
Chun cabhair a thabhairt do do dhaltaí, is iad seo a leanas cuid de na critéir a mbeimid ag faire amach dóibh sna físeáin is fearr:
- Coincheap ginearálta a bhfógra - an bhfuil sé soiléir, fíorasach agus oiriúnach?
- Gné Dhíolacháin ar Leith (GDL) Ná déan dearmad: tá sé mar aidhm acu a bpiaraí a spreagadh chun tuilleadh eolais a lorg faoi ghairmeacha san earnáil phoiblí
- Cruthaitheacht - ní mór do d’fhógra seasamh amach. Féach ar leideanna Zainab Boladale maidir le seasamh amach sa slua!
Duaiseanna
ÓGLAIGH NA hÉIREANN
Cuairt lán d’aicsean ar Óglaigh na hÉireann i gCampa an Churraigh.

TG4
Turas stiúideo i TG4.

OOP
Turas treoraithe ar aon suíomh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí sa tír le saineolaí agus Cárta Oidhreachta do Theaghlach!

AN CUR I LÁTHAIR 21/22: BUAITEOIRÍ
Bronnadh duaiseanna den chéad scoth ar bhuaiteoirí an chomórtais anuraidh. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go Gailearaí na mBuaiteoirí 21/22
CUIR IONTRÁIL ISTEACH ANOIS!
Is é an 10 Márta 2023 an spriocdháta d’Iontralacha
Cuir iontráil isteach roimh ár Spriocdháta d’Iontrálacha Luatha chun deis a fháil dearbhán €200 a bhuachan do do scoil!
Chun cur isteach ar an gcomórtas, comhlíon an
FHOIRM IONTRÁLA AR LÍNE