• Skip To Navigation Bar
  • Skip To Main Content
  • Show Cookie Settings
publicjobs.ie publicjobs.ie
  • GA
  • EN
Inrochtaineacht
Cláraigh
Logáil isteach
Mo Shonraí Pearsanta
  • Home Gal
  • Cuardach Poist
  • Mol Eolais
    • Ceisteanna Coitianta
    • Conair Ghairme sa Státseirbhís
    • Éagsúlacht agus Cuimsiú
    • Nuacht agus Eachtraí is Déanaí
    • Inrochtaineacht
    • Ár bPróiseas Earcaíochta
      • Comhairle faoi Iarratais
      • Comhairle faoi Thrialacha
      • Comhairle faoi Agallamh
    • Cuardach Poist
    • Ardbhainistíocht agus Gairmiúil
    • Mol Eolais dár Gcliaint
      • Acmhainní Cliant
      • Gréasán Earcaitheoirí
  • Cé a earcaímid
  • Scoileanna
    • Eolas Fúinne
    • Eolas do Dhaltaí
    • Acmhainní Múinteoirí
    • An Cur i Láthair
      • An Cur i Láthair Gailearaí
    • Próifílí Gairme
  • Comhairleoir Leighis
    • Cuardach Poist
  • Baile
  • SE
  • Uncategorised eng

comhairleoir leighis


Comhairligh Leighis

Is gairm, misean agus gairm bheatha é an Cúram Sláinte. Faoi láthair, tá Éire ag gairm ortsa. Más liachleachtóir sinsearach (lia nó máinlia) tú, atá cláraithe nó i dteideal a bheith cláraithe ar chlár na speisialtóirí, d'fhéadfá taitneamh a bhaint as gairm shuimiúil agus ardchaighdeán beatha i dtír ina mbeidh muintir na tíre buíoch díot i gcónaí.

Agus breis agus 120,000 fostaí ag obair di, is í FSS an fostóir is mó in Éirinn; agus tá sí ar cheann de na cinn is forásaí. Mar eagraíocht, déanann FSS gach iarracht timpeallacht oibre a thacaíonn le teaghlaigh a chothú a chuireann ar chumas na bhfostaithe go léir glacadh go fonnmhar le bunluachanna na heagraíochta: Cúram, Comhbhá, Iontaobhas agus Foghlaim.

Agus tú i do Chomhairleach Leighis in Éirinn, beidh freagracht fhoriomlán leanúnach ort as cúram an othair agus tú ag comhlíonadh do chuid freagrachtaí ach caidreamh díreach leis an othar, freagracht roinnte le comhairligh eile agus leis an bhFoireann Ildisciplíneach a chuireann le bainistíocht othar agus le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le rannpháirtíocht ghníomhach i dtaighde.

Tuarastal:

Beidh an tuarastal ag brath ar an gcineál conartha. Seo a leanas samplaí de ghnáth-thuarastail do chomhairligh:

Comhairleach Chineál A:
€153,637 go €221,765 móide liúntais.
Níl cead ag comhairleach a bhfuil Conradh Chineál A acu páirt a ghlacadh ach i gcleachtas leighis/fiaclóireachta don fhostóir/do na fostóirí poiblí agus ní ghlacfaidh siad páirt i gcleachtas gairmiúil leighis/fiaclóireachta as a bhfaigheann siad íocaíocht phríobháideach.

Comhairleach Chineál B:
€145,033 go €191,683 móide liúntais.
Níl cead ag comhairleach a bhfuil Conradh Chineál B acu páirt a ghlacadh i gcleachtas gairmiúil leighis/fiaclóireachta as a bhfaigheann siad íocaíocht phríobháideach ach amháin in ospidéil nó i saoráidí atá faoi chúram an fhostóra, mar chuid de ghníomhaíochtaí a thagann chun tosaigh mar chuid den chonradh fostaíochta (m.sh. cuairteanna baile). Maidir le cleachtas príobháideach, ní féidir níos mó ná 20% d’ualach oibre an chomhairligh in aon cheann dá g(h)níomhaíochtaí cliniciúla a bheith i gceist, lena n-áirítear gníomhaíochtaí le hothair chónaitheacha, le hothair lae agus le hothair sheachtracha.

Saoire:

30 lá de shaoire bhliantúil
10 lá saoire poiblí
Saoire d’Oideachas Leanúnach Leighis

Uaireanta:

37 n-uaire an chloig, mar aon le huaireanta ar glao

Tuilleadh Eolais:

€3000 de mhaoiniú oideachais leighis sa bhliain do gach comhairleach

Pinsin seirbhíse poiblí den chéad scoth

Conarthaí fostaíochta buana a fheidhmímid

Ár Speisialtachtaí

Próiseas Earcaíochta

Ardchaighdeán beatha




Is iomaí sochar a bhaineann le bheith ag obair i Seirbhís Sláinte na hÉireann lena n-áirítear:

    Scéimeanna éagsúla fostaithe a bhfuil teidlíochtaí suntasacha saoire i gceist leo lena n-áirítear; saoire mháithreachais, atharthachta, tuismitheora agus tuismitheoirí etc
    Conradh Buana Fostaíochta
    Deiseanna le haghaidh oideachas agus taighde leighis leanúnach
    Saoire bhliantúil fhlaithiúil agus teidlíochtaí saoire poiblí (30 lá saoire bhliantúla agus 10 lá saoire phoiblí)
    Saoire CME do gach comhairleoir
    Pinsean tarraingteach seirbhíse poiblí
    Scéim pas taistil agus scéimeanna rothar chun na hoibre le faoiseamh cánach suntasach

Oideachas Leighis Leanúnach do Comhairligh

    Tá ciste oideachais leighis leanúnach dar luach €3000 in aghaidh na bliana do gach Comhairleach ar fáil ón FSS do na liachleachtóirí sin a bhfuil Conradh comhairleach Phoiblí acu agus a oibríonn i suíomhanna agus gníomhaireachtaí de chuid FSS nó atá maoinithe ag FSS. Is é cuspóir an chiste cur ar chumas comhairleoirí a bheith rannpháirteach in imeachtaí agus próisis leanúnacha oideachais leighis a dhéanfaidh éascaíocht ar chothabháil leanúnach maidir lena n-inniúlacht ghairmiúil
    Is féidir an ciste a úsáid le haghaidh cúrsaí agus comhdhálacha (lena n-áirítear costais taistil maidir le comhdhálacha idirnáisiúnta), ábhar tagartha agus táillí gairmiúla

Tuarastal:

Beidh an tuarastal ag brath ar an gcineál conartha . Seo a leanas samplaí de ghnáth-thuarastail do Chomhairligh:

    Comhairleach Chineál A: €153,637 go €221,765 móide liúntais
    Níl cead ag comhairleach a bhfuil Conradh Chineál A acu páirt a ghlacadh ach i gcleachtas leighis/fiaclóireachta don Fhostóir/do na Fostóirí poiblí agus ní ghlacfaidh siad páirt i gcleachtas gairmiúil leighis/fiaclóireachta as a bhfaigheann siad íocaíocht phríobháideach
    Comhairleach Chineál B: €145,033 go €191,683 móide liúntais
    Níl cead ag comhairleach a bhfuil Conradh Chineál B acu páirt a ghlacadh i gcleachtas gairmiúil leighis/fiaclóireachta as a bhfaigheann siad íocaíocht phríobháideach ach amháin in ospidéil nó i saoráidí atá faoi chúram an Fhostóra, mar chuid de ghníomhaíochtaí a thagann chun tosaigh mar chuid den chonradh fostaíochta (m.sh. cuairteanna baile). Maidir le cleachtas príobháideach, ní féidir níos mó ná 20% d’ualach oibre an chomhairligh in aon cheann dá g(h)níomhaíochtaí cliniciúla a bheith i gceist, lena n-áirítear gníomhaíochtaí le hothair chónaitheacha, le hothair lae agus le hothair sheachtracha

Faisnéis Ghinearálta

Má d’fhás tú aníos in Éirinn, b’fhéidir gur mhian leat filleadh abhaile nó b’fhéidir gur mhaith leat teacht go hÉirinn den chéad uair. Tá neart cúiseanna ann le teacht anseo le bheith ag obair agus le bheith i do chónaí. Is tír Eorpach chomhaimseartha, éagsúil agus ilchultúrtha í Éire a bhfuil mórchuid ábhar suntais ar fáil inti, cultúr an-saibhir, daoine bríomhara agus tírdhreach agus muirdhreach álainn ina measc.

Chuir Éire fáilte roimh 11 milliún turasóir sa bhliain 2019 a tháinig le blaiseadh a fháil den tír álainn agus de na pobail fháilteacha. Tá áit bainte amach ag Éire ar liosta Lonely Planet mar cheann de na tíortha is cairdiúla ar domhan agus tá an spiorad sóisialta sin fite fuaite le saol an phobail ar fud na tíre

Tá beocht agus éagsúlacht inár sráidbhailte, ár mbailte agus ár gcathracha le hacmhainní iontacha staire agus cultúrtha. Bíonn tairbhe le baint acu siúd a bhogann chun na hÉireann as an gcothromaíocht bhreá idir an obair agus an saol pearsanta, as radhairc áille an dúlra ar féidir a bheith ag fámaireacht thart ann agus as gníomhaíochtaí ar féidir teacht orthu go héasca. Tá cáil dhomhanda ar ár gcuid ceoil, ár gcuid drámaíochta agus ár gcuid litríochta agus tá siad i gcroílár an chultúir againn.

Má tá tú ag smaoineamh ar theacht chun cónaithe agus obair in Éirinn den chéad uair, tá go leor buntáistí ag baint le cónaí agus obair sa tír. Tabharfaidh an leathanach seo cúnamh duit maidir le cén áit ar féidir tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith de dhíth ort.

Más tír nua í Éire duit, beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil an tír nasctha go maith go hidirnáisiúnta ag líonraí aeir agus farantóireachta araon. Bíonn eitiltí díreacha rialta i gcás fhormhór na gcathracha Eorpacha isteach agus amach as roinnt aerfort atá suite go maith, rud a fhágann gur áit seolta den scoth í Éire ó thaobh taistil de. Tá gréasán náisiúnta bus ann a fhreastalaíonn ar gach cathair agus ar fhormhór na mbailte agus na sráidbhailte. Feidhmíonn seirbhís traenach príomhlíne ar fud na hÉireann.

Tá faisnéis ar fáil faoi iompar poiblí in Éirinn ar an leathanach Faisnéis do Shaoránaigh.

Tiomáint in Éirinn

Aithnítear ceadúnais tiomána iomlána ó bhallstáit eile de chuid an AE (agus roinnt tíortha eile) le húsáid in Éirinn. B’fhéidir go mbeifeá in ann do cheadúnas tiomána a aistriú ina cheadúnas Éireannach. Féach www.ndls.ie le haghaidh tuilleadh sonraí. Más mian leat do charr a thabhairt go hÉirinn, ní mór duit a bheith ar an eolas faoi charr a iompórtáil agus na himpleachtaí atá ann do Cháin Chláraithe Feithicle (CCF). Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.revenue.ie.

Tithíocht

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn agus má tá tú ag smaoineamh ar réadmhaoin a fháil ar cíos nó a cheannach, cuirfidh na suíomhanna gréasáin seo a leanas go leor faisnéis úsáideach ar fáil duit maidir le réadmhaoin atá ar fáil.
www.myhome.ie
www.daft.ie
www.rent.ie

Obair

Más é do chéad uair a bheith ag obair in Éirinn, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) agus fiosrúcháin a dhéanamh maidir leis an gcóras cánach agus tús a chur le hobair. Is féidir leat faisnéis a fháil faoi chearta agus coinníollacha fostaíochta in Éirinn amhail íosphá, saoire agus uaireanta oibre sa chatagóir fostaíochta ar www.citizensinformation.ie. Ní mór dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun tuilleadh eolais a fháil ar uimhreacha PPS ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Is féidir leat go leor faisnéis úsáideach a fháil freisin ar www.revenue.ie

Cánachas agus baincéireacht

Beidh tú i dteideal creidmheasanna agus faoiseamh cánach ioncaim áirithe freisin. Mar shampla, tá faoiseamh cánach ar fáil do chostais leighis áirithe. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chánacha déan teagmháil le d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le do thoil www.revenue.ie/en/contact/lo-call.html .

Nuair a bhíonn cuntas bainc á oscailt agat in Éirinn, ní mór duit cruthúnas aitheantais agus do sheoladh in Éirinn a sholáthar.

Seirbhísí Sláinte

Má tá gnáthchónaí ort in Éirinn, tá tú i dteideal réimse seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó atá fóirdheonaithe ag Rialtas na hÉireann a fháil. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort má tá sé beartaithe agat cónaí in Éirinn ar feadh bliana nó níos mó. Tugann Cártaí Cuartaíochta Dochtúra Teaghlaigh deis do leanaí faoi 6 bliana d'aois cuairt a thabhairt ar Dhochtúirí Teaghlaigh saor in aisce. Mar aon leis an gcóras sláinte poiblí, is féidir le daoine in Éirinn leas a bhaint as raon seirbhísí cúraim sláinte príobháideacha. Ní mór duit costais iomlána na cóireála a íoc má roghnaíonn tú cúram sláinte príobháideach. Tá roinnt cuideachtaí príobháideacha árachais sláinte in Éirinn.

Oideachas

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn le do theaghlach, is féidir leat faisnéis a fháil faoi oideachas in Éirinn ar shuíomh Gréasáin na Roinne Oideachais www.education.ie/ga/The- Education-System. Tá leanaí i dteideal oideachas saor in aisce i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal atá maoinithe go poiblí. Tá treoirleabhar do thuismitheoirí ar chóras oideachais na hÉireann a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit.



Cuir eolas ar ár n-ospidéil agus ar ár bpobail

Soláthraímid ár seirbhísí ach cur chuige othar-lárnach agus cliant-lárnach a chur i bhfeidhm in ospidéil agus i bpobail ar fud na tíre trína Rannáin, Grúpaí Ospidéil agus Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail.

green circle with number seven in centre

Grúpaí Ospidéil

Tá seacht ngrúpa ospidéil i gcóras na n-ospidéal géarmhíochaine, mar sin is féidir le hothair teacht ar chóireáil chuí sa suíomh ceart, na torthaí cliniciúla is fearr a fháil agus inbhuanaitheacht a sholáthar do sheirbhísí ospidéil amach anseo. Tá sé mar aidhm ag an gcur chuige seo comhtháthú cuí a cheadú agus sreabhadh othar a fheabhsú ar fud chontanam an chúraim, agus cúram othar sábháilte a sholáthar ar bhonn cost-éifeachtach ag an am céanna. Áirítear le gach grúpa príomh-comhpháirtí acadúil a spreagfaidh cultúr foghlama agus oscailteachta i leith athruithe laistigh den ghrúpa ospidéil.

green circle with number nine in centre

Grúpaí Pobail

Tá naoi gcinn d’Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail (CHO) laistigh de chóras sláinte na hÉireann freagrach as seirbhísí príomhúla agus pobalbhunaithe a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais na bpobal áitiúil. Díríonn gach CHO ar mhúnlaí caighdeánacha cúraim a comhaontaíodh go náisiúnta a chur i bhfeidhm do gach grúpa cúraim, lena mbaineann fócas pobail áitiúil maidir le seachadadh seirbhíse, agus déantar cinnte de go gcuirtear seirbhísí comhtháite ar fáil dá líonraí cúraim phríomhúil, ina ndéantar freastal ar dhaonraí meánacha de 50,000. Díríonn seirbhísí cúraim sláinte pobail ar dhaoine a choinneáil sláintiúil ionas gur féidir leo cónaí sa bhaile, nó gar don bhaile, i gcónaí trí chláir cothaithe sláinte, scagthástála galair, dhiagnóise, chóireála agus athshlánúcháin CHO.



Faigh eolas faoinár Speisialtachtaí

Mainliacht

Mainliacht

mainliacht

Mainliacht

Síciatracht

Síciatracht

mainliacht

Síciatracht

Péidiatraic

Péidiatraic

Péidiatraic

Péidiatraic

Anaesthesiology

Aineisteiseolaiocht

 Anaesthesiology with green overlay

Aineisteiseolaiocht

Emergency Medicine

Leigheas Eigeandala

 Emergency Medicine with green overlay

Leigheas Eigeandala

Obstetrics & Gynaecology

Obstatraic agus Gínéiceolaíocht

Obstetrics & Gynaecology with green overlay

Obstatraic agus Gínéiceolaíocht

Medicine

Leigheas

 Medicine with green overlay

Leigheas

Pathology

Paiteolaíocht

 Pathology with green overlay

Paiteolaíocht

Radiology

Raideolaíocht

 Radiology with green overlay

Raideolaíocht

Public Health

Sláinte Phoiblí

 Public Health with green overlay

Sláinte Phoiblí

orthodontics

Ortodontaic curam Fiacla

 orthodontics with green overlay

Ortodontaic curam Fiacla

Ophthalmology

Oftailmeoaíocht

ophthalmology with green overlay

Oftailmeoaíocht

Próiseas Earcaíochta

Maidir le Publicjobs.ie, déanaimid bainistíocht ar an bpróiseas neamhspleách earcaíochta agus roghnóireachta maidir le róil bhuana mar comhairleach míochaine thar ceann an FSS lena n-áirítear poist Ghéarchúraim, Shíciatracha agus Acadúla, mar atá leagtha amach faoi Chóid Chleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA).

Clár na Liachleachtóirí

Ní mór do gach iarratasóir a bheith cláraithe mar 'Speisialtóir' sa speisialtacht ábhartha ar an Rannán Speisialtóra maidir le Clár na Lia-Chleachtóirí, arna chothabháil ag Comhairle na nDochtúirí Leighis, sula nglacfaidh sé/sí le post. Le haghaidh tuilleadh eolais, caith súil ar Comhairle na nDochtúirí Leighis.

Creat Inniúlachta

Maidir le róil mar comhairleach Leighis, tá dhá chreat inniúlachta ann, mar sin déan tagairt le do thoil do leabhráin faisnéise aonair chun faisnéis shonrach faoi inniúlacht a fháil.

Staideanna

Céim 1.
Clárú ar Publicjobs.ie

Céim 2.
Iarratas

Céim 3.
Gearrliostú (más ann dó)

Céim 4.
Agallamh

Céim 5.
Réamhfhostaíocht agus Imréiteach




Sula dtosaíonn tú

Déan cinnte de go bhfuil tú cláraithe le publicjobs.ie chun foláirimh a fháil ach a mbíonn deiseanna ar fáil. Is céim thábhachtach í seo freisin chun ligean duit cur isteach ar róil atá ar fáil cheana féin. Tá liosta de na deiseanna go léir atá ar fáil sa Rannán tiomnaithe maidir le Cuardach Poist do Chomhairleach Leighis.

Clár na Liachleachtóirí

Ní mór do gach iarratasóir a bheith cláraithe mar 'Speisialtóir' sa speisialtacht ábhartha ar an Rannán Speisialtóra maidir le Clár na Lia-Chleachtóirí, arna chothabháil ag Comhairle na nDochtúirí Leighis, sula nglacfaidh sé/sí le post. Ceadófar 180 lá féilire ar a mhéad ó dháta an agallaimh don iarratasóir chun an clárú seo a chur i gcrích agus chun fianaise ar oiliúint sainspéise a sholáthar nuair is cuí. Le haghaidh tuilleadh eolais, caith súil ar shuíomh gréasáin Chomhairle na nDochtúirí Leighis.



Conas Iarratas a Dhéanamh

Cuireann iarrthóirí iarratas isteach ar líne agus is gá dóibh CV agus litir chumhdaigh mhionsonraithe a chur isteach.

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan Iarratas Anois’ chun rochtain a fháil ar an iarratas. Déan cinnte de go sábhálann tú d’fhoirm go rialta ach leas a bhaint as an gcnaipe ‘Sábháil’ ag bun an leathanaigh. Mura mbíonn tú gníomhach ar an leathanach seo ar feadh 30 nóiméad, beidh an t-am istigh ag an leathanach agus seans go gcaillfear do chuid faisnéise.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a chomhlánú ina hiomláine. D’fhéadfá an fhoirm a shábháil mar dhréacht agus filleadh uirthi ar ball; bí ar an eolas, áfach, gur gá duit an fhoirm a chur isteach agus CV agus litir chumhdaigh mhionsonraithe a uaslódáil chun go gcuirfí san áireamh sa chomórtas seo thú. Ní chuirfear dréacht-iarratais ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

A luaithe agus a chuirfidh tú d’iarratas isteach chomh maith le do CV agus litir chumhdaigh mhionsonraithe, moltar duit filleadh ar do chuntas publicjobs.ie agus a dheimhniú gur cuireadh an t-iarratas isteach trí ‘Mo chuid Iarratas’. Ba cheart duit athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas a chuir tú isteach agus a chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe go hiomlán agus i gceart agat.



Sa chás go bhfaighimid líon mór iarratas, agus cé gur féidir leat riachtanais incháilitheachta an chomórtais a chomhlíonadh, féadfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí cinneadh a dhéanamh ar ghearrliostú a chur i bhfeidhm chun líon na n-iarratasóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh a laghdú. Déanfaidh bord saineolaithe na foirmeacha iarratais a scrúdú de réir critéir réamhchinnte bunaithe ar riachtanais an phoist. Ní hionann sin is a rá go bhfuil iarratasóirí eile mí-oiriúnach ná neamhinniúil maidir leis an bpost a dhéanamh, ach tá roinnt iarratasóirí ann, i bhfianaise a n-iarratais, ar cosúil go bhfuil cáilíochtaí níos fearr acu agus/nó go bhfuil taithí níos ábhartha acu. Tá sé chun do leasa féin mar sin cuntas mionsonraithe agus cruinn a thabhairt ar do cháilíochtaí agus ar do thaithí ar an bhfoirm iarratais.



Má thugtar cuireadh chun agallaimh duit, seolfaimid ábhar cleachta chugat chun cabhrú leat ullmhú.

Beidh na hinniúlachtaí atá riachtanach chun an ról a chur i gcrích go héifeachtach mar bhonn agus mar thaca ag an agallamh agus b’fhéidir go bhfiosrófaí freisin conas a d’ullmhódh do chuid éachtaí tú don ról.

B’fhéidir go n-iarrfaí ort cur i láthair a dhéanamh don bhord roghnúcháin freisin mar chuid den phróiseas agallaimh.

Tá na hagallóirí ag lorg scileanna, cáilíochtaí agus inniúlachtaí d’ardleibhéal atá riachtanach chun feidhmiú go héifeachtach sa ról fógartha.

Féadfaidh an Bord Agallaimh tarraingt ar aon ghné de do thaithí a léiríonn na scileanna agus na hinniúlachtaí atá riachtanach. Rachaidh an t-agallamh i ngleic freisin le do chumas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an róil.

Tá sé de chúram ar Bhoird Agallaimh na hiarratasóirí is láidre a chinneadh; is é sin, iad siúd is fearr a léiríonn an cumas chun feidhmiú sa ról. Ba chóir duit a bheith ag súil le hagallamh dúshlánach mar sin.

Ní mór duit an caighdeán cáilithe a bhaint amach i ngach ceann de na réimsí a ndearnadh measúnú orthu ag an agallamh agus tabhair do d’aire le do thoil nach ráthaíocht ar bith é cáiliú ag céim an agallaimh agus socrúchán ar phainéal go dtairgfear post duit.




Lena n-áirítear

Clárú le Comhairle na nDochtúirí Leighis:

Féach an rannán cáilitheachta thuas

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána:

Iarrfar ort foirm Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a chomhlánú agus a sheoladh ar ais má breithnítear thú le haghaidh ceapacháin. Cuirfear an fhoirm seo ar aghaidh chuig an nGarda Síochána le haghaidh seiceálacha slándála ar gach seoladh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ina raibh cónaí ort. Le haghaidh tuilleadh sonraí ar phróiseas Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána caith súil ar https://vetting.garda.ie.

Imréiteach Idirnáisiúnta Póilíní:

Má bhí cónaí ort nó má bhí tú i mbun staidéir i dtíortha lasmuigh d’Éirinn ar feadh tréimhse 6 mhí nó níos mó le 10 mbliana anuas, ní mór duit Seiceáil Póilíní ar Thaifid Choiriúla/Teastas Póilíní a sholáthar ó na tíortha sin. Beidh ort Seiceáil ar Thaifid Choiriúla Póilíní/Teastas Póilíní ar leith a sholáthar do gach tír. B’fhéidir go gcabhródh na suíomhanna gréasáin seo a leanas leat chun é seo a dhéanamh:

  • www.disclosurescotland.co.uk
  • www.psni.police.uk
  • www.afp.gov.au
  • www.justice.govt.nz/criminal-records
  • www.fbi.gov/about-us/cjis/identity-history-summary-checks

I gcás tíortha eile nach bhfuil sa liosta thuas, b’fhéidir go mbeadh sé ina chabhair agat teagmháil a dhéanamh leis na hambasáidí ábhartha a sholáthródh faisnéis ar Imréiteach Póilíní a lorg.

Scrúdú dochtúra:

Má éiríonn leat, iarrfar ort Scrúdú Dochtúra a fháil ó dhochtúir arna ainmniú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar chuid den phróiseas imréitigh.

Sula bhfreastalaíonn tú ar scrúdú dochtúra, ba cheart rochtain a fháil ar an nasc gréasáin seo a leanas https://cmo.gov.ie/pre-employment-medical-forms. Ní mór duit an méid thíos a leanas a dhéanamh freisin:

1. An Ceistneoir Sláinte ar líne a chomhlánú (Tabhair do d’aire le do thoil go gcuireann roinnt líonraí in Ospidéil bac ar an bhfoirm seo a chur isteach mar gheall ar a slándáil balla dóiteáin ar leith, molaimid duit do ríomhaire baile a úsáid).

2. Cóip de thuairisc Scrúdú Dochtúra an Dochtúra a íoslódáil agus a phriontáil.

Beidh ort cóip de thuairisc Scrúdú Dochtúra an Dochtúra a thabhairt chuig an scrúdú dochtúra. Ní mór don dochtúir a dhéanann an scrúdú dochtúra an tuairisc seo a chomhlánú agus í a chur ar ais chuig Oifig an Phríomhoifigigh Leighis, Urlár 5, 90 Sráid an Rí Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. Ní mór duit an dochtúir a íoc go díreach as costas an scrúdaithe dochtúra.

Ba chóir duit buidéal beag ina bhfuil sampla d’fhual úr a thabhairt leat chuig an scrúdú dochtúra. Má chaitheann tú spéaclaí nó lionsaí tadhaill ba chóir duit iad a thabhairt leat freisin.

Poist a chuimsíonn gnáthaimh ina bhféadfadh teagmháil neamhdhíonta tarlú:

Déantar scagthástáil leighis réamhfhostaíochta ar oibrithe cúraim sláinte, lena mbaineann gnáthaimh ina bhféadfadh teagmháil neamhdhíonta tarlú mar chuid dá gcuid oibre, de réir Threoir na Roinne Sláinte, 2005. Tá an treoir seo le fáil i nDoiciméad de chuid na Roinne Sláinte ‘Cosc ar Ghalair Fola a Iompraítear sa Suíomh Cúraim Sláinte’. Tá an doiciméad seo ar fáil ag www.dohc.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Sláinte (00353-1-6354000).

Ní mór do gach iontrálaí nua nó athiontrálaithe ar phoist i gCóras Sláinte na hÉireann arbh fhéidir go mbainfeadh gnáthaimh ina bhféadfadh teagmháil neamhdhíonta tarlú leo freastal ar an tástáil seo.

Is riachtanas de chuid na Roinne Sláinte é go ndéantar an tástáil seo i roinn sláinte ceirde in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe. Beidh ort mar sin freastal ar Roinn Sláinte Ceirde de chuid na Státseirbhíse i mBaile Átha Cliath nó ar roinn sláinte ceirde shainithe in ospidéal oiliúna poiblí má tá cónaí ort lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath nó sa Ríocht Aontaithe.

Teistiméireachtaí Fostóra:

Ní mór duit trí theistiméireacht a sholáthar ó bhaill den ghairm a rinne maoirseacht dhíreach ort. Ní mór do na teistiméireachtaí seo a bheith dátaithe laistigh den mhí dheireanach. Ba chóir go n-áireofaí leo seo measúnú ar d’oiriúnacht ó thaobh cúrsaí cliniciúla, acadúla agus pearsanta chomh maith le deimhniú ar dhátaí cruinne lenar oibrigh tú leis an moltóir. Ba chóir go mbeadh na teistiméireachtaí seo ar pháipéar ceannteidil agus go mbeadh síniú an mholtóra orthu.

Tuairiscí Réamhfhostóra:

Tá Tuairiscí Réamhfhostóra de dhíth ón FSS chun tréimhse na gcúig bliana deiridh fostaíochta ar a laghad a chlúdach. B’fhéidir go mbeadh do chabhair de dhíth orainn chun iad seo a fháil in aon chás nach bhfuil deimhniú le fáil nó nuair atá moill i gceist.

Cáilíochtaí:

B’fhéidir go n-iarrfaí ar iarratasóirí cóip den bhunchéim agus den cháilíocht CSCST a chur isteach.



Gréasán Earcaitheoirí

Gréasán Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí


Men and women gathered round a desk smiling

Réamhrá

I mí Aibreáin 2022, sheolamar Gréasán Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí, i gcomhar leis an gCoimisiún um Cheapacháin Phoiblí (CCSP). Ghlac an tseirbhís phoiblí go dearfach le bunú an ghréasáin, agus tá 47 n-eagraíocht cláraithe go dtí seo.

Is é cuspóir Ghréasán Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí níos mó comhoibrithe a éascú i réimse na hearcaíochta agus ardchaighdeáin atá i bhfeidhm sa tseirbhís phoiblí a chothabháil. Tá béim láidir ar dhea-chleachtas a roinnt sa tseirbhís phoiblí, ar dhúshláin/dheiseanna coitianta a aithint agus ar a bheith ag obair le chéile chun na daoine is fearr a mhealladh i dtreo ár n-eagraíochtaí.

Tagann an gréasán le chéile gach ráithe agus óstálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é, agus cuireann an CCSP leis. Maireann an cruinniú dhá uair an chloig, lena n-áirítear clinic athbhreithnithe (30 nóiméad) atá roghnach.


Cad air a bhfuil Gréasán Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí dírithe?

Cuireann an Gréasán ardán ar fáil chun saineolas agus dea-chleachtas a roinnt sa tseirbhís phoiblí, maidir le hearcaíocht agus roghnú. Tá béim ar réimsí téamacha a thagann as an gcreatlach reachtaíochta agus beartais, mar shampla, an Cód Cleachtais, lucht saothair ina bhfuil éagsúlacht a mhealladh agus a choinneáil, ullmú d’ionad oibre na todhchaí, tallann a mhealladh, treochtaí i margadh na hearcaíochta srl.

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar gach réimse, cuireann eagraíochtaí agus daoine éagsúla leis na seisiúin (ón tSCP, ó bhaill den ghréasán agus saineolaithe seachtracha), mar aon le samplaí praiticiúla/cás-staidéir agus Ceisteanna agus Freagraí. Tá deis ann líonrú a dhéanamh, taithí a roinnt agus caidrimh a fhorbairt.

Cuirtear deireadh le gach cruinniú le ‘Clinic Athbhreithnithe’ a mhaireann 30 nóimeád chun cásanna athbhreithnithe casta a phlé. Ní mór do bhaill sonraí faoi na cásanna seo a chur ar fáil seachtain roimh chruinniú an ghréasáin.

Ar bhonn bliantúil, rachaimid i dteagmháil le baill chun aiseolas/moltaí a fháil faoi réimsí téamacha a bheidh le plé sna seisiúin an bhliain ina dhiaidh sin.


Téarmaí Tagartha Ghréasán na nEarcaitheoirí

 
Green circle with person in the centre

Comhoibriú: Níos mó comhoibrithe a éascú i réimse na hearcaíochta sa tseirbhís phoiblí

 
Dark Pink Circle with an icon of a person with a speech bubble

Dea-Chleachtas: Dea-chleachtas a roinnt maidir le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí

 
Purple circle with one person and i for information

Deiseanna: Dúshláin agus deiseanna coiteanna a aithint

 
Yellow circle with three people

Mealladh: Oibriú le chéile chun na daoine is fearr a mhealladh i dtreo na seirbhíse poiblí


Chun tuilleadh eolais a fháil, lean an nasc seo chuig Téarmaí Tagartha Ghréasán na nEarcaitheoirí


Cén chaoi ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil agus a bheith i mo bhall de Ghréasán Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí?

Má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil faoi Ghréasáin Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí, téigh i dteagmháil le: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


Acmhainní do Bhaill

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chruinnithe an Ghréasáin a réachtáladh le déanaí, cuirtear achoimre ar gach seisiún ar fáil, lena n-áirítear aon chur i láthair cuí. Déanfar na hacmhainní do bhaill a nuashonrú ar bhonn leanúnach.


Mí Aibreáin 2022: Dea-Chleachtas maidir le hAthbhreithniú

Mí Aibreáin 2022: Dea-Chleachtas maidir le hAthbhreithniú

I gcéad seisiún Ghréasán Earcaitheoirí na Seirbhíse Poiblí, díríodh ar ‘Dhea-Cleachtas maidir le hAthbhreithniú’ – sa seisiún seo, thugamar achoimre ar an gcaoi a ndéanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoilbí athbhreithniú ar chinntí a reáchtáil agus ar an gcaoi bhfreagraíonn sí gearáin, de réir mar a leagtar amach sa Chód Cleachtais. Chuir ár bhFoireann Chomlíonta leis an seisiún agus rinne siad achoimre ar ár gcur chuige maidir le hiarratais ar athbhreithniú a fhreagairt, ag díriú go príomha ar staid an Athbhreithnithe Fhoirmiúil. Tugadh samplaí praiticiúla sa seisiún de na cineálacha ceisteanna a thagann isteach ó iarrthóirí go minic agus den chaoi a dtéimid i ngleic leo sin, lena n-áirítear torthaí na bhfiosrúchán agus na pointí foghlama.

  • Clár

  • Dea-Chleachtas maidir le hAthbhreithniúSinéad Dolan, Oifigeach Cosanta Sonraí, Ceannasaí an Rialachais Faisnéise agus an Chomhlíonta, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Mí an Mheithimh 2022 Dea-Chleachtas maidir le Measúnú

Mí an Mheithimh 2022 Dea-Chleachtas maidir le Measúnú

Dhírigh an seisiún ar ‘Dhea-Chleachtas maidir le Measúnú’ar réimse an mheasúnaithe ó dhá dhearcadh. Rinne ár n-aoichainteoir, Stéphane Vanderveken, Ceannasaí Aonaid in Oifig Roghnaithe Pearsanra na hEorpa (EPSO) sa Bhruiséil cuid de na nuálaíochtaí a thug EPSO isteach, go háirithe i réimse an mheasúnaithe ó chian. Ina dhiaidh sin, chuir an tSCP leis an seisiún agus pléadh na príomhchúinsí ar chóir a chur san áireamh nuair atá próiseas roghnaithe á dhearadh, lena n-áirítear na nithe atá foghlamtha againn ó chásanna casta.

  • Clár

  • Nuálaíochtaí maidir le Modheolaíochtaí Tástála: Stéphane Vanderveken, Oifig Roghnaithe Pearsanra na hEorpa

  • Earcaíocht agus Measúnú - Ag Iarraidh a Chinntiú go bhfuil Próisis i gCeart!: Aoife Lyons, Síceolaí Oibre agus Eagraíochta Sinsearach, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Oireachtas

Oireachtas



Download presentation


Oireachtas

Oireachtas



Download Presentation


Competition Pages

Tuilleadh Alt...

  1. Leath Comórtas
  2. Competiton Pages
  3. TCO Ukraine GA
  4. Acmhainní Client
Public Appointment Service
Government of Ireland
State Boards.IE
  • Fúinn
  • An Fhoireann Bhainistíochta
  • Déan Teagmháil Linn
  • Cairt Custaiméara
  • Mol Eolais dár gCliaint
  • Bronntaí
  • Foilseacháin
  • Cé a dhéanann na gnóthaí éagsúla
  • Éagsúlacht agus Cuimsiú
  • Inrochtaineacht
  • Na Teangacha Oifigiúla
  • Próiseas Athbhreithnithe
  • SE
  • Cosaint Sonraí
  • Stocaireacht a Rialú
  • Téarmaí & Coinníollacha
  • Mapa Suímh
  • Riachtanais Suímh
© 2023 publicjobs.ie
  • Bí linn ar:
  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Youtube
  • Instagram