PAS | FAQ and advice on the registration and application process

Comhairle Faoi Iarratais

Gheobhaidh tú freagraí anseo ar cheisteanna a chuirtear go minic faoi conas clárú ar publicjobs.ie agus conas iarratas a dhéanamh ar phoist sa tSeirbhís Phoiblí. Tá eolas anseo freisin do shaoránaigh nach den AE iad faoi iarratais a dhéanamh ar phoist sa státseirbhís.

Iarratas ar Líne

Eolas faoi iarratais a dhéanamh ar líne

CCnna faoi Iarratais

Conas clárú ar publicjobs.ie?

Cliceáil an cnaipe 'Cláraigh' ag barr an leathanaigh bhaile ar dheis.

Cuir na sonraí pearsanta ar fad isteach. Is réimse éigeantach réimse a bhfuil * in aice leis agus caithfear é a líonadh.

Nuair atá an t-eolas pearsanta comhlíonta, iarrfar ort ainm úsáideora a cheapadh ina bhfuil 5 charachtar ar a laghad agus ina bhfuil litreacha agus uimhreacha.

Ba chóir duit pasfhocal a cheapadh ina bhfuil idir 8 agus 20 carachtar.

Cuir d'ainm úsáideora agus do phasfhocal i dtaisce mar go mbeidh siad ag teastáil uait chun do leathanach pearsanta a oscailt amach anseo.

Cliceáil 'sábháil', ba chóir go mbeadh teachtaireacht ag barr an leathanaigh ag insint duit gur éirigh leat clárú. Gheobhaidh tú ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a thug tú ag deimhniú gur éirigh leat clárú.

Ní osclóidh an Fhoirm Iarratais nó tá sé an-mhall?

Chun foirm iarratais PDF a oscailt beidh ort Adobe v7.0.5 nó níos airde a chur ar do ríomhaire. Is féidir an leagan is úire de Adobe a íoslódáil má bhuaileann tú an Nasc um Riachtanais Suímh ag bun an leathanaigh.

Conas iarratas a dhéanamh ar www.publicjobs.ie?

Sula ndéanann tú iarratas ar publicjobs.ie ní mór duit a bheith cláraithe ar publicjobs.ie.

Tá céim amháin nó dhá chéim i gceist sa phróiseas iarratais.

Céim Amháin

Más céim amháin atá i gceist san iarratas, cliceáil an nasc do chéim 1, beidh an Gnáthfhoirm Iarratais le feiceáil. Cuirfear do shonraí ó do phróifíl ar www.publicjobs.ie isteach san fhoirm go huathoibríoch. Is féidir go mbeidh ort ceisteanna eile a fhreagairt maidir leis an phost ar leith a bhfuil tú ag déanamh iarratais air. Chomh luath agus a chomhlíonann tú an fhoirm cliceáil 'Lean ar Aghaidh'. Gheobhaidh tú ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a thug tú ag dearbhú go bhfuarthas d'iarratas taobh istigh de chúpla uair a chloig ón am ar chuir tú d'iarratas faoi bhráid.

Dhá Chéim

Má tá dhá chéim i gceist sa phróiseas iarratais déan mar seo thíos:

Céim 1

  • Íoslódáil agus líon isteach an Fhoirm Iarratais PDF ar do ríomhaire pearsanta.
  • Sábháil an doiciméad ar fad agus cuimhnigh ainm/suíomh an chomhaid.
  • Tabhair freagra ar na ceisteanna ar fad, chun é seo a dhéanamh, priontáil sna réimsí freagraí nó is féidir leat cóipeáil agus greamú ó aon doiciméad reatha (Word. Excel, srl) isteach san réimsí ar an fhoirm.
  • I gcodanna áirithe den fhoirm, is féidir leat cliceáil ar chnaipe chun réimsí sa bhreis a chur leis, chun gur féidir eolas sa bhreis a thabhairt.
  • Nuair atá an fhoirm comhlíonta agus sábháilte, ba chóir duit filleadh ar an fhógra faoi 'Poist Reatha' ar an suíomh gréasáin www.publicjobs.ie.

Céim 2

  • Téigh ar ais chuig fógra an phoist a bhfuil tú ag déanamh iarratais air.
  • Cliceáil an nasc do chéim 2 agus beidh an Gnáthfhoirm Iarratais le feiceáil agat.
  • Cuirfear do shonraí ó do phróifíl ar www.publicjobs.ie isteach san fhoirm go huathoibríoch.
  • Is féidir go mbeidh ort ceisteanna eile a fhreagairt maidir leis an phost ar leith a bhfuil tú ag déanamh iarratais air.
  • Nuair atá an fhoirm comhlíonta agat, cliceáil Lean ar Aghaidh agus iarrfar ort an fhoirm a chomhlíon tú i gcéim 1 a cheangal.
  • Chun an Fhoirm Iarratais PDF a chomhlíon tú a uaslódáil, cliceáil an cnaipe 'Brabhsáil' agus faigh d'fhoirm nó cuir isteach ainm iomlán chonair agus chomhad do dhoiciméid.
  • Gheobhaidh tú ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a thug tú ag dearbhú go bhfuarthas d'iarratas taobh istigh de chúpla uair a chloig ón am ar chuir tú d'iarratas faoi bhráid.

Cad é mo CA iarratais?

Cruthaítear CA iarrthóra nuair a chláraíonn tú ar www.public.jobs.ie. Tá sé le fáil ar leathanach na sonraí pearsanta ar do phróifíl ar www.publicjobs.ie. Uimhir ar leith atá ann atá ceangailte le do phróifíl. Is féidir leat an uimhir seo a lua nuair a dhéanann tú teagmháil le n-ár nOifig. Ní mór duit an uimhir seo a chur isteach ar d'fhoirm iarratais mionsonraithe, ní mór é a chur isteach i gceart nó ní bheidh tú in ann dul ar aghaidh.

Conas foirm CV a chur isteach leis an Fhoirm Iarratais?

Tar éis duit an fhoirm iarratais mhionsonraithe a cheangal agus 'Cuir faoi Bhráid' a chliceáil, tá an rogha agat aon doiciméad cuí a cheangal le d'iarratas sa rannóg 'Ceangaltán Iarratais'. Cliceáil ar an chnaipe 'Brabhsáil' agus gheobhaidh tú do CV nó is féidir leat an chonair ar fad agus ainm do chomhaid a leanúint agus ansin cliceáil ar 'Cuir faoi Bhráid'.

An féidir liom m'Iarratas a chur ar ceal?

Is féidir leat d'iarratas a chur ar ceal mura bhfuil an spriocdháta imithe. Logáil isteach ar do phróifíl ar www.publicjobs.ie. Cliceáil ar m'iarratais. Feicfidh tú d'iarratas faoi M'Iarratais - níl an spriocdháta imithe fós agus cliceáil ar an chnaipe Cuir ar ceal.

An féidir liom m'Iarratas a nuashonrú?

Is féidir leat d'iarratas a nuashonrú mura bhfuil an spriocdháta imithe fós. Más gá duit d'fhoirm iarratais mhionsonraithe a nuashonrú, téigh chuig an chóip a shábháil tú, déan na hathruithe agus sábháil an doiciméad. Logáil isteach ar do phróifíl ar www.publicjobs.ie. Cliceáil ar M'Iarratais. Feicfidh tú d'iarratas faoin rannóg M'Iarratais - níl an spriocdháta imithe fós. Cliceáil an nasc don Fhoirm Iarratais Chaighdeánach, is féidir leat athruithe ar bith a dhéanamh ar an fhoirm seo m.sh. cén post ar chuir tú isteach air. Cliceáil Lean ar Aghaidh nuair atá na hathruithe déanta agat. Tabharfar leid duit ansin d'fhoirm mhionsonraithe a cheangal. Ag an staid seo is féidir leat d'fhoirm iarratais nuashonraithe a cheangal agus cliceáil Cuir faoi Bhráid.

Tabhair faoi deara más í an fhoirm iarratais mhionsonraithe amháin is gá a nuashonrú, ní mór duit an nasc a chliceáil don fhoirm chaighdeánach agus na céimeanna céanna a leanúint.

Mura bhfuil freagra anseo ar do cheisteanna nó ar do dheacrachtaí déan teagmháil leis an deasc chabhrach @ +353-1-858-7400 or email; eolas@publicjobs.ie

Bronntaí
Bronntaí
Who does what
Wgoverment logo