Comhairle Faoi Agallaimh
Tá eolas úsáideach sa chuid seo ar conas an t-ullmhúchán is fearr agus do dhícheall a dhéanamh le linn agallaimh.
An bhfuil tú ag ullmhú d'agallamh? Tá moltaí úsáideacha anseo faoi conas ullmhú d'agallamh. Tá físeán ar fáil do dhuine ar bith ach bheadh sé an-úsáideach do dhaoine atá ag tosú nó ag staid luath ina ngairm. Tá leabhrán leis an fhíseán fosta.
Físeáin Agallaimh
Tá leideanna praiticiúla agus comhairle ar fáil sna físeáin seo sa chuid seo maidir le:
Eolas a bheith agat faoin bPost / Eagraíocht
Faigh amach an oiread agus is féidir leat faoin bpost agus faoin chomhlacht a bhfuil tú ag déanamh iarratais air. Beidh tuairim níos fearr agat ansin an oireann an post duit agus beidh níos mó muiníne agat le linn an agallaimh.
- Féach ar a suíomh gréasáin.
- Faigh cóip dá mbróisiúr agus dá n-ábhar margaíochta.
- Féach sna nuachtáin nó ar líne d'aon phreaseisiúint den chomhlacht le déanaí.
- Más féidir leat, labhair le daoine san eagraíocht mar go dtabharfaidh sin eolas duit faoi conas a eagraítear an comhlacht.
Bíodh eolas agat ar na Scileanna / Inniúlachtaí a theastaíonn don Phost
- I gcás roinnt mhaith de na hagallaimh beidh na scileanna / inniúlachtaí a theastaíonn ar an fhoirm iarratais. De ghnáth beidh cur síos de dhá nó trí líne nó alt gairid faoi gach scil / inniúlacht. Tá sé tábhachtach é seo a léamh gó cúramach agus tuiscint a bheith agat faoi gach scil / inniúlacht.
- De ghnáth úsáidtear focail go cúramach chun cur síos a dhéanamh ar na scileanna / inniúlachtaí agus bíonn eochairfhocail ann a thabharfadh léargas duit ar thuairimí an fhostóra maidir le gnéithe tábhachtacha an róil. Bain úsáid astu seo maidir leis na nithe gur mian leat labhairt leis an mbord agallaimh fúthu.
Tuiscint fút Féin
- Sula ndéanann tú iarratas ar phost (fiú sula líonann tú an fhoirm iarratais) is fiú anailís a dhéanamh ort féin.
- Bíodh fios agat faoi do chumas agus bíodh fios agat ar na réimsí gur gá a fhorbairt / a fheabhsú.
Seo cúpla leid a chabhróidh leat foirm iarratais a líonadh nó freastal ar agallamh.
- Scríobh síos d'oideachas agus do thaithí oibre go dtí seo agus na hábhair is mó spéise / caitheamh aimsire atá agat. Bheadh Cv an-úsáideach sa chás seo - seans go bhfuil sé déanta cheana!
- Scríobh síos na rudaí is mó atá bainte amach agat go dtí seo, rudaí a bhfuil bród ort astu agus rudaí ar chuir tú go mór leo in aon ghné de do shaol.
- Ná bí uiríseal faoi - abair amach é.
- Ba chóir duit 10 n-éacht éagsúil a lua ar fad, ó réimsí éagsúla de do shaol m.sh oideachas, obair, ábhair spéise srl.
- Scríobh síos na hinniúlachtaí nó scileanna is fearr atá agat, dar leat. Lua cúig cinn nó mar sin; roghnaigh na tréithe is mó, dar leat a oireann don phost a bhfuil tú ag déanamh iarratais air.
Ag ullmhú do Shamplaí / Taithí
- Cuimhnigh go dteastóidh ón agallóir a fháil amach conas a ullmhaíonn DO thaithí, scileanna agus do thréithe thú don phost i gceist.
- I gcás gach éacht / taithí a lua tú cheana, seo cúpla leid faoi conas cur leis na sonraí. Beidh ort sin a dhéanamh san agallamh.
An Cúlra ...
Chun an cúlra a thabhairt cuir na ceisteanna seo ort féin:
- CÉN UAIR AGUS CÁR tharla seo?
- CÉARD leis a raibh tú ag súil / CÉARD leis a rabhthas ag súil go ndéanfá?
- CÉ eile a bhí páirteach?
- CÉARD a rinne tú...?
Céard go díreach a rinne tú agus conas a d'úsáid tú do thréithe?
- Cuir na ceisteanna seo ort féin "Conas, cén fáth, cad é?"
- Conas a d'eagraigh tusa é sin? Cén fáth ar shocraigh tú é sin a dhéanamh? Ceard a rinne tú go háirithe chun rudaí ar aghaidh?
Cén toradh a bhí ar do ghníomhaíochtaí?
Cén toradh a bhí ar an obair? Conas a bhí fhios agat gur éirigh go maith leis? Conas a mheas tú é sin? Cén fáth a cheapann tú gur éacht maith a bhí ann?
Conas a oireann seo thú don phost?
- Conas a ullmhaíonn an taithí seo thú don post a bhfuil tú ag déanamh iarratais air? An bhfuil na tréithe a d'úsáid tú oiriúnach don phost atá i gceist? Cad a d'fhoghlaim tú ón taithí seo a chuideodh leat sa phost seo?
- Má úsáideann tú na Ceisteanna agus Freagraí seo maidir le gach éacht / taithí ar do CV, beidh tú in ann a rá cén taithí a bhaineann leis an phost agus beidh tú in ann iad a úsáid san agallamh.
Le déanamh roimh lá an agallaimh
- Chun muinín a thabhairt duit ba chóir duit a bhfuil le rá agat san agallamh a rá le cara nó le comhghleacaí.
- Más féidir, déan taifead díot féin ar théip nó ar fhíseán chun go gcloisfidh tú thú féin agus / nó chun díriú ar gan an iomad comharthaí a dhéanamh.
Dul Ansin
Bíodh an t-am cruinn agus ionad an agallaimh ar eolas agat, conas a rachaidh tú ann agus an fad a thógfaidh sé. Mura bhfuil tú cinnte faoin ionad, glaoigh ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus faigh treoracha.