PAS | Freedom of Information - FOI - Information, requests and fees

An tAcht um Shaoráil Faisnéise agus Tusa

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2014 na cearta reachtúla seo do bhaill den phobal -

  • taifid atá ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a fháil;
  • an ceart eolas pearsanta atá coinnithe fút, a cheartú nó a leasú chun dáta sa chás nach bhfuil eolas dá leithéid críochnaithe, nó má tá sé mícheart nó míthreorach;
  • an ceart cúiseanna a lorg maidir le cinntí a bhaineann leat, a thóg an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Conas a oibríonn SF?

Cuireann na hAchtanna iachall ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón phobal ar thaifid a choinnítear san oifig seo. Faoi théarmaí an Achta, tugtar freagracht do dhaoine ar leith scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ar iarratais ar thaifid a ligean amach. Sa chuid is mó de chásanna, ní mór an cinneadh a dhéanamh taobh istigh de cheithre seachtaine ó fuarthas an t-iarratas. Is féidir le hiarrthóirí a tá míshásta le cinneadh an iarratais, achomharc a dhéanamh go scrúdófaí a n-iarratas arís taobh istigh de cheithre sheachtain ón chéad chinneadh. Déanann Oifigeach Achomhairc, atá in ann glacadh leis an chéad chinneadh nó é a athrú, athbhreithniú ar an chás. Ní mór an cinneadh seo a chríochnú taobh istigh de thrí sheachtain. Má tá an t-iarrthóir fás míshásta leis an chinneadh, tá an ceart aige/aici achomharc a dhéanamh faoin chinneadh chuig an Coimisinéir Eolais, 18 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.


Tabhair faoi deara gur féidir nach mbeidh sé riachtanach iarratas ar eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá roinnt mhaith eolais ar fáil i leabhráin eolais na bpost, trí ábhar ar www.publicjobs.ie, trí aiseolas ó agallaimh agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin bhéil agus scríofa.

Conas is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir a léiriú go bhfuil an taifead(id) á lorg faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Tabhair an oiread eolais agus is féidir chun gur féidir an taifead (na taifid) a theastaíonn a aithint go gasta. Má tá deacracht agat na taifid ar leith a theastaíonn uait a shainaithint, beidh baill foirne na hOifige in ann cuidiú leat maidir le d’iarratas a ullmhú. Bheadh sé ina chuidiú uimhir theileafóin a thabhairt chun gur féidir teagmháil a dhéanamh leat má tá sé riachtanach na taifid a theastaíonn uait a shoiléiriú. Is féidir fiosrúcháin a chur díreach chuig Ciarán Oman, Cinnteoir SF, ag an seoladh thíos.

An bhfuil táille i gceist?

Tá na táillí seo i bhfeidhm maidir le hiarratais ar thaifid a dhéantar faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise:

Táillí Iarratais

Táille d’Athbbhreithniú Inmheánach d’eolas neamhphearsanta (€30) (nó €10 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu)
Achomharc leis an Choimisinéir Eolais maidir le heolas neamhphearsanta €50 (nó €15 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu)
Má tá tú ag lorg táille iarratais laghdaithe, ní mór uimhir chláraithe an Chárta Leighis a chur leis chomh maith le hainm an Bhord Sláinte agus ní mór duit cead a thabhairt na sonraí sin a dheimhniú leis an Bhord Sláinte.

Táillí maidir le Cuardach agus Fáil agus Cóipeáil

Is féidir go mbeidh táillí i gceist fosta maidir leis an am a chaitear ag cuardach agus ag fáil na dtaifead a thugtar duit mar thoradh ar d’iarratas agus maidir le cóipeanna a dhéanamh de thaifead ar bith a thugtar amach. Ní dócha go mbeidh táillí dá leithéid i gceist más iarratas ar eolas pearsanta amháin atá i gceist.

Seo thíos na rátaí reatha:

  • €20 san uair do chuardach agus aimsiú
  • €0.04 an bileog do fótachóip
  • €10 do CD-ROM ina bhfuil cóip de dhoiciméid
  • €6 do radagraf (X-gha) ina bhfuil cóip de dhoiciméid

Éarlaisí

Ní mór éarlais a íoc má mheastar go gcosnóidh cuardach agus aimsiú na dtaifead atá á lorg os cionn €100. I gcás dá leithéid, ní mór gach iarracht a dhéanamh chun cabhrú leis an iarrthóir an t-iarratas a athrú chun méid an éarlais a laghdú nó a chur ar ceal ar fad.

Ísliú agus Tarscaoileadh

Ní ghearrfar táille maidir le taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil sa chás go mbeadh an costas maidir leis an táille a bhailiú agus cuntas a thabhairt faoi, níos lú ná €100.


Is féidir táille maidir le taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil, a laghdú nó a chur ar ceal sa chás go mbeadh an t-eolas ina chabhair ar leith chun ceist a bhfuil tábhacht  náisiúnta ag baint leis a thuiscint.

Scéim Foilseacháin Shaoráil Faisnéise


Scéim Foilseacháin PAS


Cinnteoir Saoráil Faisnéise::
Ciarán Oman,
An tSeirbhís um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí,
Áras na Caibidle,
26/30, Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1.
Teil: + 353-1-8587461
Lo-Cal: 1890-449999
Ext: 7461 Ríomhphost: foi@publicjobs.ie(chuig Ciarán Oman)


Oifigeach Achomhairc um Shaoráil Faisnéise:
Catherine Dobbins,
An tSeirbhís um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí,
Áras na Caibidle,
26/30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1.
Teil: + 353-1-8587516
Lo-Cal: 1890 -449999

 

 

Bronntaí
Bronntaí
Who does what
Wgoverment logo