English | Gaeilge
Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as earcaíocht agus roghnóireacht i dtaca le raon leathan post san earnáil phoiblí.
Is féidir fiosrú ar bith atá agat a chuir ar aghaidh chuig info@publicjobs.ie nó chuig an seoladh: An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1.
Nuair a chláraíonn duine leis an suíomh nó nuair a chuireann foirm iarratais faoinár mbráid, cruthaítear ríomhthaifead faoi ainm an duine. Baintear feidhm as an eolas a chuirtear faoinár mbráid chun an t-iarratas a phróiseáil agus coinnítear an t-eolas cothrom le dáta de réir mar a théann an comórtas chun cinn. Má éiríonn leat san fheachtas earcaíochta agus roghnóireachta, is féidir go gcuirfear d'iarratas ar fáil do rannóg na nAcmhainní Daonna de chuid na heagraíochta fostaithe.
Má éiríonn leat san fheachtas earcaíochta agus roghnóireachta, is féidir go gcuirfear d'iarratas ar fáil do rannóg na nAcmhainní Daonna de chuid na heagraíochta fostaithe.
Tá aon eolas atá ar ríomhaire, nó i bhfoirm láimhe ar chóras struchtúrtha comhaid faoi réir ag na cearta agus na hoibleagáidí atá leagtha amach sna hAchtanna um Chosaint sonraí 1988 agus 2003. Tá tú i dteideal faoin Acht seo, cóip den eolas atá coinnithe fút ar ríomhaire, nó i bhfoirm struchtúrtha comhaid a fháil, am ar bith. Gearrann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí táille de €6.35 do gach iarratas. Chun cóip den eolas seo a fháil scríobh chuig: An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí "Áras na Caibidle", 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1 agus cuir seic ar luach €6.35 le d’iarratas.
Tá sé de cheart agat eolas pearsanta a cheartú, muna bhfuil sé cruinn, nó a scriosadh, muna bhfuil fáth dlisteanach againn chun an t-eolas a choineáil. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar shonraí áirithe a cheartú nó a scriosadh, scríobh litir, le do thoil, chuig An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, litir ina leagtar amach cúiseanna an iarratais. Tabharfaidh an oifig seo freagra duit taobh istigh de thrí seachtaine agus leagtar síos scála ama i gcomhair cibé gníomhartha ceartúcháin faoina dtabharfaidh an oifig.
Féadfar míreanna áirithe eolais nach mbaineann go sonrach le duine ar leith nó le Feachtas Earcaíochta ar leith a tharraingt óna ríomhthaifid chun críocha staitistiúla.
In áiteanna áirithe ar ár suíomh gréasáin úsáidimid teicneolaíocht “fianáin”. Píosaí beaga sonraí nó comhad beag téacs is ea an teicneolaíocht fianáin a thugann do sheirbheálaí gréasáin do do bhrabhsálaí nuair a osclaíonn tú do shuíomh gréasáin. Cuirtear na sonraí i dtaisce ar do bhrabhsálaí. Cuirtear an fianán ar ais chuig do fhreastalaí gréasáin gach uair a osclaíonn tú é.
Ní cláir ríomhaire iad fianáin agus ní ritheann siad ar ríomhaire mar a dhéanann cláir. Ní féidir leo eolas a bhailiú nó feidhmiú leo féin. Ní féidir leo aon eolas pearsanta a bhailiú fút nó faoi do ghléas nó ní féidir leo sonraí nó eolas a bhailiú faoi céard a dhéanann tú ar an Idirlíon. Ní dhéanann siad ach cur ar ár gcumas am níos fearr a bheith agat ar líne.
Úsáideann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí Google Analytics le cuidiú leo anailís a dhéanamh ar conas a úsáideann daoine PublicJobs.ie. Úsáideann an uirlis anailíse seo ‘fianáin’ chun gnáth-eolas faoi logáil idirlín agus eolas faoi iompar an chuairteora a bhailiú i bhfoirm gan ainm. Aistrítear an t-eolas a bhailíonn an ‘fianán’ faoi d’úsáid den suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) chuig Google. Úsáidtear an t-eolas ansin chun úsáid an chuairteora den suíomh gréasáin a mheas agus chun tuairiscí staitistiúla faoi ghníomhaíocht ar an suíomh gréasáin a chur le chéile don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ní úsáidfidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (agus ní ligfidh siad do thríú páirtí ar bith) an uirlis anailíse staidrimh chun súil a choinneáil ar eolas, nó eolas a bhailiú faoi chuairteoir ar ár suíomh a d’fhéadfadh duine a aithint. Ní dhéanfaimid ceangal idir aon sonra a bhailítear ón suíomh seo le heolas ar bith a d’fhéadfadh duine a aithint ó fhoinse ar bith mar chuid dár n-úsáid d’uirlis anailíse staidrimh Google. Ní dhéanfaidh Google ceangal idir do sheoladh IP le sonra ar bith eile atá ag Google. Ní cheanglóidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó Google nó ní dhéanfaidh siad iarracht seoladh IP a cheangal le haitheantas úsáideora ríomhaire.
Cé gur féidir leat do bhrabhsálaí Idirlín a shocrú chun teicneolaíocht fianáin a chur as feidhm, ní mholaimid duit é a dhéanamh mar gur féidir nach n-oibreoidh coda den ghréasán seo nó ár seirbhísí ar líne i gceart nó ar fad b’fhéidir.
Braitheann an dóigh chun fianáin a chur as feidhm ar an bhrabhsálaí a roghnaigh tú. Thug muid naisc de shuíomh gréasáin Microsoft agus Netsacpe duit chun gur féidir leat fianáin a chur as feidhm ar do ríomhaire.
Má úsáideann tú Internet Explorer, Cookies nó Internet Explorer Fianáin ar Internet Explorer
Má úsáideann tú Netscape, Fianáin ar Netscape Cookies on Netscape
Má thugann tú cuairt ar ár suíomh idirlín chun eolas a léamh nó a chóipeáil anuas, déantar an t-eolas seo a leanas a bhailiú agus a stóráil:
Baineann ríomhchláir ar ár Shuíomh Idirlín leas as an eolas thuasluaite chun staitisticí achoimre a chruthú, staitisticí a ligeann dúinn measúnú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí ar réimse éagsúla an tsuímh, an t-eolas is mó agus is lú spéis a aithint, sonraíochtaí deartha teicniúil a réiteach, monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais, agus an suíomh a dhéanamh níos áisiúla dár gcuairteoirí.
Táimid tiomanta do sheirbhísí slána ar líne a sholáthar. Dá réir sin, bíonn gach idirghníomh a dhéantar lenár suíomhanna trasgníomhaíochta faoi chosaint trí incriptiúchán a chomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta. Déanann ballaí dóiteáin (firewalls) agus córais ionsaí a bhrath ár bhfreastalaithe Idirlín a chosaint. Ní féidir rochtain a dhéanamh ar na freastalaithe seo ó áit ar bith taobh amuigh den seomra ina n-óstaítear iad, seomra a bhfuil a rochtain teoranta do phearsanra údaraithe amháin.
Tá saineolaithe neamhspleácha slándála fostaithe againn chun comhairle a chur orainn maidir le slándáil ár gcuid córas.