English | Gaeilge
Dhaingnigh Coiste Seirbhísí Poiblí ICTU an Comhaontú Seirbhíse Poiblí 2010-2014. De bharr an Chomhaontaithe, a dtugtar Comhaontú Pháirc an Chrócaigh air freisin, beidh sé níos éasca an tSeirbhís Phoiblí a fheabhsú.
(ó Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh);
Ath-imlonnú sa tseirbhís phoiblí chomhtháite
7. Ní mór a bheith solúbtha maidir le hath-imlonnú chun an tiomantas maidir le gealltanas poist sa tseirbhís phoiblí a chothabháil. D'aontaigh na páirtithe ar shocruithe chun baill foirne a ath-imlonnú i rannóga agus tríd rannóga sa tSeirbhís Phoiblí. Murar féidir ath-imlonnú a dhéanamh sa rannóg, ceadófar ath-imlonnú tríd rannóga i gceantar tíreolaíoch más féidir ach ní mór na socruithe a haontaíodh maidir le comhlachtaí Státurraithe neamhthráchtála a chomhlíonadh.
8. Chun cabhair a thabhairt maidir le comhtháthú sa tseirbhís phoiblí, cuirfear deireadh leis na baic maidir le margadh fostaíochta seirbhíse poiblí lena n-áirítear athruithe sa dlí más gá. Chomh fada agus is féidir, beidh téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i bhfeidhm sa tSeirbhís Phoiblí agus díreofar ar dtús taobh istigh de na rannóga. Sa mhéid sin, d'aontaigh na Páirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar na conarthaí nó socruithe eile atá dolúbtha nó a chuireann bac ar shoghluaiseacht agus iad a leasú.
Tá an Comhaontú ar fad le feiceáil anseo;
Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010 - 2014
Féach ar Chiorclán 08/2010 de chuid na Roinne Airgeadais;
Ciorclán na Scéime Ath-imlonnaithe 08/2010