Ard-Rúnaí | Gairm sa tSeirbhís Phoiblí | publicjobs.ie

Cláraigh chun foláirimh maidir le poist a shocrú ar ár n-ardán earcaíochta nua.

post poiblí ann chuige sin

Cuir Aithne ar ár nDaoine

Emillys video story

Emilly

An Roinn Gnóthaí
Eachtracha agus Trádála

Féach ar Fhíseán Emilly
Jacquies video story

Jacquie

Oifig na nOibreacha Poibli

Féach ar Fhíseán Jacquie
Peadars video story

Peadar

An Roinn Cultúir
Cumarsáide agus Spóirt

Féach ar Fhíseán Peadar

Cad é an ról?

Ard-Rúnaí an teideal a thugtar de ghnáth do Cheannaire Roinne sa Státseirbhís. Tá an tArd-Rúnaí freagrach as an Roinn a bhainistiú go héifeachtach agus go héifeachtúil lena n-áirítear dualgais áirithe airgeadais ar nós Oifigeach Cuntasaíochta, comhairle a thabhairt d’Airí, aschur agus torthaí a bhaint amach, déileáil le gnóthaí tras-ghearrtha agus a bheith freagrach os comhair Choistí Oireachtais más gá.

Mar cheannaire eagraíochta, tugann foireann ardbhainistíochta cabhair don Ard-Rúnaí a dtugtar Bord Bainistíochta orthu de ghnáth, a fheidhmíonn mar fhoireann agus mar fhórsa aontaithe, a thugann ceannaireacht agus treoir don eagraíocht.

Cad iad na riachtanais?

Bíonn riachtanais éagsúla ó phost go post ach de ghnáth bheadh na nithe seo i gceist:

  • sár-chuntas teiste mar cheannaire agus mar bhainisteoir sinsearach in eagraíocht mhór, chasta soláthair san earnáil phoiblí nó phríobháideach;
  • taithí ar straitéisí agus ar bheartais thábhachtacha a fhorbairt agus ar fhís a chur i bhfeidhm in eagraíocht mhór dhíchosúil;
  • cuntas teiste i mbainistíocht athruithe i réimse mór oibríochta agus solúbthacht a chinntiú de réir mar a athraíonn riachtanais shóisialta;
  • breithiúnas stuama agus an cumas déileáil go héifeachtach le ceisteanna casta a bhaineann le chéile i mbeartas éagsúil poiblí agus ar na himpleachtaí atá ag nósanna imeachta éagsúla:
  • sár-chumas cumarsáide agus cuntas teiste maidir le caidreamh a bhainistiú, soiléire agus ceannaireacht forbartha a sholáthar chomh maith le torthaí a bhaint amach.

Bheadh sé úsáideach duit féachaint ar an chreat inniúlachta don leibhéal seo. Tá tuilleadh eolais faoi na scileanna agus na riachtanais ar leith don ról seo ar fáil sa Leabhrán Eolais do gach feachtas ag an leibhéal seo. Tá sampla de Leabhrán Eolais d’fheachtas le déanaí ar fáil anseo.

Tuarastal:

€190,233an pá i dtosach

Foghlaim agus Forbairt:

Bunaíodh an tSeirbhís Phoiblí Shinsearach (SPS) agus mar aidhm aige bainistíocht agus ceannaireacht shinsearach a neartú ar fud na státseirbhíse, agus amach anseo sa tseirbhís phoiblí. I measc na mball tá gach státseirbhíseach reatha agus a ceapadh le déanaí ag leibhéal Ard-Rúnaí, Leas-Rúnaí agus Rúnaí Cúnta agus leibhéal Stiúrthóra agus i ngráid ghaolmhara Rannóige agus ghairmiúla.

Leagann Straitéis Forbartha Ceannaireachta an SPS atá faofa ag an Rialtas, amach na tionscnaimh a chuirfidh an SPS i bhfeidhm sa tréimhse 2017 - 2020, lena n-áirítear cóitseáil d’fheidhmeannaigh, cláir forbartha, deiseanna soghluaiseachta agus eachtraí líonraithe. Tá sé mar aidhm aige na scileanna agus an tacaíocht atá riachtanach chun na dúshláin gnó agus ceannaireachta is mó atá ag státseirbhís an lae inniu a thabhairt don SPS agus cabhrú le hathrú fadtréimhseach don duine aonair, don eagraíocht agus don státseirbhís.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar: an tSeirbhís Phoiblí Shinsearach