Cuir aithne ar Lucy - Feidhmeannach Earcaíochta sa poistphoiblí

Lucy McCann

 

Cuir aithne ar Lucy!

Inis dúinn beagáinín faoi do ról.

Ó thaobh gníomhaíochtaí laethúla de, bím ag eisiúint torthaí chuig iarrthóirí, ag cinntiú go bhfuil boird agallaimh neodrach ó thaobh inscne de, agus ag dul i dteagmháil le hiarrthóirí chun dáta a n-agallaimh a chur in iúl dóibh. Uaireanta, bíonn neart brú ag baint leis an obair toisc go mbíonn go leor rudaí ag tarlú ag an am céanna le feachtais earcaíochta éagsúla. Ach tá sé mar aidhm agam a chinntiú go bhfuil ag éirí go breá leo go léir ag céimeanna éagsúla.

Cén fáth ar chuir tú iarratas isteach ar do ról?

Tháinig mé isteach sa státseirbhís ar intéirneacht bhliana do dhaoine ón Lucht Siúil agus Romach. Chuir mé iarratas isteach mar bhí mé díreach tar éis mo chéim mháistreachta a chríochnú agus bhí rud éigin lánaimseartha ag teastáil uaim. Ina theannta sin, chuir mé iarratas isteach mar chonacthas dom go dtabharfadh sé deiseanna éagsúla dom dá n-éireodh liom. Léim sa dorchadas a bhí ann – ní raibh a fhios agam cá háit a mbeinn ag obair nó cén scileanna a bheadh riachtanach don ról ina gceapfaí mé. Tar éis dom m’intéirneacht bhliana a chríochnú, chuir mé iarratas isteach arís ar ról buan. Thug an intéirneacht tuairim dom faoin gcineál oibre a bheadh á dhéanamh agam agus, go macánta, ní raibh mé ag iarraidh imeacht. Chuir mé iarratas isteach ar an gComórtas Oscailte d’OF arís agus d’éirigh liom an ról a fháil.

Cad é an rud is luachmhaire i do phost?

Ceapaim gur rud luachmhar í an obair chrua a dhéanaim féin agus mo chomhghleacaithe. Is mór agam tionchar ár n-oibre; tá an cumas ag post nua saol dhuine éigin a athrú – d’athraigh sé mo shaol féin. Chomh maith le mo ról, is mór agam cultúr m’áite oibre; tacaíonn mo chomhghleacaithe le mo chúlra, agus bíonn ceardlanna agus seisiúin eolais ar ábhair éagsúla ar siúl i gcónaí. Tá sé tábhachtach a bheith ag obair in eagraíocht ina dtagann mo luachanna féin le luachanna na heagraíochta.

Cén deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Tá deiseanna chun cur le mo chuid scileanna agus dul chun cinn a dhéanamh tugtha ag an ról seo dom. Thug sé an deis dom freastal ar eachtraí timpeall na tíre, cainteanna poiblí a dhéanamh, rud a bhí dúshlánach dom. Mar gheall ar an muinín atá faighte agam sa ról seo, b’éigean dom páirt níos mó a ghlacadh agus dua chur orm féin le habhcóideacht a dhéanamh dom féin agus Státseirbhísigh eile ón Lucht Siúil agus Romach.

Cad a chuir iontas ort nuair a thosaigh tú sa ról seo?

Nuair a thosaigh mé sa ról seo, chuir an méid mór oibre atá ag teastáil chun agallamh a eagrú iontas orm. De ghnáth, freastalaíonn daoine ar a n-agallaimh agus sin a bhfuil – ach anois agus mé ag obair sa ról seo, tá meas agam ar an obair a dhéantar sa chúlra a chuireann le gach rud sa phróiseas, ó chuireann iarrthóirí isteach ar róil go dtí go nglacann siad leo.

Cén ghné ar leith den ról a mbaineann tú taitneamh as?

Is duine sochaideartha mé i ndáiríre, mar sin is aoibhinn liom cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí, go háirithe nuair atá siad buartha faoi cháipéisí nó neirbhíseach faoina n-agallaimh. Taitníonn sé liom nuair feidhmiú mar an duine ar an taobh eile den líne, agus eolas agus muinín a chur ar fáil dóibh – tuigimid go léir cásanna cosúil leis sin, agus bíonn áthas orm nuair a thuigim go mothaíonn iarrthóir níos fearr faoina n-agallamh.

An molfá gairm bheatha san earnáil phoiblí? Cén fáth?

Mholfainn – bíonn tionchar mór ag an obair a dhéanaim anseo ar dhaoine eile, i mo thuairim féin, agus orm féin mar dhuine chomh maith. Ceapaim go gcuireann an méid agus an réimse ról atá ar fáil sa Státseirbhís a lán deiseanna ar fáil do dhaoine, agus ní bhíonn a fhios acu go bhfuil siad ar fáil fiú! Sular thosaigh mé ag obair sa Státseirbhís, cheap mé go raibh sé lán de dhaoine a raibh cosúil le chéile, ag obair sa phost céanna ar feadh a saoil ar fad, ach i ndáiríre tá daoine ó gach saghas cúlra sa státseirbhís a bhfuil taithí éagsúil acu. Nuair a mholaim é, luaim na tacaíochtaí atá ar fáil a bhíonn an-úsáideach sa saol (agus san obair) ó am go ham.