Is é an 3 i.n. Déardaoin, an 17 Meán Fómhair 2026, an dáta deiridh don chomórtas seo.
Déan Iarratas Anois!Maidir leis an Ról
Tá daoine ar féidir leo cothromaíocht a aimsiú idir ceannaireacht oibríochta agus scileanna láidre anailíse, breithiúnas stuama agus tiomantas soiléir do luachanna seirbhíse poiblí ag teastáil i ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) atá Líofa sa Ghaeilge. Tá iarrthóirí atá líofa sa Ghaeilge agus ar féidir leo tabhairt faoi na dualgais ar fad a thugtar dóibh trí Ghaeilge ag teastáil sa ról, ach is féidir nach mbeidh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ag obair trí Ghaeilge go lánaimseartha, ag brath ar an ngnó a dhéanann an roinn fostaithe.
Meánbhainisteoirí a bhfuil taithí acu is ea AOFanna agus bíonn ról lárnach acu maidir le foirne a threorú, soláthar a bhainistiú agus tacú le tosaíochtaí roinne agus trasrialtais. Agus iad ag obair faoi Phríomhoifigeach Cúnta, bíonn ról tábhachtach ag AOFanna maidir le polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm agus maidir le seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann.
Saoire: 29 Lá
Suíomh: Ar Fud Na Tíre
Dáta Oscailte: 21/08/2026
Dáta Deiridh: 10/09/2026
Cén fáth ar chóir cur isteach ar an Ról?
Difríocht a Dhéanamh
An deis cur le hobair fhiúntach a mbíonn dea-thionchar aici ar shaoránaigh, ar phobail agus ar an tsochaí.
Pá agus Saoire
Tuarastal iomaíoch, a thosaíonn ag €60,029 agus incrimintí bliantúla atá bunaithe ar fheidhmíocht shásúil. 29 lá saoire gach bliain.
Sláinte agus Folláine
Ag brath ar riachtanais ghnó agus ar thréimhse phromhaidh shásúil: Obair sholúbtha agus gealltanas maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus ionad oibre a thacaíonn le teaghlaigh (Deis cur isteach ar lena n-áirítear socruithe postroinnte agus roghanna éagsula maidir le saoire speisialta); Deis cur isteach ar an Scéim um Bliain Oibre Níos Giorra; shosanna gairme;
Deiseanna Ardaithe Céime
Deiseanna foghlama agus forbartha agus deiseanna ardaithe céime trí chomórtais inmheánacha, idir-rannacha agus oscailte.
Bunriachtanais
Ní mór d’iarrthóirí na critéir seo a leanas uilig a chomhlíonadh ar an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratas, Déardaoin an 17 Meán Fómhair 2026, chun dul san iomaíocht:
- Ardleibhéal líofachta sa Ghaeilge;
- Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi gach céim den phróiseas iarratais agus roghnúcháin trí Ghaeilge. Ní dhéanfar iarrthóirí nach ndéanann amhlaidh a mheas;
- Déanfar measúnú ar inniúlacht iarrthóirí sa Ghaeilge le linn an phróisis roghnúcháin;
- Beidh ar iarrthóirí scrúdú TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a dhéanamh;
- Ba chóir d’iarrthóirí a chinntiú go bhfuil leibhéal B2, ar a laghad, bainte amach acu sa Ghaeilge ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) trí úsáid a bhaint as an ngreille féinmheasúnaithe.
- Ardteistiméireacht a bheith acu ag Leibhéal 4 nó níos airde; nó cáilíocht Leibhéal 4 a bheith acu, mórdhámhachtain nó miondámhachtain, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí (nó cáilíocht ar aon chéim leis sin ar Chreat NARIC);
- Taithí bhainistíochta ábhartha trí bliana, ar a laghad, a bheith acu;
- Taithí chruthaithe ar:
- ualaí oibre, tionscadail nó próisis a bhainistiú i dtimpeallacht chasta, ghnóthach;
- smaointeoireacht chriticiúil, agus breithiúnas stuama a úsáid chun cinntí eolacha a dhéanamh;
- thaighde agus anailís a dhéanamh ar eolas chun tacú le cinntí ar bhealach pras;
- bheith ag comhoibriú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus/nó seachtracha i dtimpeallachtaí ildisciplíneacha;
- chultúr foirne ina bhfuil an t-ionchuimsiú chun tosaigh a chothú agus deiseanna a chruthú maidir le heolas a roinnt;
- bheith féinspreagtha, a spriocanna féin a leagan amach agus plé le héilimh éagsúla agus obair ar ardchaighdeán á déanamh acu ag an am céanna.
- Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann a léiriú go bhfuil na hinniúlachtaí/scileanna a aithníodh mar inniúlachtaí/scileanna riachtanacha d’fheidhmíocht éifeachtach ag an leibhéal seo acu, de réir mar a leagtar amach sa Chreat Inniúlachta d’Ardoifigeach Feidhmiúcháin sa Státseirbhís.
Creataí Inniúlachta
Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Ag Ullmhú
Don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha,
Nuálaíocht & Uasoiliúint
don Todhchaí
Tuiscint Straitéiseach
& Athruithe
Treoir a
Thabhairt &
Cumhacht a Thabhairt
Treoir a Thabhairt, Daoine a
Spreagadh & Forbairt a
Dhéanamh
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais
a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas
a Thabhairt &
Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
& Tionchar
a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú
Ag Ullmhú
Don
Todhchaí
Béim ar Chúrsaí
Digiteacha, Nuálaíocht &
Uasoiliúint don Todhchaí
Treoir a Thabhairt
& Cumhacht
a Thabhairt
Treoir a Thabhairt,
Daoine a Spreagadh
& Forbairt a Dhéanamh
Tuiscint Straitéiseach
& Athruithe
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá
Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a
Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
&
Tionchar a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú
Ag Ullmhú Don Todhchaí
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn glacadh le hathruithe agus le nuálaíocht. Déanaimid ár ndícheall straitéis ionchuimsitheach atá dírithe ar an gcustaiméir a chruthú, ina bhfuil fís a chuireann athruithe comhshaoil, sóisialta agus teicneolaíochta san áireamh. Trí chur chuige solúbtha ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh a chur i bhfeidhm, cuirfimid uasoiliúint ar fáil agus athróimid agus cuirfimid feabhas ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.
Béim ar Chúrsaí Digiteacha, Nuálaíocht & Uasoiliúint don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha
- Baineann an duine an leas is fearr as réitigh teicneolaíochta agus dhigiteacha chun éifeachtacht a chur chun cinn agus chun tacú le soláthar seirbhíse níos fearr
Réitigh Nuálacha & Chruthaitheacha
- Spreagann an duine smaointe nuálacha, réitigh chruthaitheacha agus moltaí úsáideacha, cuireann siad smaointe, réitigh agus moltaí den chineál seo in iúl agus tuigeann siad an taobh praiticiúil a bhaineann leo
- Baineann an duine triail as modhanna nua/difriúla, léiríonn siad solúbthacht maidir le ceachtanna a fhoghlaim ó bhotúin, maidir le modhanna a athrú agus maidir le feabhas a chur ar mhodhanna
Uasoiliúint don Todhchaí
- Lorgaíonn an duine deiseanna forbartha ar bhealach gníomhach, forbraíonn siad buanna agus téann siad i ngleic le laigí/bearnaí le meon dearfach agus bíonn siad sásta rudaí nua a fhoghlaim
- Tá an duine díograiseach maidir lena gcuid eolais agus scileanna a fhorbairt don todhchaí
- Tuigeann an duine na rudaí ar chóir don fhoireann a dhéanamh, chun ullmhacht don todhchaí agus scileanna a fhorbairt
Príomhscileanna Samplacha
- Nuálaíocht
- Scileanna TF agus Digiteacha
- Foghlaim Leanúnach
- Smaointeoireacht atá bunaithe ar an Dearadh
- Smaointeoireacht bunaithe ar chórais
- Leasú Próiseas
Tuiscint Straitéiseach & Athruithe
Tuiscint Straitéiseach & Béim ar an Todhchaí
- Cuireann an duine le beartas agus straitéis a fhorbairt agus déanann siad pleanáil don todhchaí ina réimse
- Oibríonn an duine leis an lucht bainistíochta chun naisc idir straitéis ghinearálta na hEagraíochta/na Roinne agus spriocanna bliantúla a bhfoirne a aithint
Tuiscint ar Chomhthéacs
- Cinntíonn an duine go bhfuil siad eolach ar Pholasaithe Státseirbhíse agus fhorbairtí a bhaineann lena réimse féin
- Déanann an duine machnamh ar thionchar na bpolasaithe agus na straitéisí, lena n-áirítear na daoine/rudaí ar a mbíonn tionchar acu
Athruithe a Éascú
- Tugann an duine tacaíocht do dhaoine eile trí athruithe, cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le hathruithe, nuálaíocht agus teicneolaíocht nua
- Aithníonn agus déanann an duine moltaí i dtaca le hathruithe, bunaithe ar a dtaithí agus a dtuiscint féin
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht a dhéanamh ar agus tacú le hAthruithe
- Beartas agus Straitéis a Fhorbairt
- Spriocanna a Leagan Amach
- Straitéis a Chur i bhFeidhm
- Smaointeoireacht Straitéiseach
Soláthar atá Bunaithe ar Fhianaise
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn cinntí eolacha atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, spriocanna a chur in ord tosaíochta agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní, trí úsáid a bhaint as eolas cuí chun torthaí a mheas chun na torthaí is fearr a chinntiú do na daoine ar a bhfreastalaímid.
Barr Feabhais a Sholáthar
Obair & Acmhainní a Bhainistiú
- Déanann an duine a dtascanna oibre féin agus na tascanna oibre a bhíonn le déanamh ag daoine eile a bhainistiú, a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta chun a chinntiú go mbaintear spriocanna amach agus go gcloítear le sprioc-amanna
- Oibríonn an duine ar bhealach córasach, eagraithe agus éifeachtach, faigheann siad tuiscint ar thascanna nua ar bhealach cuí
- Déanann an duine bainistíocht éifeachtach ar acmhainní chun an toradh is fearr a bhaint amach
Torthaí & Seirbhís ar Ardchaighdeán a Sholáthar
- Leagann an duine caighdeáin arda agus spriocanna amach dóibh féin agus don fhoireann agus déanann siad a ndícheall chun iad a bhaint amach
- Déanann an duine maoirseacht mhaith ar obair a bhfoirne agus cuireann siad nósanna imeachta i bhfeidhm chun dul chun cinn agus caighdeáin a rianú
- Cuireann an duine barr feabhais i dtaca le seirbhís do chustaiméirí chun cinn agus tugann siad tús áite do thaithí an iarrthóra
- Lorgaíonn an duine aiseolas faoi obair agus déanann siad soláthar a mheas i gcomparáid le torthaí atá ag teastáil
Dearcadh, Tionscnaíocht & Solúbthacht
- Leiríonn an duine freagracht, tionscnaíocht agus freagracht as a gcuid oibre féin, agus tugann siad tacaíocht don fhoireann
- Tá teacht aniar sa duine agus léiríonn siad meon dearfach agus iad ag obair faoi bhrú nó faoi shrian, agus lorgaíonn siad tacaíocht nuair is gá
- Cinntíonn an duine go mbíonn siad féin agus an fhoireann solúbtha agus iad ag dul i ngleic le dúshláin agus le héilimh a bhíonn ag athrú
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Tionscadal
- Bainistíocht Riosca
- Seirbhís do Chustaiméirí
- Spriocanna a Leagan Amach
- Measúnú ar Thionscadail
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Eolas a Bhailiú, a Úsaid & Anailís a dhéanamh air
- Bailíonn agus tuigeann an duine sonraí ó fhoinsí éagsúla agus déanann siad anailís orthu chun eolas tábhachtach nó príomhcheisteanna a aithint
- Cinntíonn an duine go bhfuil córais i bhfeidhm chun sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach cuí
- Déanann an duine anailís agus measúnú ar eolas casta ó bhéal agus eolas casta uimhriúil ar bhealach cuí agus pras
Fadhbanna a Réiteach
- Réitíonn an duine fadhbanna ar bhealach loighciúil, bailíonn siad eolas agus sonraí cuí, déanann siad iniúchadh ar réitigh éagsúla agus cuireann siad ceisteanna ar aghaidh nuair is gá
Breithiúnas Eolach a Thabhairt & Cinntí Eolacha a Dhéanamh
- Tugann an duine breithiúnas cothrom agus déanann siad cinntí cothroma, baineann siad úsáid as fianaise, taithí agus polasaithe/nósanna imeachta cuí
- Déanann an duine cinntí cuí agus prasa, cuireann siad an réasúnaíocht in iúl agus lorgaíonn siad tacaíocht, de réir mar is gá.
- Léiríonn an duine breithiúnas maith agus iad ag plé le cásanna deacra, éiginnte agus ag plé le ceisteanna ar an toirt
Príomhscileanna Samplacha
- Eolas a Mheas
- Bainistíocht Sonraí agus Samhlúchán
- Anailísíocht Sonraí
- Smaointeoireacht Chriticiúil
Treoir a Thabhairt agus Cumhacht a Thabhairt
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn treoir a thabhairt inár réimsí saineolais, daoine eile a spreagadh agus fís shoiléir a chruthú Táimid tiomanta d’fhorbairt a dhéanamh ar, do thacaíocht agus do chumhacht a thabhairt dár gcomhghleacaithe chun gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach agus chun timpeallacht oibre dhearfach agus ionchuimsitheach a chruthú, ina bhfuil obair gach duine luachmhar.
Treoir a Thabhairt, Daoine a Spreagadh & Forbairt a Dhéanamh
Feidhmíocht a Fhorbairt, a Spreagadh & Tacú Léi
- Spreagann an duine ardfheidhmíocht trí aitheantas, threoir, oiliúint agus aiseolas rialta a chur ar fáil
- Baineann an duine úsáid éifeachtach as teicnící bainistíochta feidhmíochta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla
- Tuigeann an duine buanna agus riachtanais forbartha na mball den fhoireann agus tugann siad obair amach, cinntíonn siad go gcuirtear deiseanna forbartha ar fáil do gach ball foirne.
Cumhacht, Iontaoibh & Ionracas
- Tugann an duine cumhacht dá bhfoireann, spreagann siad neamhspleáchas, bíonn meas acu ar na tuairimí a bhíonn ag daoine eile agus tugann siad tascanna amach ar bhealach a léiríonn iontaoibh
- Cruthaíonn an duine timpeallacht foirne atá ionchuimsitheach, sábháilte agus oscailte
- Tugann an duine treoir le hionracas, le macántacht agus le freagracht
Tuiscint Shóisialta & Mhothúchánach
- Tugann an duine tús áite dá bhfolláine féin agus d’fholláine dhaoine eile, léiríonn siad tuiscint, comhbhá agus tugann siad tacaíocht
- Léiríonn an duine féinthuiscint mhaith agus an cumas a gcuid mothúchán agus iompair féin a bhainistiú, go háirithe i gcásanna dúshlánacha
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Feidhmíochta
- Oiliúint agus Aiseolas
- Coimhlint a Bhainistiú
- Foirne ó chian/cumaisc a bhainistiú
Treoir a thabhairt trí Thuiscint Speisialtachta
Eolas Speisialtachta & Forbairt Ghairmiúil
- Léiríonn an duine ardleibhéal saineolais speisialtachta agus eolais ina réimse
- Tá an duine tiomanta don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach, glacann siad páirt i gcúrsaí, i gcomhdhálacha agus i ngníomhaíochtaí cuí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid eolais cothrom le dáta
Treoir a Thabhairt, Abhcóideacht a Dhéanamh & Eolas a Roinnt
- Tugann an duine treoir agus déanann siad abhcóideacht ina réimse saineolais, trí thuiscintí, eolas, fhianaise agus réasúnaíocht a roinnt
- Cruthaíonn an duine deiseanna chun eolas a roinnt agus a aistriú
- Tá an duine in ann téarmaí teicniúla a mhíniú ar bhealach sothuigthe
Cothromaíocht a Bhaint Amach idir Obair Neamhspleách, Obair Trasfheidhme & Obair Foirne
- Tá an duine in ann obair a dhéanamh go neamhspleách agus lena bhfoirne agus le réimsí/feidhmeanna eile
- Tá tuiscint shoiléir ag an duine ar an obair nach mór a dhéanamh agus an chaoi ar chóir í a dhéanamh, agus is féidir leo iad féin a spreagadh
Príomhscileanna Samplacha
- Sainscileanna ina réimse Saineolais féin
- Scileanna Cumarsáide agus i dtaca le Tionchar a Imirt
- Scileanna taighde
Cumarsáid agus Comhoibriú
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn oibriú le chéile, caidrimh a chothú agus comhoibriú le chéile chun cur chuige cuimsitheach Rialtais a éascú. Má dhéanaimid teagmháil agus cumarsáid éifeachtach lenár gcustaiméirí, gcliaint agus gcomhghleacaithe, forbrófar an mhuinín atá acu as ár seirbhísí.
Cumarsáid a Dhéanamh & Tionchar a Imirt
Cumarsáid Éifeachtach a Dhéanamh & Éisteacht chun teacht ar Thuiscint
- Déanann an duine cumarsáid agus cuireann siad eolas i láthair ar bhealach soiléir, áititheach agus mealltach, i dtaca le cumarsáid ó bhéal, cumarsáid dhigiteach agus i gcumarsáid scríofa
- Roinneann an duine sonraí cuí agus cuireann siad eolas/sonraí cuí in iúl ar bhealach sothuigthe
- Léiríonn an duine tuiscint ar a modh cumarsáide féin, agus athraíonn siad a stíl de réir mar is cuí chun freastal ar an lucht éisteachta
- Tugann an duine tús áite don éagsúlacht agus déanann siad iarracht ghníomhach a chinntiú go gcloistear daoine agus éisteann siad le daoine agus tuairimí éagsúla
Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt & Scileanna Idirbheartaíochta
- Imríonn an duine tionchar ar dhaoine eile ar bhealach tuisceanach agus bíonn siad sásta comhréiteach a dhéanamh nuair is gá
- Tá an stíl a úsáideann an duine chun tionchar a imirt agus idirbheartaíocht a dhéanamh agus chun coimhlint a bhainistiú cuí agus measúil
- Téann an duine i ngleic le comhráite, ceisteanna nó idirbheartaíocht chasta ar bhealach tuisceanach, stuama agus lách
Príomhscileanna Samplacha
- Teangacha eile – m.sh., an Ghaeilge
- Scileanna Scríofa
- Eolas a chur i Láthair
- Éisteacht ghníomhach
- Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt agus scileanna Idirbheartaíochta
Teagmháil & Comhoibriú
Líonrú, Teagmháil & Comhairliúchán
- Forbraíonn an duine gréasáin úsáideacha laistigh agus lasmuigh den Eagraíocht/Roinn
- Tugann an duine tús áite do theagmháil agus chomhairliúchán le páirtithe leasmhara cuí
Comhoibriú, Obair Foirne, & Caidrimh a Chothú
- Cuireann an duine comhoibriú, obair trasfheidhme agus obair foirne chun tosaigh agus cruthaíonn siad deiseanna comhoibrithe de réir mar is cuí
- Baineann an duine úsáid as scileanna idirphearsanta chun dea-chaidrimh oibre a chothú, fiú i dtimpeallacht ina bhfuil obair chumaisc/hibrideach ar siúl
- Tugann an duine an t-eolas cuí agus an t-eolas is déanaí dá bhfoireann, dá gcomhghleacaithe agus dá mbainisteoir
Príomhscileanna Samplacha
- Comhoibriú agus Obair Foirne
- Scileanna Idirphearsanta
- Obair Trasfheidhme
- Líonrú
- Caidrimh a Fhorbairt
Eolas Breise
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí an leathanach ar a bhfuil comhairle faoi agallamh.
Chun an Creat Inniúlachta (leagan PDF nó leagan gnáth-théacs inrochtana) a íoslódail,
cliceáil ar an gcnaipe cuí thíos:
An tIonad Tacaíochta d’Iarrthóiri
Ceisteanna Coitianta
Braitheann fad an phróisis earcaíochta go príomha ar líon na n-iarratas a fhaightear ó iarrthóirí. Táthar ag súil go mbeidh an comórtas seo beo ar feadh dhá bhliain agus glacfar cur chuige bunaithe ar éileamh maidir le hearcaíocht. Dá bhrí sin, is féidir go dtabharfar cuireadh d’iarrthóirí chuig an gcéad chéim eile den phróiseas le linn na tréimhse sin. Beidh líon na n-iarrthóirí a fhaigheann cuireadh chuig aon chéim bunaithe ar líon na bhfolúntas atá aitheanta ag ranna. Is féidir go mbeidh líon éagsúil folúntas ar fáil in áiteanna éagsúla.
Tá roinnt folúntas i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair. Is féidir go líonfar folúntais bhreise le linn thréimhse an phainéil in áiteanna eile seachas na háiteanna thuas nó in áiteanna ina bhfuil gá le AOFanna atá líofa sa Ghaeilge. Chun briseadh síos ar líon na n-iarrthóirí a ceapadh sa ról seo le blianta beaga anuas a fheiceáil, féach ar ár n-achoimre ar cheapacháin de réir áite.