Cód Cleachtais um Rialáil na mBord Stáit
D'fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Cód Cleachtais leasaithe um rialáil na mbord stáit i mí Lúnasa 2016. Féach ar an téacs iomlán.
Dearadh an Cód Cleachtais leasaithe agus nuashonraithe um Rialáil na mBord Stáit (2016) chun a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí Stáit tráchtála agus neamh-thráchtála na caighdeáin is airde i dtaca leis an rialachas corparáideach. Tugann sé creat maidir le dea-chleachtas a chur i bhfeidhm agus tá sé mar aidhm aige forbairtí i dtaca le maoirseacht, riachtanais tuairiscithe agus baill de Bhoird a cheapadh a chur san áireamh. Tá an Cód bunaithe ar bhunphrionsabail an dea-chleachtais: cuntasacht, trédhearacacht, ionracas agus béim ar an gcaoi a n-éireoidh leis an eagraíocht ar bhealach inbhuanaitheach go fadtéarmach.
Tá an Cód Cleachtais nuashonraithe roinnte i gcáipéisí éagsúla, ina bhfuil an Príomhchód agus cáipéisí níos mionsonraithe ina leagtar amach riachtanais an Chóid mar seo a leanas:
- Cód Cleachtais um Rialáil na mBord Stáit [PDF]
- Riachtanais Ghnó agus Tuairiscithe Airgeadais [PDF]
- Treoir don Choiste Iniúchta agus Riosca [PDF]
- Tuarastal agus Aoisliúntas [PDF]
- Ceistneoir Féinmheasúnaithe don Bhord [PDF]
Maidir le comhlachtaí Stáit tráchtála is í an Litir maidir le hIonchais na bPáirtithe Leasmhara an comhaontú maoirseachta idir an Aire/Roinn chuí agus an comhlacht Stáit. Tá sampla de Litir maidir le hIonchais na bPáirtithe Leasmhara ar fáil anseo: Litir maidir le hIonchais na bPáirtithe Leasmhara [PDF].
Tá liosta de na hathruithe suntasacha a rinneadh ar Chód Cleachtais na bliana 2009 i gCód Cleachtais na bliana 2016.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Ní mór do bhaill de Bhoird na gComhlachtaí Stáit ráiteas a thabhairt gach bliain faoi aon leas inchláraithe atá acu nó ag céile nó leanbh (nó leanbh de chéile) dá gcuid a d’fhéadfadh tionchar a imirt orthu ina ndualgas nó agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Foilsíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athcóirithe na foirmeacha Ráitis Leasa. Tá tuilleadh sonraí faoi leas inchláraithe agus faoi obair an Choimisiúin ar fáil ag www.sipo.gov.ie