Ardoifigeach Feidhmiúcháin sa Státseirbhís 2026

Higher Executive Officer Header

Ardoifigeach
Feidhmiúcháin

Deis Nua ar Fáil

Tá daoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an díograis chuí acu chun glacadh le ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) á lorg ag an Státseirbhís anois. Thabharfadh an ról deis iontach do dhaoine cumasacha, díograiseacha, ar mhaith leo dul i ngleic le dúshláin nua, obair fhiúntach a dhéanamh agus difríocht a dhéanamh ar mhaithe le leas Stát agus mhuintir na hÉireann.

Tá an Státseirbhís tiomanta go hiomlán a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tá comórtas ar leith dóibh siúd ar mhaith leo iarratas a dhéanamh i nGaeilge á reáchtáil ag an am céanna leis an gcomórtas seo agus tá muid ag glacadh le hiarratais go dtí Déardaoin an 17 Meán Fómhair 2026. Bainfidh muid úsáid as an gcomórtas d’Ardoifigigh Feidhmiúcháin atá Líofa sa Ghaeilge chun folúntais a thagann chun cinn ina mbeadh ar bhaill foirne réimse iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge a líonadh.




Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Tabharfaidh iarrthóirí a n-éiríonn leo treoir láidir d’fhoirne, tabharfaidh siad treoir ghinearálta, spreagfaidh siad daoine eile agus tabharfaidh siad tacaíocht maidir le hardfheidhmíocht agus feabhsú leanúnach a chur chun cinn. Ina theannta sin, forbróidh siad caidrimh oibre thairbheacha le comhghleacaithe, leis an lucht ardbhainistíochta agus le páirtithe leasmhara chun soláthar éifeachtach ilréimsiúil a éascú.

Mar chuid den ról, beidh ar AOFanna éilimh chomhsháraitheacha a bhainistiú ar bhealach éifeachtach agus obair a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta i dtimpeallachtaí a bhíonn ag athrú de shíor chun cloí le spriocdhátaí dochta.

Léigh Tuilleadh Faoin Ról Seo

Higher Executive Officer Irish

Ardoifigeach Feidhmiúcháin
(Líofacht sa Ghaeilge)

Tá daoine ar féidir leo cothromaíocht a aimsiú idir ceannaireacht oibríochta agus scileanna láidre anailíse, breithiúnas stuama agus tiomantas soiléir do luachanna seirbhíse poiblí ag teastáil i ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) atá Líofa sa Ghaeilge. Tá iarrthóirí atá líofa sa Ghaeilge agus ar féidir leo tabhairt faoi na dualgais ar fad a thugtar dóibh trí Ghaeilge ag teastáil sa ról, ach is féidir nach mbeidh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ag obair trí Ghaeilge go lánaimseartha, ag brath ar an ngnó a dhéanann an roinn fostaithe.

Meánbhainisteoirí a bhfuil taithí acu is ea AOFanna agus bíonn ról lárnach acu maidir le foirne a threorú, soláthar a bhainistiú agus tacú le tosaíochtaí roinne agus trasrialtais. Agus iad ag obair faoi Phríomhoifigeach Cúnta, bíonn ról tábhachtach ag AOFanna maidir le polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm agus maidir le seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann.

Léigh Tuilleadh Faoin Ról Seo