Oifigeach Feidhmiúcháin 2022
Tá Oifigigh Fheidhmiúcháin á n-earcú againn faoi láthair do phoist ar fud na tíre sa státseirbhís. Beidh an deis agat mar Oifigeach Feidhmiúcháin a bheith ag obair ar thionscadail a chuideoidh le forbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann.
Má thaitníonn obair dhúshlánach leat agus má tá tú tiomanta do sheirbhís phoiblí a thabhairt, bheadh post mar Oifigeach Feidhmiúcháin an-oiriúnach duitse.
Is fostóir comhdheiseanna an tseirbhís phoiblí. Fáiltímid roimh iarratais ó iarrthóirí le cúlraí éagsúla. Aithnímid go ndéanann lucht saothair a léiríonn an pobal i gcoitinne obair dhearfach san áit oibre agus go gcuireann siad leis an obair a bhíonn ar siúl againn.
Faoin ról
Tá Oifigigh Fheidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn Rialtais agus tá réimse leathan dualgas i gceist maidir le feidhmeanna. Is é an post mar Oifigeach Feidhmiúcháin an leibhéal iontrála chuig bainistíocht shóisearach inmheánach sa Státseirbhís.
Saoire Bhliantúil: 23 Lá
Láthair: Ar fud na tíre
Dáta Oscailte: 12/05/2022
Dáta Dúnta: 3pm 02/06/2022
Ár nOifigigh Feidhmiúcháin
Próiseas Iarratais & Earcaíochta
Le cur isteach ar an gcomórtas seo, ní mór duit foirm iarratais ghairid a chomhlánú. Ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear, d’fhéadfadh roinnt nithe eile a bheith i gceist sa phróiseas roghnúcháin. Mar shampla, d’fhéadfadh na nithe seo a bheith
Ag gach céim den bpróiseas roghnúcháin gheobhaidh tú an t-eolas is déanaí faoi conas mar atá ag éirí leat. Gheobhaidh tú é seo trí do Bhord Teachtaireachtaí laistigh de do chuntas publicjobs.ie. Sa chás go n-éiríonn leat, cuirfear in iúl duit cad is gá duit a dhéanamh chun an chéad chéim eile sa chomórtas a chríochnú.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Céim 1
Cláraigh ar publicjobs.ie – cinntigh, le do thoil, do sheoladh ríomhphoist pearsanta a úsáid le gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat i rith an chomórtais ar fad.
Céim 2
Cliceáil Déan Iarratas ar Oifigeach Feidhmiúcháin 2022
Céim 3
Comhlánaigh an fhoirm iarratais roimh 3pm, Déardaoin, 2ú Meitheamh, 2022
Céim 4
Breathnaigh ar d’iarratas comhlánaithe faoin táb ‘M’Iarratais’ ar do phróifíl publicjobs.ie
Céim 5
Admháil go bhfuarthas d’iarratas – Ba chóir go bhfaighfeá admháil laistigh de 2 lá oibre ón dáta inar chuir tú d’iarratas isteach.
Céim 6
Céim a hAon Trialacha: Mí an Mheithimh 2022 Seolfar tuilleadh sonraí chuig boird teachtaireachtaí publicjobs na n-iarrthóirí i lár mhí an Mheithimh 2022.
Leabhrán Eolais
Ceisteanna Coitianta
Tá Oifigigh Fheidhmiúcháin fostaithe ar fud na Ranna/Oifigí Rialtais agus tá réimse leathan freagrachtaí feidhmiúcháin i gceist. Cé go mbíonn rudaí éagsúla ar siúl acu, de ghnáth bíonn Oifigigh Fheidhmiúcháin freagrach as daoine a bhainistiú agus torthaí a sholáthar agus bíonn siad dírithe go speisialta ar sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do chustaiméirí. D’fhéadfaí Oifigeach Feidhmiúcháin a chur isteach in aon Roinn Rialtais. D’fhéadfadh dualgais ar nós, taighde a dhéanamh agus moltaí a dhréachtú maidir le ceisteanna polasaí agus reachtaíocht agus feidhmiú mar bhainisteoir ar thionscadail straitéiseacha thábhachtacha, a bheith i gceist. Is féidir, freisin, go mbeidh tú ag déileáil go díreach leis an bpobal agus tú ag tacú le seirbhísí a chuireann an Státseirbhís ar fáil dóibh.
{slider 2. Cén áit is dóichí a bheidh mé ag obair, má éiríonn liom? ▾}Tá Oifigigh Fheidhmiúcháin fostaithe i Ranna/Oifigí Rialtais ar fud an Stáit. Ar d’fhoirm iarratais, tabharfar deis duit dhá láthair chontae in Éirinn a ainmniú inar mhaith leat a bheith ag obair nó a mbeifeá ar fáil chun obair iontu, sa chás go n-éiríonn leat.
{slider 3. Cad é an tuarastal tosaigh? ▾}Is é €31,698 an tuarastal tosaigh don phost seo. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé seo a bheith difriúil. Is féidir eolas breise a fháil sa Leabhrán Eolais.
{slider 4. Conas a dhéanfaidh mé iarratas? ▾}Ar dtús, ní mór duit cuntas publicjobs a chur ar bun. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar www.publicjobs.ie Nuair a bhíonn tú cláraithe, tá foirm iarratais ghairid nach mór duit a chomhlánú. Beidh cuid de seo comhlánaithe cheana féin leis an eolas a chuir tú ar fáil agus do phróifíl.
{slider 5. Inrochtaineacht agus Socruithe Réasúnta – má bhíonn cuidiú de dhíth orm? ▾}
Tá ról tábhachtach ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le hiarrthóirí ó gach carn den tsochaí a mhealladh agus maidir lena chinntiú go bhfuil rochtain ag duine a bhfuil suim acu i ndeiseanna gairme ar na deiseanna sin. Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna do gach iarrthóir.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá cóiríocht réasúnta ag teastáil uait le linn an phróisis roghnaithe, molaimid go láidir duit é sin a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfaigheann tú an tacaíocht ata de dhíth ort.
Is éard atá i gceist le cóiríocht réasúnta inár bpróiseas roghnaithe ná socruithe agus athruithe praiticiúla a dhéantar chun a chinntiú go bhfuil an deis chéanna ag iarrthóir faoi mhíchumas agus atá ag gach iarrthóir eile. Maidir leis na socruithe a chuirimid ar fáil, tá na socruithe seo a leanas i gceist: teicneolaíocht chúnta, am sa bhreis, scríobhaithe agus/nó léitheoirí agus réimse de shocruithe eile.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá socruithe ag teastáil uait, bí cinnte nach mbeidh tionchar aige sin ar do dhul chun cinn sa phróiseas roghnaithe; ní bheidh tú faoi mhíbhuntáiste má thugann tú eolas dúinn faoin míchumas atá ort nó faoi na socruithe atá de dhíth ort. Coinneoimid eolas faoin míchumas atá ort/faoi na socruithe atá de dhíth ort faoi rún daingean.
Má éiríonn leat, ní sheolafar eolas a thugann tú dúinn faoin míchumas atá ort ag an staid seo den phróiseas ar aghaidh chuig an roinn fostaíochta, ach amháin má iarrann tú orainn seo a dhéanamh.
Má chuir tú in iúl ar d’fhoirm iarratais/phróifíl go bhfuil cóiríocht réasúnta ag teastáil uait, cuir tuairisc ó shíceolaí/tuairisc leighis ar aghaidh chuig
Is é is cúis leis an tuairisc eolas a thabhairt don tSCP ionas gur féidir cóiríocht réasúnta a chur ar fáil más cuí. Maidir leis an eolas sna tuairiscí sin atá cabhrach dúinn, tá an t-eolas seo a leanas san áireamh: torthaí aon tástálacha diagnóiseacha a rinne do shíceoalí/dhochtúir, agus achoimre ón síceolaí/dochtúir ar mholtaí maidir le do riachtanais. Is féidir leat codanna de thuairiscí leighis/thuairiscí ó shíceolaí a cheilt (a bhaint amach) má cheapann tú go bhfuil siad íogair nó nach bhfuil gá leo.
TNí mór na tuairiscí seo a chur ar aghaidh chuig aonad na Seirbhísí Measúnaithe roimh am dúnta gnó ar an Déardaoin 31 Márta, 2022. Ní mór duit cóip scanta den tuairisc a sheoladh, trí mheán an ríomhphoist, chuig
Má rinne tú iarratas ar chomórtas cheana leis an tSCP agus má chuir tú tuairisc isteach, seol ríomhphost chuig
IMás mian leat plé a dhéanamh ar d’iarrthóireacht agus ar chóiríocht réasúnta ar féidir léi cabhrú leat le linn an phróisis earcaíochta, téigh i dteagmháil lenár dTacadóir Míchumais, Amanda Kavanagh ag
Ní mór d’Iarrthóirí Incháilithe:
- (a) A bheith ina s(h)aoránach den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE). Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua tíortha an LEE; nó
- (b) A bheith ina s(h)aoránach den Ríocht Aontaithe (RA); nó
- (c) A bheith ina s(h)aoránach den Eilvéis, de réir an chomhaontaithe idir an AE agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó
- (d) A bheith ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina c(h)éile nó ina p(h)áiste de chuid saoránach LEE nó saoránach Eilvéiseach agus a bhfuil víosa stampa 4 acu; nó
- (e) A bheith ina dhuine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh de réir an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, nó baill teaghlaigh a bhfuil sé de cheart acu fanacht sa Stát de thoradh athaontaithe teaghlaigh agus a bhfuil víosa stampa 4 acu; nó
- (f) A bheith ina s(h)aoránach neamh-LEE, atá ina t(h)uismitheoir de chuid páiste atá ina s(h)aoránach LEE agus a bhfuil cónaí orthu i mballstát de chuid an LEE nó san Eilvéis agus a bhfuil víosa stampa 4 acu
Le bheith i dteideal, ní mór d’iarrthóirí ceann amháin de na critéir saoránachta thuas a chomhlíonadh roimh an dáta a ndéantar tairiscint ar phost ar bith.
Ba chóir duit féachaint ar an Leabhrán Eolais le teacht ar na riachtainais cháilitheachta uilig.
{slider 7. Cad iad na difríochtaí idir na critéir do Phoist Idir-Rannacha, Oscailte agus Ghaeilge? ▾}Is le haghaidh daoine atá ag obair cheana féin mar státseirbhísigh an sruth Idir-rannach agus is do dhaoine nach bhfuil ag obair sa Státseirbhís an sruth Oscailte.
Is do dhaoine a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge poist Ghaeilge.
{slider 8. An bhfuilim cáilithe do na sruthanna Idir-rannacha agus Oscailte araon? ▾}
Le bheith cáilithe don sruth Idir-rannach, ní mór duit a bheith ag obair faoi láthair mar státseirbhíseach ar feadh dhá bhliain faoin dáta deiridh d’iarratas. Le bheith cáilithe don sruth Oscailte, caithfidh tú cáilíochtaí áirithe, atá sonraithe sa Leabhrán Eolais, a bheith agat.
{slider 9. Cad iad na céimeanna atá sa phróiseas roghnúcháin? ▾}
Úsáidimid roinnt bealaí éagsúla chun na hiarrthóirí is oiriúnaí a aimsiú do na poist atá ar fáil. Beidh míreanna éagsúla sa phróiseas roghnúcháin a bhaineann leis an gcomórtas d’Oifigeach Feidhmiúcháin. Is féidir go mbeidh cuid díobh seo a leanas san áireamh:
- Ceistneoir Measúnaithe ar líne a chomhlánú;
- Triail nó trialacha ar líne agus/nó bunaithe ar pháipéar;
- Gearrliostú;
- Agallamh físeáin ar líne
- Trialacha teanga (labhartha agus/nó scríofa);
- Agalla(i)mh Iomaíoch(a);
- Cur i láthair/Anailís;
- Triail shamplach oibre nó aon tástálacha nó cleachtaí eile a mheastar a bheith cuí.
Measaimid go mbeidh an chéad phainéal ón gcomórtas seo ullamh i mí na Meán Fómhair agus go dtosófar ar cheapacháin a dhéanamh ag an tráth sin.
{slider 11. Cé chomh fada a bheidh feidhm ag an gcomórtas/cén uair a rachaidh sé in éag? ▾}
Ní mheastar go ndéanfar aon cheapacháin ón gcomórtas seo i ndiaidh mhí an Mheithimh 2024.
{slider 12. Cad a tharlóidh mura mbím ar fáil chun freastal ar chéim den phróiseas earcaíochta? ▾}
Ní féidir iarratais ar athsceidealú a bhreithniú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla a mheasaimid a bheith inghlactha (m.sh., duine muinteartha ag fáil bháis/nó tinneas). Déanfar aon iarrthóirí, a gceadaítear athsceidealú dóibh, a phróiseáil sa chéad ghrúpa eile iarrthóírí a mbeidh cuireadh chun tástála/agallaimh á thabhairt dóibh. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Leabhrán Eolais.
Ní mór iarratais a sheoladh chuig
{slider 13. Conas a dhéanfar an t-agallamh a reáchtáil i bhfianaise Covid-19? ▾}
Reáchtáilfear na hagallaimh ó chian, trí ghlao físe chugat sa bhaile mar a mbeidh tú compordach. Beidh an fhoireann earcaíochta i dteagmháil leat roimh d’agallamh leis na sonraí ar fad, do chuid sonraí chun logáil isteach don nglao físe san áireamh. Má bhíonn aon deacracht agat ag logáil isteach don ghlao, cuir ríomhphost, le do thoil, chuig an fhoireann earcaíochta ag
Is féidir leat teacht ar ár leideanna faoi Agallamh Físe ach cliceáil anseo
{slider 14. Cad a chiallaíonn ‘fostóir comhdheiseanna’ ?▾}Is fostóir comhdheiseanna an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ciallaíonn sé seo go bhfáiltímid roimh iarratais ó iarrthóirí ó chúlraí éagsúla. Aithnímid freisin go gcuireann lucht saothair a léiríonn an pobal i gcoitinne leis an tseirbhís phoiblí ar bhealach dearfach. Agus go han-tabhachtach, ní dhéanaimid idirdhealú bunaithe ar aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015. Is mór againn iarratais ó iarrthóirí a bhfuil aoiseanna, cumais, féiniúlachtaí inscne, eitneachtaí, cneasdathanna agus gnéaschlaonadh éagsúla acu. Aithnímid go mbeidh prionsabail éagsúla reiligiúnacha agus neamhreiligiúnacha ag iarrthóirí. Aithnímid freisin go mbeidh cúlraí socheacnamaíocha agus stádas sibhialta éagsúla ag iarrthóirí agus go bhféadfadh athrú a theacht ar a gcuid dualgas cúramóra agus a gcuid cúraimí teaghlaigh.
{slider 15. Cén tionchar a bheidh ag Covid-19 ar mo bhealach oibre, sa chás go n-éiríonn liom ag an Agallamh agus go nglacaim le post mar Oifigeach Feidhmiúcháin? ▾}
I ngeall ar Covid-19, tá bealaí oibre athraithe go mór – ón oifig go cianobair- d’fhonn sábháilteacht na ndaoine ar fad atá ag obair ar fud na Státseirbhíse a chinntiú. Sa chás go n-éireoidh leat sa chomórtas, toisc gur Roghafhostóir an Státseirbhís faoin gClár don Rialtas, tá deiseanna le haghaidh chianoibre d’fhostaithe á n-iniúchadh againn.
{slider 16. An féidir liom m’iarratas a tharraingt siar? ▾}
Is féidir leat d’iarratas a tharraingt siar ag pointe ar bith i rith an phróisis. Níl le déanamh agat ach ríomhphost a sheoladh chuig
{slider 17. An bhfuil sibh ar na meáin shóisialta?▾}
An bhfuil ceist agat nár fhreagraíomar? Is féidir leat teachtaireacht a sheoladh chugainn ar na meáin shóisialta, nó seol ríomhphost chugainn ag
Ár gConairí Gairme >
Ár bPróiseas Earcaíochta >
Ceisteanna Coitianta >
Ce a-Earcaimid >







