Sa timpeallacht ina bhfuilimid faoi láthair, tá an teicneolaíocht chun tosaigh ní hamháin inár mbealaí oibre ach freisin chun an chéad jab eile sin a fháil!
Le roinnt blianta, tá réimse de theicneolaíochtaí nua agus ceannródaíocha, chun tacú le míreanna éagsúla dár bpróiseas earcaíochta, á scrúdú agus á úsáid ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ina measc seo, tá cineálach éagsúla agallamh ‘físbhunaithe’ ar féidir iad a reáchtáil trí úsáid a bhaint as do ghuthán, as táibléad nó as do ríomhaire glúine/Ríomhaire Pearsanta.
Tá achoimre tugtha thíos den dá phríomhchineál agallaimh ‘físbhunaithe’ atá á úsáid againn mar aon le roinnt leideanna praiticiúla le cuidú leat chun rudaí a chur i bhfearas agus chun do dhícheall a dhéanamh le linn d’agallaimh.
Sa chás seo, in áit na hagallóirí a fheiceáil ar an scáileán, feicfidh tú ceisteanna á gcur i láthair ar an scáileán agus iarrfar ort tú féin a thaifeadadh ag freagairt na gceisteanna ar leith. Tabharfar ceisteanna samplacha duit ag an tús le cleachtadh a dhéanamh agus le heolas a chur ar an bpróiseas agus le go bhfeicfidh tú conas a mhothaíonn sé ‘labhairt leis an scáileán’. Nuair a bheidh tú ullamh, beidh tú in ann tús a chur leis an agallamh. Is fiú a thabhairt faoi deara go gcaithfidh tú gach freagra a chríochnú agus nach féidir leat dul siar agus aon fhreagra ‘a athdhéanamh’ nuair a bhíonn tús curtha agat leis an ‘agallamh dáiríre’. Nuair a bhíonn d’agallamh críochnaithe, déanfaidh ár mbaill den mbord agallaimh d’fhreagraí a athbhreithniú níos déanaí. Tá an fhormáid seo d’agallamh físe úsáidte againn i roinnt feachtas le 2 -3 bliain anuas agus, ar an iomlán, bhí na hiarrthóirí sásta leis an scéal mar fuair siad an córas éasca a úsáid.
Tá an próiseas an-chosúil le gnáthagallamh beo agus chomh luath agus atá tú istigh ar an nglao beidh tú ábalta baill an bhoird agallaimh a fheiceáil agus beidh siadsan ábalta tusa a fheiceáil. Cuirfidh siad ceisteanna ort agus cuirfidh siad aithne ort mar a dhéanfadh siad i ngnáthagallamh aghaidh ar aghaidh. Ag deireadh an agallaimh, iarrfar ort ‘Imeacht’ agus fanfaidh an bord agallaimh go dtí go mbeidh tú imithe roimh dhul ar aghaidh. Má bhíonn deacracht agat imeacht, cabhróidh ár nIonadaí ar an mbord agallaimh leat.
Is féidir scanradh a bheith ag baint le hagallaimh, an lá is fearr a bhíonn siad, agus is ar ullmhúchán atá an rath bunaithe. Tá roinnt leideanna an-úsáideacha faoi ullmhú d’Agallaimh againn cheana féin ar ár Leathanach Comhairle faoi Agallamh. Freisin, b’fhéidir go mbeadh an t-eolas thíos ina chúnamh duit agus tú ag ullmhu d’Agallamh Físe.
Cé go mbeidh tú suite go compordach sa bhaile, cabhraíonn sé le go leor daoine iad féin a ghléasadh mar a dhéanfadh siad d’agallamh aghaidh ar aghaidh. Cabhraíonn sé leat díriú go hiomlán ar a bhfuil idir lámha agat.
Tá nithe ar nós féachaint sa tsúil agus iompar an choirp chomh tábhachtach céanna d’agallamh físe agus atá d’agallamh aghaidh ar aghaidh.
Mar a bhíonn le haon agallamh, tá sé tábhachtach a bheith chomh hullamh agus is féidir. Cé go bhfuiltear á úsáid níos forleithne anois, d’fhéadfá a mhothú go bhfuil agallamh físe cineál aisteach ar dtús. Comhairlítear duit, go háirithe d’Agallaimh Físe Uathoibrithe, cleachtadh a dhéanamh trí thaifeadadh a dhéanamh ort féin ag labhairt isteach i gceamara.
Ba chóir go gcabhródh seo leat le bheith níos mó ar do chompord agus an fíor-agallamh á thaifeadadh. Tuigimid gur féidir leis na bealaí nua seo a bheith scanrúil. Dá bhrí sin, ná bíodh aon amhras ort ach nach bhfuil ar intinn ag an mbord le linn d’agallaimh ach a bhfuil le rá agat agus d’oiriúnacht don phost. Níl siad i mbun measúnú a dhéanamh ar cé chomh compordach agus atá tú ar ceamara.
Ta an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas i rith an phróiseas roghnaithe. Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat eolas a roinnt a chreideann tú a chuideodh leat do dhícheall a dhéanamh le linn d’agallaimh físe, déan teagmháil, le do thoil, leis an aonad earcaíochta cuí atá ag bainistiú an fheachtais nó lenár gCosantóir Míchumais le do riachtanais a phlé.
Tabhair do d’aire, le do thoil: Cuirfidh an tSeirbhís um Cheapachain Phoiblí níos mó eolais ar fáil maidir le próiseas d’agallaimh roimh ré.
Go n-éirí leat!