Ardán Earcaíochta
new look recruitment solution header

Ardán
Earcaíochta
Nua

Ardán
Earcaíochta
Nua

In poistphoiblí, tá muid ag bogadh chuig ardán earcaíochta nua chun cur lenár seirbhísí agus chun taithí na n-iarrthóirí a fheabhsú.

Rollfar an t-ardán nua amach ar dtús ar bhonn céimnithe do roinnt comórtas earcaíochta ar leith, sula rollfar amach é do gach comórtas.

Agus muid ag bogadh chuig an ardán nua, tabharfaidh tú athruithe faoi deara i gcuid dár seirbhísí, an próiseas iarratais san áireamh. Bheimis buíoch dá bhféadfá a bheith tuisceanach agus bheimis buíoch as do chomhoibriú agus na hathruithe seo á gcur i bhfeidhm againn, agus déanfaidh muid ár ndícheall an t-eolas cuí uilig a roinnt leat. Má tá aon cheist agat, is féidir leat dul i dteagmháil linn.

Tá poistphoiblí ag obair i gcomhar le comhlacht bogearraí earcaíochta, Oleeo, a bhfuil ár n-ardán earcaíochta nua á sholáthar acu.