Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Ár gConairí Gairme

 

Tá an Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí san Earnáil Phoiblí. Is é ról na Státseirbhíse tacaíocht a thabhairt do rialtas an lae chun a pholasaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, sa bhaile agus thar lear. Tá réimse mór deiseanna ar fáil do dhaoine ar mhaith leo gairm sa Státseirbhís. Agus tú ag obair sa Státseirbhís, cuirfear deiseanna ar fáil duit obair a dhéanamh ar thionscnaimh a chabhraíonn le hÉirinn dul i ngleic leis na dúshláin a thagann chun cinn i ndomhan a bhíonn ag síorathrú, m.sh. i réimse an dlí, trí bhainistíocht a dhéanamh ar an ngeilleagar, nó trí sheirbhísí poiblí a nuálú. Is conair ghairme oiriúnach í seo do dhaoine ar mhaith leo freastal ar mhuintir na hÉireann.  

Is lucht saothair ionchuimsitheach ina bhfuil éagsúlacht le brath é lucht saothair na Státseirbhíse, agus bíonn deiseanna ann i gcónaí dul chun cinn a dhéanamh agus scileanna a fhoghlaim agus a fhorbairt. Tá róil éagsula againn atá oiriúnach d’fhágálaithe scoile, do chéimithe ollscoile agus do ghairmeacha a bhfuil leibhéil éagsúla scileanna agus taithí acu. Ina measc siúd, tá gráid ghinearálta, m.sh. Oifigeach Cléireachais, Oifigeach Feidhmiúcháin agus Oifigeach Riaracháin agus róil speisialtachta, m.sh. Innealtóir, Eacnamaí nó Anailísí Polasaithe.

Eolas faoi na buntáistí

Ní hamháin go bhfuil poist spreagúla ar fáil, tá buntáistí móra ag baint le bheith ag obair sa Státseirbhís chomh maith!  Féach ar chuid de na buntáistí thíos:

 
Dark Grey circle with Book Icon

Timpeallacht Oibre Dhinimiciúil: Cuireann muid timpeallacht oibre dhinimiciúil oibre ar fáil inar féidir leat a bheith páirteach in obair shuimiúil ón tús.  Ní hamháin sin ach beidh deis agat obair a dhéanamh a chabhraíonn leis an bpobal i gcoitinne.

 
Yellow Cicrle with an icon of an eye

Foghlaim agus Forbairt: Cuireann gairm sa Státseirbhís deiseanna leanúnacha foghlama agus forbartha ar fáil.  Is féidir leat tabhairt faoi thionscnaimh éagsúla foghlama agus forbartha a chuireann ar do chumas do scileanna agus do ghairm sa Státseirbhís a fheabhsú.

 
Green circle with an Icon of a Clock

Éagsúlacht: Aithníonn muid agus tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le lucht saothair a mhealladh atá freagrúil, sochaideartha, acmhainneach agus machnamhach maidir leis na pobail ar a bhfreastalaíonn sé.  Ní dhéanann muid leithcheal atá bunaithe ar ghnéas, stádas pósta, stádas clainne, chlaonadh gnéis, chreideamh, mhíchumas, chine, nó bhallraíocht sa Lucht Siúil. 

 
Blue Cicrle with an Icon of a Page

Socruithe Solúbtha Oibre: Ag brath ar an gcineál oibre atá i gceist, cuireann roinnt oifigí Uaireanta Oibre Solúbtha, socruithe Postroinnte, socruithe pro-rata do Bhliain Oibre Níos Giorra nó deiseanna maidir le sosanna gairme ar fáil.

 
Dark Pink Circle with an icon of a Magnifying Glass

Difríocht a Dhéanamh: Cur le hobair fhiúntach ag a mbíonn tionchar díreach ar an tsochaí agus ar shaoránaigh.

 

 

Conairí Gairme sa Státseirbhís

Buail le daoine a oibríonn i státseirbhís na hÉireann agus a chuireann seirbhísí tábhachtacha ar fáil do mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Tosaíonn cuid mhaith acu a ngairm sa státseirbhís i bpoist ag leibhéal iontrála agus téann siad ar aghaidh chuig róil níos sinsearaí.

 

Struchtúr na nGrád sa Státseirbhís

Tosaíonn daoine i ngráid éagsula sa Státseirbhís, ag brath ar an leibhéal oideachais, scileanna agus taithí atá acu. Ar an dréimire gairme, tá róil riaracháin ghinearálta, m.sh. Oifigeach Cléireachais sealadach nó buan, deiseanna do chéimithe, m.sh. Oifigeach Feidhmiúcháin nó Riaracháin, agus róil ardbhainistíochta agus cheannaireachta straitéisí. Tugann an ghrafaic faisnéise thíos léargas ar Struchtúr na nGrád sa Státseirbhís agus ar chonairí gairme atá ar fáil inti. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hinnniúlachtaí atá riachtanach do chuid de na róil sa Státseirbhís, féach ar Creat Inniúlachta na Státseirbhíse.