Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Comhairle faoi Iarratais

Grianghraf dubh agus bán d’fhear a bhfuil Spéaclaí air ag féachaint ar fhoirm Iarratais ar Ríomhaire Glúine le boscaí daite forleagtha ar an ngrianghraf

 

Deartar staid iarratais ár bpróisis earcaíochta chun cabhrú leat na scileanna agus an taithí atá agat a chomhlíonann na critéir don ról a léiriú dúinn. Tá sé tábhachtach eolas cruinn a thabhairt agus a léiriú cén fáth a mbeifeá oiriúnach don ról a bhful tú ag cur isteach air. Tá sé riachtanach go léann tú Leabhrán Eolais an Chomórtais ina iomláine chun tuiscint a fháil ar riachtanais an róil, ar na critéir cháilitheachta agus ar an bpróiseas iarratais.



Leideanna faoi Iarratais

Dark Grey circle with Book Icon

Léigh an Leabhrán Eolais: Sula gcuireann tú tús le d’fhoirm iarratais, léigh an Leabhrán Eolais chun a chinntiú go bhfuil riachtanais agus dualgais an róil léite agat, lena n-áirítear riachtanais oideachais, chun a chinntiú go bhfuil tú cáilithe chun iarratas a chur isteach ar an ról.



Yellow Cicrle with an icon of an eye

Léigh an Fhoirm Iarratais: Léigh gach ceist ar an bhfoirm iarratais go cúramach agus bí cinnte go dtugann tú freagra ar gach ceist, na fo-cheisteanna san áireamh. Bí cinnte chomh maith go gcloíonn tú le haon teorainn focal atá i bhfeidhm.



Blue Cicrle with an Icon of a Page

Tabhair Samplaí a bhaineann leis na hInniúlachtaí: Deartar an fhoirm iarratais chun deis a thabhairt duit na scileanna agus an taithí atá agat a léiriú dúinn. Tá sé tábhachtach eolas cruinn a thabhairt agus a léiriú cén fáth a mbeifeá oiriúnach don ról a bhfuil tú ag cur isteach air.



Green circle with an Icon of a Clock

Glac do chuid Ama:: Tá sé tábhachtach dáta dúnta an chomórtais a thabhairt faoi deara agus dóthain ama a thabhairt duit féin na foirmeacha iarratais a líonadh isteach. 



Dark Pink Circle with an icon of a Magnifying Glass

 Coimeád Súil ar an Litriú agus ar an nGramadach: Tabhair dóthain ama duit féin chun léamh profaí a dhéanamh ar an iarratas agus chun earráidí litrithe nó gramadaí a aimsiú.



Purple Circle with an icon of a Monitor with a Floppy Disk icon and a tick on the screen

Sábháil D’Obair: Bí cinnte go dtugann tú freagra ar gach ceist ar an bhfoirm iarratais agus sábháil cóip di do do chuid taifead féin sula gcuireann tú isteach í. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an gcáipéis seo ag staid an agallaimh.





Ag Cur Tús le d’Iarratas

Toisc go bhfuil ár leideanna léite agat anois, tá tú réidh chun tús a chur le d’iarratas. Nuair a aimsíonn tú ról ar publicjobs.ie, beidh ort cuntas a chlárú ar publicjobs.ie ar dtús. Má tá cuntas agat cheana féin, bí ar an eolas gur féidir leat logáil isteach i dTairseach na nIarrthóirí.

Nuair atá tú logáilte isteach i do chuntas, is féidir leat cuardach a dhéanamh don ról ar mhaith leat cur isteach air agus clicéail ar an gcnaipe ‘Cur Iarratas Isteach’. Ag brath ar an ról a bhfuil tú ag cur isteach air, is féidir go n-iarrfar ort Gnáthfhoirm Iarratais agus Foirm Iarratais Mhionsonraithe a chomhlíonadh.

 

Céim 1 – Gnáthfhoirm Iarratais:

Cliceáil ar an bhFoirm Iarratais ar Líne agus cuirfear na sonraí ó do chlárú próifíle isteach san fhoirm go huathoibríoch. Chomh luath agus a chomhlíonann tú an fhoirm, cliceáil ‘Lean ar Aghaidh’. Seolfar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú, ag dearbhú go bhfuarthas d’iarratas taobh istigh de chúpla uair an chloig ón am ar chuir tú d’iarratas isteach.

 

Céim 2 – Foirm Iarratais Mhionsonraithe:

Má tá Foirm Iarratais PDF ann, beidh ort an fhoirm a íoslódáil agus a chomhlíonadh. Má tá deacracht agat agus tú ag iarraidh an fhoirm PDF a íoslódáil nó a oscailt, féach ar C1.4 sna Ceisteanna Coitianta atá ar fáil leathanach ar a bhfuil ár gCeisteanna Coitianta.

Nuair a chomhlíonann tú agus nuair a shábhálann tú an fhoirm iarratais, ba chóir duit dul ar ais chuig fógra an phoist agus comhlíon an Fhoirm Iarratais ar Líne. Nuair atá an Fhoirm Iarratais ar Líne comhlíonta agat, cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh’. Iarrfar ort ansin an Fhoirm Iarratais PDF atá ceangailte a chomhlíonadh. Seolfar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú, ag dearbhú go bhfuarthas d’iarratas taobh istigh de chúpla uair an chloig ón am ar chuir tú d’iarratas isteach.


An gcaithfidh tú CV a chur isteach le d’Iarratas?

Ní chaithfidh, ach amháin má chuirtear in iúl sa Leabhrán Eolais go bhfuil CV riachtanach, de ghnáth do róil an-sinsearach amháin nó do róil teicniúla ar leith. Tar éis duit d’iarratas a chur isteach, is féidir leat do CV a cheangal sa rannán ‘Ceangaltán Iarratais’.

 

Iarratas a Nuashonrú

Is féidir leat d’iarratas a nuashonrú mura bhfuil an dáta dúnta imithe cheana. Má theastaíonn uait d’fhoirm iarratais mhionsonraithe a nuashonrú:

  • Logail isteach ar do phróifíl ar publicjobs.ie agus cliceáil ar M’iarratais.
  • Feicfidh tú d’iarratas sa rannán ‘M’iarratais’ ina bhfuil iarratais do chomórtais atá fós beo.
  • Cliceáil ar an nasc don Ghnáthfhoirm Iarratais ar Líne agus déan aon athrú is gá ar an bhfoirm.
  • Cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh’ nuair atá na hathruithe déanta agat. Iarrfar ort ansin d’Fhoirm Iarratais a cheangal.
  • Cliceáil ar Cuir Iarratas Isteach.



Tabhair faoi deara, le do thoil: Más í an fhoirm iarratais PDF amháin is gá a nuashonrú, ní mór duit an nasc a chliceáil don Ghnáthfhoirm Iarratais ar Líne agus na céimeanna céanna a leanúint.



Iarratas a Tharraingt Siar

Is féidir leat iarratas a tharraingt siar roimh an dáta dúnta trí logáil isteach i do phróifíl agus cliceáil ar ‘M’iarratais’ agus an t-iarratas a tharraingt siar. Chun eolas a fháil faoin gCosaint Sonraí agus faoi chearta maidir le sonraí a scriosadh cliceáil anseo.



Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas Iarratais, cliceáil ar an leathanach ar bhfuil na Ceisteanna Coitianta .